Triaḃuin 2:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)22 Do ġoir tú mar buḋ a ló féusta mo ċriṫeagla timċioll fa ccuáirt, iondus naċ deaċaiḋ duine ar biṫ as agus nar ṁair áon a ló feirge an TIĠEARNA: do ḋíoḃáiġ mo náṁuid an drong do oil mé agus ṫug me súas. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus na ḋiáiġ sin, a deir an TIĠEARNA, seaċóduiġ mé Sedeciah ríġ Iúdah, agus a ṡeirḃísiġ, agus na daoine, agus an ṁéid do fágḃaḋ annsa ċaṫruiġsi ón bpláiġ, ón cclóiḋeaṁ, agus ón ġorta, a láiṁ Nebuċad‐ressar ríġ na Babilóine, agus a láiṁ a náṁad, agus a láiṁ na ndaóine íarras a mbás: agus buáilfiḋ sé íad le fáoḃar an ċloiḋiṁ; ní ċoigeoluiḋ sé íad, ní mó ḃías truáiġe, nó trócaire aige ḋóiḃ.