Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 2:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Do rinne an TIĠEARNA an ní do ṫionnscain sé; do ċoiṁlíon sé a bríaṫar noċ daiṫin sé annsna laéṫiḃ a nallód: do ṫeilg sé síos, agus níor ġaḃ truáiġe é: agus ṫug sé air do náṁuid gáirdiuġaḋ ós do ċionn, do ċuir sé aḋarc heasccarad súas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 2:17
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin géarrfa misi Israel amaċ as a ndúiṫċe noċ ṫug me ḋóiḃ; agus an tiġ so, do náoṁuiġ mé dom ainm, teilgfe mé as mo raḋarc é; agus biaiḋ Israel na ṡeanḟocal agus na ḟocal magaiḋ a measg a nuile ṗobal:


Beir breiṫeaṁnus orum, do réir ṫfíréuntaċda, ó a ṪIĠEARNA mo Ḋía; agus ná gáirdiġid ós mo ċionn.


Náiriġṫear agus claóiḋtear a néinḟeaċd an drong do ní gáirdiuġaḋ ann molc: éaduiġṫear íad lé himḋeargaḋ, agus neíṁonoir noċ ṁóruiġios íad féin am aġaiḋ.


Oír a duḃrus, Deagla go ndéindís gáirdeáċus orum: a núair ċorruiġċeas mo ċos, móruiġid íad féin am aġaíḋ.


Dárduiġ tú láṁ ḋeas a náṁad; do ġáirdiġ tú a naiṁde uile.


Do iompoiġis fós fáoḃar a ċloiḋiṁ tar ais, agus ní ṫugáis air seasaṁ annsa ċaṫ.


¶ Ná gáirdiġsi, uile a Ṗalestína, do ċionn gur briseaḋ slat an té do ḃuáil ṫu: óir tincfa cocaitrís amaċ as fréiṁ na naiṫreaċ niṁe, agus biáiḋ a ṫoirrċios na naiṫreaċ ṫeinntiġe eitealluiġ.


¶ Déana a nois ar a náḋḃarsin, láḃair ré fearuiḃ Iúdah, agus ré háitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is mar so a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ċum mé olc ann ḃur naġaiḋsi, agus do ṫionnscuin mé smuáintiġṫe ann ḃur naġaiḋ: filliḋ anois gaċ uile ḋuine aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus déanuiḋ ḃur sliġṫe agus ḃur ngníoṁa maiṫ.


Is uime so ċaóiḋfios an talaṁ, agus béid na neaṁa ṡúas dúḃ: do ḃríġ go ndúḃairt misi é, do ṫionnscuin mé é, agus ní buḋ haiṫreaċ liom, ní mó ḟillfiod ar mais úaḋ.


Anois ṫug an TIĠEARNA, agus do rinne sé do réir mar a dúḃairt sé: do ḃriġ gur ṗeacuiġeaḃair a naġaíḋ an TIĠEARNA, agus nár uṁluiġeaḃair dá ġúṫ, uimesin ṫáinic an níse oruiḃ.


A síad a naiṁde a húaċtaráin, rug a naiṁde biseaċ; óir do ċoiriġ an TIĠEARNA í do ḃríġ iomad a hégceirt: do ċúadar a clann a mbraiġdionas roiṁe a náṁaid.


Do ṫríall an TIĠEARNA ballaḋa inġine Sion do ṁilleaḋ: do ṡín sé doruḃa amaċ, níor ċonnaiṁ sé a láṁ ó aiḋṁilleaḋ: uimesin ṫug sé air an dídean agus air an mballa caói, do ċúadar a néagcrúas lé ċéile.


Dfoluiġ tú lé feirg, agus do ainlean tú sinn: do ṁarḃ tú, ní raiḃ truáiġe agad.


Do ċoiṁlíon an TIĠEARNA a ḋíḃḟearg; do ḋóirt sé amaċ a ḟearg ḃorb, agus do las sé teine ann Sion, agus do loisc sí a bunáite sin.


Uimesin, fa mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA; Go deiṁin, do ḃríġ gur ṡaluiġ tú mó ṡanctóir led uile neiṫiḃ aḋḟúaṫṁara, agus led uile ġráineaṁlaċtaiḃ, ar a naḋḃarsin laiġdeoċa misi ṫú mar an ccéadna; agus ní ċoigeola mo ṡúil, agus ní ḃiáiḋ truáiġe air biṫ agam.


Uimesin do ḋéana misi mar an cceadna ann mfeirg: ní ċoigeola mo ṡúil, ní mó ḃías truáiġe agum: agus bíoḋ go néiġfid am ċlúasaiḃ lé guṫ árd, ṫairis sin ní ċluinfiḋ mé íad.


Agus air mo ṡonsa fós, ní ċoigéola mo ṡúil, ní mó ḃías truáiġe agam, aċt cúiteoċa mé a sliġe air a cceannuiḃ.


Agus do ċoiṁlíon sé a ḃríaṫra, noċ do laḃair se ar naġaiḋ, agus a naġaiḋ ar mbreiṫeaṁan ṫug breiṫeaṁnus oruinn, lé taḃairt uilc ṁóir oruinn: óir ní déarnaḋ faói neaṁ go hiomlán aṁuil do rinneaḋ air Ierusalem.


Ar a naḋḃarsin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, a naġaiḋ na muinntirese tionscnuim olc, ó naċ áṫroċuiḋ siḃ ḃur muinéil; ní mó imṫeoċṫaói go ceannasaċ: oír is olc a naimsirsi.


¶ Scriosfa mé ṫríd amaċ a nuile ní ón talaṁ, a deir an TIĠEARNA.


Aċt naċ ar ġlacadar mo ḃríaṫrasa agus mo reaċda, noċ daiṫin mé dom ṡearḃḟoġantuiḃ na faíġe, greim da ḃur naiṫriḃse? agus dfilleadar agus a duḃradar, Aṁuil mar do ḃreaṫnuiġ TIĠEARNA na slóġ do ḋéanaṁ rinne, do reír ar sliġṫe, agus do réir ar ngnióṁ, is mar sin do rinne sé rinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ