18 Déiġ a ccroiḋe ċum an Tiġearna, ó a ḃalla inġine Ṡion, filedís déara síos aṁuil srúṫ a ló agus a noiḋċe: ná taḃair suáiṁneas ar biṫ ḋuit féin; ná coisgeaḋ rinn do ruisg.
Aċt muna néistiġe ris, caóiḋfiḋ manam a náitiḃ uáigneaċa ar son ḃur núaḃair; agus guilfid mo ṡúile go géur, agus riṫfid síos lé déoruiḃ, do ċionn tréada an TIĠEARNA do ḃreiṫ ar siuḃal a láiṁ.
¶ Uimesin déura tú an focalso ríu; Sildís mo ṡúile sios a ndéoruiḃ do ló agus doiḋċe, agus ná scuirdís: óir do briseaḋ maiġdion inġean mo ṁuinntire maille ré briseaḋ mór, lé buille ro niṁneaċ.
Oír do ċúala misi gúṫ mar ṁnaoi ré nioḋnuiḃ, agus aṁuil goiṁ na mná ḃeirios a céidleanaḃ, gúṫ inġine Sion, noċ ċaóineas í féin, leaṫnuiġeas a láṁa, ġa raḋ, A ṫrúaiġe misi anois! óir atá manam coirṫe tres an luċd marḃṫa.
Ar son na neiṫeannso caóiḋimsi; siliḋ mo ṡúil síos lé huisce, do ḃríġ go ḃfuil an caḃarṫaċ noċ do ḃéaraḋ caḃair dom anam a ḃfad uáin: atáid mo ċlann uáigneaċ, do ḃríġ go rug an náṁaid buáiḋ.
Guiliḋ sí go géar annsa noiḋċe, agus atá a deóra air a grúaḋuiḃ: a measc a háos gráḋa uile ní ḃfuil aon aice ċoṁḟurtuiġios í: do rinneadar a cáirde uile feall uirre, atáid síad na náṁaid aice.
Do ṫríall an TIĠEARNA ballaḋa inġine Sion do ṁilleaḋ: do ṡín sé doruḃa amaċ, níor ċonnaiṁ sé a láṁ ó aiḋṁilleaḋ: uimesin ṫug sé air an dídean agus air an mballa caói, do ċúadar a néagcrúas lé ċéile.
Agus níor ġoireadar orum le na ccroiḋe, an tan do núalladar orum iona leabuiḋ; do ċruinniġeadar íad féin ċum arḃa agus fíona, agus do níd cogaḋ am aġaiḋsi.