Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 2:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Do ṡluig an Tiġearna súas uile áitreaḃṫaċa Iácob, ní ḋéarna sé truáiġe: do ṫeilg sé síos iona ḟeirg daingneaċa láidre inġine Iúdah; ṫug sé sios go taláṁ íad: do ṫruailliġ sé an rioġaċt agus a prionnsaḋa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 2:2
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Sátan, Nar ṁeas tú móglaċ Iób, naċ ḃfuil áon cosṁuil ris air an ttalaṁ, duine iomlán díreaċ, áon air a ḃfuil eagla Dé, agus ṡeaċnus olc? agus ċongṁus a iomláine go daingion a ccoṁnuiḋe, bíeḋ gur ċorruiḋ tusa misi na aġaiḋ, ḋá scrios gan aḋḃar.


Do ḋéana tú íad mar ḃácús tinntiġe a naimsir ṫfeirge: cnaóiḋfiḋ an TIĠEARNA iona ḟeirg íad, agus sluigfiḋ an teine íad.


Do ċuireadar an tsanctóir tre ṫeine go talaṁ, do ṫruáilliġeadar ionad coṁnuiḋe hanmasa.


Oír is lá buáiḋearṫa é, agus saltarṫa sios, agus lá doġrainne le Tiġearna Día na slóġ, a ngleann na fise, ag briseaḋ an ḃallaḋ síos, agus ag coṁairc ċum na slíaḃ.


Do ṫionnscuin TIĠEARNA na slóġ é, do ṫruailleaḋ úaḃair gaċ uile ġlóire, agus dó ṫaḃairt uile onóraċ na talṁan ċum tarcuisne.


Agus béarṫar síos daingion ṗuirt áird do ḃallaḋ, leagfuiġṫear go hísiol, agus béarṫar go lár, éaḋon go nuige an luáiṫreaḋ íad.


¶ Oír do ḃeir sé a núas an drong áitreaḃus go hárd; leagaiḋ sé síos go hísiol, an ċaṫair árd; leagaiḋ sé go hísiol í, eaḋon go nuige an ttalaṁ; do ḃeir sé fós go nuige an luáiṫreaḋ í.


A nuáir ḃéid a ġéaga críon, brisfiġṫear amaċ íad: tiucfaid mná, agus cuirfid tré ṫeine íad: óir is daóine gau tuicsin ar biṫ íad: uimesin ní ḃí truáiġe ag an té do ċom íad dóiḃ, agus ní ṫaisbeanfa an té do ċrúṫaiġ íad faḃar ḋóiḃ.


Unnesin do ṫruáilliġ mé prionnsaḋa na sanctóra, agus ṫug mé Iacob don ṁalluġaḋ, agus Israel do na scannlaċaiḃ.


Do ḃí misi feargaċ rem ṁuinntir, do ṫruáilliġ mé moiġreaċd, agus ṫug mé ad láiṁsi íad: níor ṫaisbeain tusa grása ar biṫ ḋóiḃ; ar an tseanóir do léig tú an ċuing go ro ṫrom.


Agus géaḃa mé ḋíoḃ féin fa ċéile, eaḋon na haiṫre agus na mic a naóinḟeaċt, a deir an TIĠEARNA: ní ḃía truáiġe agam, ní ċoigeola mé, ní ḋéan trócaire, aċt scriosfa mé íad.


Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé ar an ccaṫruiġsi agus air a bailtiḃ uile a nuile olc dár ḟúagair mé na haġaiḋ, do ḃríġ gur ċrúaḋuiġeadar a múinéil, ċor naċ ccluinfidís mó ḃríaṫra.


Agus na ḋiáiġ sin, a deir an TIĠEARNA, seaċóduiġ mé Sedeciah ríġ Iúdah, agus a ṡeirḃísiġ, agus na daoine, agus an ṁéid do fágḃaḋ annsa ċaṫruiġsi ón bpláiġ, ón cclóiḋeaṁ, agus ón ġorta, a láiṁ Nebuċad‐ressar ríġ na Babilóine, agus a láiṁ a náṁad, agus a láiṁ na ndaóine íarras a mbás: agus buáilfiḋ sé íad le fáoḃar an ċloiḋiṁ; ní ċoigeoluiḋ sé íad, ní mó ḃías truáiġe, nó trócaire aige ḋóiḃ.


¶ Imṫiġiḋ súas ar a ballaḋuiḃ, agus scriosuiḋ; aċt ná déanuiḋ crioċnuġaḋ iomlán: beanaiḋ a báirrdeaḃṫa ḋi; óir ní leis an TTIĠEARNA íad.


Do rinne an TIĠEARNA an ní do ṫionnscain sé; do ċoiṁlíon sé a bríaṫar noċ daiṫin sé annsna laéṫiḃ a nallód: do ṫeilg sé síos, agus níor ġaḃ truáiġe é: agus ṫug sé air do náṁuid gáirdiuġaḋ ós do ċionn, do ċuir sé aḋarc heasccarad súas.


Luiġid na daóine óga agus seana air an ttalaṁ annsna sráidiḃ: do ṫuiteadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga leis an ccloiḋeaṁ; do ṁarḃ tú íad a ló ṫfeirge; do ṁarḃ tú, agus níor ċoigil tú íad.


Do ḃí an TIĠEARNA mar náṁuid: do ṡluig sé súas Israel, do ṡluig sé súas a páláis uile: do scrios sé a daingneaċa láidre, agus do ṁéaduiġ sé a ninġin Iúdah dóbrón agus cuṁa.


Dfoluiġ tú lé feirg, agus do ainlean tú sinn: do ṁarḃ tú, ní raiḃ truáiġe agad.


Uimesin, fa mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA; Go deiṁin, do ḃríġ gur ṡaluiġ tú mó ṡanctóir led uile neiṫiḃ aḋḟúaṫṁara, agus led uile ġráineaṁlaċtaiḃ, ar a naḋḃarsin laiġdeoċa misi ṫú mar an ccéadna; agus ní ċoigeola mo ṡúil, agus ní ḃiáiḋ truáiġe air biṫ agam.


Agus ní ċoigeola mo ṡúil ṫú, ní mó ḃías truáiġe agum: aċt cúiteoċa mé do ṡliġṫe riot, agus béid do ġraineaṁlaċda ann do lár: agus biáiḋ a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA.


Agus ní ċoigeoluid mo ṡúile, ní mó ḃías truáiġ agum: cúiteoċa mé riot do réir do ṡliġṫeaċ agus on ġráineaṁlaċta atá ann do lár; agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA noċ ḃuáilios siḃ.


Uimesin do ḋéana misi mar an cceadna ann mfeirg: ní ċoigeola mo ṡúil, ní mó ḃías truáiġe agum: agus bíoḋ go néiġfid am ċlúasaiḃ lé guṫ árd, ṫairis sin ní ċluinfiḋ mé íad.


Agus air mo ṡonsa fós, ní ċoigéola mo ṡúil, ní mó ḃías truáiġe agam, aċt cúiteoċa mé a sliġe air a cceannuiḃ.


Agus tairreonga mé a níos do ġarráin as do lár; marsin scriosfa mé do ċaiṫreaċa.


An tionad a nabair Edom, Do boċtuiġeaḋ sinn, aċt fillfiom agus cuirfiom na háite fáis súas; is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Cuirfid síad súas, aċt teilgfiḋ misi síos; agus goirfid siad díoḃ, Teórann na hurċóide, agus, Na daóine a naġaiḋ a ḃfuil dioġaltas an TIĠEARNA a coṁnuiġe.


Agus a né nar ċoir ḋuitsi trócaire do déanaṁ ar do ċoiṁṡearḃḟoġantuiḋ féin, aṁail agus mar do rinne misi trócaire ortsa?


(Oir ar náirm coguiḋ ní féolṁar íad, aċ cúṁaċdaċ ó Ḋía, ċum daingneaċ do leagaḋ sios;)


Agus suiġfiḋ sé ad ḃun ann do uile ḋoirsiḃ, nó go mbristior síos do ḃalluiḋe árda daingne, ann ar ċuir tú do ḋóiġ, ar feaḋ do ċríċe: agus suiġfiḋ sé ad ḃun ann huile ḋoirsiḃ ar fad do ṫíre uile, noċ do ṫug do ṪIĠEARNA Día ḋuit.


Oir do haḋnaḋ teine amḟeirg, agus loiscfiḋ go hifrionn ioċdraċ, loiscfiḋ an taluṁ gona ṫoraḋ, agus cuirfiḋ tré ṫeiniḋ bunáitiġ na sliaḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ