Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 2:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Luiġid na daóine óga agus seana air an ttalaṁ annsna sráidiḃ: do ṫuiteadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga leis an ccloiḋeaṁ; do ṁarḃ tú íad a ló ṫfeirge; do ṁarḃ tú, agus níor ċoigil tú íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 2:21
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ar a naḋḃarsin ṫug sé orra ríġ na Caldea, noċ do ṁarḃ a ndáoine óga leis an ccloiḋeaṁ a ttiġ a sanctóra, agus ní raiḃ trúaiġe aige do ḋuine óg, nó do ṁaiġdin, dfior ḟoirfe, nó don tí do ċrom le háois: ṫug sé iona láiṁ uile íad.


Agus do cuireaḋ na litreaċa ar siuḃal le teaċdairiġiḃ ċum gaċ uile ṗroiḃinnse an ríġ, do scrios, de ṁarḃaḋ, agus do ḋíoṫlaiṫriuġáḋ, a nuile Iúduiġe, edir óg agus arsuiġ, ċlainn ḃig agus ṁná, a náon ló, eaḋon air an treas lá déag don dara ṁí déag, (noċ ar bí mí Adar), agus a néadáil dó ṫógḃail súas mar ċreiċ.


A nuáir ḃéid a ġéaga críon, brisfiġṫear amaċ íad: tiucfaid mná, agus cuirfid tré ṫeine íad: óir is daóine gau tuicsin ar biṫ íad: uimesin ní ḃí truáiġe ag an té do ċom íad dóiḃ, agus ní ṫaisbeanfa an té do ċrúṫaiġ íad faḃar ḋóiḃ.


Ar a naḋḃarsin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Féuċ, smaiċteoċa misi íad: muirfiġear na daóine óga ris an ccloiḋeaṁ; éugfuid a mic agus a ninġiona ré gorta:


Agus géaḃa mé ḋíoḃ féin fa ċéile, eaḋon na haiṫre agus na mic a naóinḟeaċt, a deir an TIĠEARNA: ní ḃía truáiġe agam, ní ċoigeola mé, ní ḋéan trócaire, aċt scriosfa mé íad.


Ar a naḋḃarsin seaċuid súas a cclann don ġorta, agus dóirt amaċ a ḃfuil lé neart an ċloiḋiṁ; agus folṁuiġṫear a mná fa na ccloinn, agus bídís na mbaintreaḃaċuiḃ; agus cuirṫear a ḃfir ċum báis; marḃṫar a ndaóine óga leis an ccloiḋeaṁ sau ccaṫ.


Agus na ḋiáiġ sin, a deir an TIĠEARNA, seaċóduiġ mé Sedeciah ríġ Iúdah, agus a ṡeirḃísiġ, agus na daoine, agus an ṁéid do fágḃaḋ annsa ċaṫruiġsi ón bpláiġ, ón cclóiḋeaṁ, agus ón ġorta, a láiṁ Nebuċad‐ressar ríġ na Babilóine, agus a láiṁ a náṁad, agus a láiṁ na ndaóine íarras a mbás: agus buáilfiḋ sé íad le fáoḃar an ċloiḋiṁ; ní ċoigeoluiḋ sé íad, ní mó ḃías truáiġe, nó trócaire aige ḋóiḃ.


Oír do ċúala misi gúṫ mar ṁnaoi ré nioḋnuiḃ, agus aṁuil goiṁ na mná ḃeirios a céidleanaḃ, gúṫ inġine Sion, noċ ċaóineas í féin, leaṫnuiġeas a láṁa, ġa raḋ, A ṫrúaiġe misi anois! óir atá manam coirṫe tres an luċd marḃṫa.


Is maille riot fós ḃrísfios mé na mbloḋuiḃ fear agus bean; agus is maille riot ḃrisfios mé na mbloḋuiḃ sean agus óg; agus is maille riot ḃrisfios mé na gcotċaiḃ an tógánaċ agus an cailín;


Uimesin atáim lán dfeirg an TIĠEARNA; atáim coirṫe do ḃeiṫ am ṫoċt: dóirtfiḋ mé amaċ í ar an cclainn a muiġ, agus ar oireaċtus na ndaóine óg a naóinḟeaċt: óir géuḃṫar an fear agus fós an ḃean, an táosta maille ris an tí ḃíos lán do láeṫiḃ.


Giḋeaḋ éistiġ re gúṫ an TIĠEARNA, siḃsi a ṁná, agus glacaḋ ḃur cclúas focal a ḃéil, agus múiniġ cáoineaḋ dá ḃur ninġeanuiḃ, agus gaċ áon dá ċoṁarsoin núallġúḃa.


Oír ṫáinic an bás súas ċum ar ḃfuinnéog, agus do ċuáiḋ sé a steaċ ann ar bpálásuiḃ, do ġearraḋ na cloinne amaċ ón tsráid, agus na ndaóine óg ó na sráidiḃ.


Do ṡaltair an TIĠEARNA síos mo ḋaoine cuṁaċtaċa uile ann mo lár: do ġoir sé oireaċtus am aġaiḋ do brúiġeaḋ mo ḋaóine óga: do ḃrúiġ an TIĠEARNA an ṁaiġdion, inġean Iúdah, aṁuil buḋ a númar fíona.


¶ Atá an TIĠEARNA ceart; óir do ċaṫuiġ misi a naḋuiġ a aiṫeantaḋ: éistiġ, íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ṗobal uile, agus féuċuiḋ mo ḋóbrón: do ċúadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga a mbraiġdionus.


Caóinid sliġṫe Ṡion, do ḃríġ naċ ttíg duine ar biṫ ċum a nféusta ṡollamonta: atáid a huile ġeataḋa uáigneaċ: osnuiġid a sagairt uile, atáid a maiġdiona píanta, agus atá sí féin a searḃus.


Do rinne an TIĠEARNA an ní do ṫionnscain sé; do ċoiṁlíon sé a bríaṫar noċ daiṫin sé annsna laéṫiḃ a nallód: do ṫeilg sé síos, agus níor ġaḃ truáiġe é: agus ṫug sé air do náṁuid gáirdiuġaḋ ós do ċionn, do ċuir sé aḋarc heasccarad súas.


Do ṡluig an Tiġearna súas uile áitreaḃṫaċa Iácob, ní ḋéarna sé truáiġe: do ṫeilg sé síos iona ḟeirg daingneaċa láidre inġine Iúdah; ṫug sé sios go taláṁ íad: do ṫruailliġ sé an rioġaċt agus a prionnsaḋa.


Dfoluiġ tú lé feirg, agus do ainlean tú sinn: do ṁarḃ tú, ní raiḃ truáiġe agad.


Laḃair re tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, truáilleoċa misi mo ṡanctóir, oirḋearcus ḃur neirtesi, fonn ḃur súl, agus an ní is trúaġ lé ḃur ccroiḋe; agus ḃur mic agus ḃur ninġeana noċ do ḟágaḃair tuitfid leis an ccloiḋeaṁ.


Uimesin, fa mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA; Go deiṁin, do ḃríġ gur ṡaluiġ tú mó ṡanctóir led uile neiṫiḃ aḋḟúaṫṁara, agus led uile ġráineaṁlaċtaiḃ, ar a naḋḃarsin laiġdeoċa misi ṫú mar an ccéadna; agus ní ċoigeola mo ṡúil, agus ní ḃiáiḋ truáiġe air biṫ agam.


Agus ní ċoigeola mo ṡúil ṫú, ní mó ḃías truáiġe agum: aċt cúiteoċa mé do ṡliġṫe riot, agus béid do ġraineaṁlaċda ann do lár: agus biáiḋ a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA.


Agus ní ċoigeoluid mo ṡúile, ní mó ḃías truáiġ agum: cúiteoċa mé riot do réir do ṡliġṫeaċ agus on ġráineaṁlaċta atá ann do lár; agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA noċ ḃuáilios siḃ.


Uimesin do ḋéana misi mar an cceadna ann mfeirg: ní ċoigeola mo ṡúil, ní mó ḃías truáiġe agum: agus bíoḋ go néiġfid am ċlúasaiḃ lé guṫ árd, ṫairis sin ní ċluinfiḋ mé íad.


Agus air mo ṡonsa fós, ní ċoigéola mo ṡúil, ní mó ḃías truáiġe agam, aċt cúiteoċa mé a sliġe air a cceannuiḃ.


Do ċuir mé an ṗláiġ ḃur measg do réir ġnáṫa na Hégipte: do ṁarḃ mé ḃur ndaóine óga ris an ccloiḋeaṁ, agus rug mé ḃur neiċ uáiḃ; agus ṫug mé air ḃréantas ḃur ḃfoslongṗort teaċt súas ċum ḃur bpolláireaḋ: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugam, a deir an TIĠEARNA.


Annsna laéṫiḃsin anḃfainnfid na maiġdiona breáġḋa agus na daóine óga lé tart.


Oír ní ḃiáiḋ truáiġe agamsa ní is mó dáitreaḃṫaċaiḃ na tíre, a deir an TIĠEARNA: aċt, féuċ, seaċoduiġ mé na daóine gaċ aon fa leiṫ a láiṁ a ċoṁarsan, agus a láiṁ a ríġ: agus buailfid síad an tír, agus ní ṡaórfa mé as a láiṁ íad.


Cineaḋ gá mbía gnúis ḃorb, naċ ḃféaċfuiḋ do ṗearsuinn ársuiġ, agus naċ ttaisbeanuiḋ faḃar don nóg:


An cloiḋioṁ amuiġ, agus an ċriṫeagla a stiġ, muirfid araon an duine óg agus an ṁaiġdion, an naoíḋe mar an gcéadna agus fear na gruáige léiṫe.


Agus do scriosadar go huiliḋe an ṁéid do ḃí sa gcaṫruiġ, idir ḟior agus ṁnáoi, óg agus ṡean, ḋaṁ, agus ċaoiriġ, agus assal, lé fáoḃar an ċloiḋiṁ.


Anois éiriġ agus buáil Amalec, agus léirscrios gaċ uile ní dá ḃfuil aca, agus na coigil íad; aċ marḃ an ḃean agus an fear, an leanaṁ agus naoiḋe na cíċ, an daṁ agus an ċáora, an cáṁall agus an tassal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ