Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 2:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 An ṁéid ġaḃus ṫort buáilid síad a láṁa as do ċoinnesi; do níd siad magaḋ agus croiṫid a ccinn air inġin Ierusalem, ag ráḋ, An í so an ċaṫair dá ngoirdís daóine Iomláine sgéiṁe. Agus sólás an doṁuin uile?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 2:15
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Asé so an focal do laḃair an TIĠEARNA ḋa ṫáoḃ; Do ṫarcuisniġ an ṁaiġdion inġean Ṡion ṫú, agus do ġáir go magaṁuil fúd; do ċroiṫ inġean Ierusalem a ceann ort.


Agus an tiġse, ata árd, biáiḋ sé na úaṫḃás ar gaċ uile ḋuine dá ngéaḃa seaċa ḋe; iondus go naibéora sé, Cred fa ndéarna an TIĠEARNA mar so ris an ttírsi, agus ris an ttiġse?


Agus atáim am scannail doiḃsion: a nuáir do ċíd mé croiṫid a gceann.


Gaċ a ḃfaicionn mé atáid ag magaḋ orum: iompóiġid amaċ a mbéul, croiṫid a cceann,


Is bréaġḋa a ṡuiġiuġaḋ, sólás na talṁan uile, cnoc Síon, taoiḃ an tuáisceirt, caṫair an Ríġ ṁóir.


Is aiṫnid Día ann a ṗálásuiḃ mar ḋídean.


Amaċ as Sion, do lonnruiġ Día, iomláine na sgéiṁe.


Agus do ḃéaraid fa deara a tteanga féin tuitim orra: teiṫfiġ gaċ duine ċífios íad.


Oír éireoċuiḋ an TIĠEARNA súas aṁuil a sliaḃ Perasim, biáiḋ sé feargaċ aṁuil do ḃí a ngleann Gíbeon, ċor go ndéana sé a obair, a obair iongantaċ; agus go ttiuḃra ċum críċe a ġníoṁ, a ġnioṁ iongantaċ.


Ag so an focal do laḃair an TIĠEARNA ḋá ṫáoḃ; Do ṫarcuisniġ, an ṁaiġdion, inġean Síon ṫú, agus do rad gáir ḟoċṁuide fúd; do ċroiṫ inġean Ierusalem a ceann ort.


Atá ar ttiġ náoṁṫa agus sgíaṁaċ, ar na losgaḋ uile re teine, áit ar ṁoladar ar naiṫre ṫusa; agus ar neiṫe sólásaċ uile ar na léirsgrios.


Do ḋéanaṁ a ndúiṫċe uáigneaċ, agus na sgige ḃioṫḃúan; biáiḋ gaċ áonduine dá ngéaḃa re na táoḃ lán diongnaḋ, agus croiṫfiḋ á ċeann.


Agus do ḋéana mé an ċaṫairsi uáigneaċ, agus na sgige; líġfiḋ gaċ nile ḋuine dá ngéaḃa ṫairis agus do ḋéana sé sgige do ḃríġ a huile ṗláġasan.


Mar atá Ierusalem, agus caiṫreaċa Iúdah, agus a ríġṫesin, agus a prionnsuiḋe, do ḋéanaṁ fásaiġ ḋíoḃ, agus úaṫḃáis, agus magaiḋ, agus malluiġṫe; mar atá a niuġ;


Féuċ, cuirfiḋ mé uáim agus glacfa mé muinnteara an tuáiscceirt uile, a deir an TIĠEARNA; agus Nebuċadressar ríġ na Babilóine, mo ṡeirḃíseaċ, agus do ḃéara mé a naġaíḋ na tírese íad, agus a naġaíḋ a háitreaḃṫaċ, agus a naġaíḋ na ccineaḋaċ so uile timċioll fa ccuáirt, agus scriosfuiḋ mé ṫríd amaċ íad, agus do ḋéana mé úaṫḃás díoḃ, agus sgige, agus fásaċ síorruiḋe.


Annsin do ḋéana misi an tiġse cosṁuil ré Síloh, agus do ḋéana mé an ċaṫairsi na malluġaḋ do uile ċineaḋaċuiḃ na talṁan.


Agus ainleanfuiḋ mé íad leis an ccloiḋeaṁ, leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, agus seaċoduiġ mé íad da mbreiṫ go huile rioġaċtuiḃ na tahnhan, dá mbeiṫ na malluġaḋ, na núaṫḃás, agus na magaḋ, agus na scannail a measg na nuile ċineaḋaċ ann ar ḋíbir mé íad.


Oír naċ raiḃ Israel na ṁagaḋ aguiḃsi? ar fríṫ é a measg ġaduiġṫe? óir ó nam far laḃair tú air, do ling tú le lúaṫġáir.


Agus biáiḋ an Ḃabilóin na cárnuiḃ, na háit ċoṁnuiḋe do ḋragúnaiḃ, agus na húaṫḃás, agus na sgige, gan áitreaḃaċ.


Do ċúaladar go nosnaġuimsi: ní ḃfuil duine ar biṫ dom ċoṁḟurtaċt: do ċúaladar mo naiṁde uile mo ṫrioblóid; atá lúaṫġáir orra do ḃríġ go ndéarna tú sin: do ḃéara tú an lá noċ dfuagair tú, agus béid siadsan cosṁuil riomsa.


Do ṗeacaiḋ Ierusalem go hiomarcaċ; uimesin atá si ar na háṫruġaḋ: an ṁéid do onóruiġ í tarcuisniġid í, do ḃríġ go ḃfacus a náire: a seaḋ, osnaġuiḋ sí, agus filliḋ síar ar a hais.


Dfoscladar do naiṁde uile a mbéul ad aġaiḋ: siosarnuid síad agus gíosanuid a ḃfíacla: a deirid síad, Do ṡluigeamar súas í: go deiṁin asé so an la lé raiḃ ar súil; fúaramar é, agus do ċoncamar é.


Agus rug sé as go hégiontaċ a ṫiġ, mar do ḃíaṫ aṁuil gáirdín: do sgrios sé aíte a ċoṁṫionnail: ṫug an TIĠEARNA fa deara na féustuign sollamonta agus an tsaóire do ḋearmad a Sion, agus do ṫarcuisniġ sé a tteas a ḟeirge an sagart agus an ríġ.


Marso do hóirneaḋ ṫú lé hór agus lé hairgiod; agus do ḃí héaḋaċ do líon ṁín, agus do ṡíoda, agus dobair ḃriódneireaċda; a duáiġ tú plúr mín, agus mil, agus olá: agus do ḃí tú ro sgíaṁaċ, agus ráinic tú ḃeiṫ ad rioġaċt.


Agus do ċuáiḋ do ċlú amaċ a measg na ngeinteaḋ air do sgéiṁ: óir do ḃí sé iomlán tré mo sgéiṁsi, noċ do ċuir mé ort, a deir an Tiġearna DIA.


Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ioḃa tú as cupán do ḋeirḃṡeaṫar go doṁain agus leaṫan: do ḋéantar gáire tarcuisneaċ iomad agus biáiḋ tú ad ṁagaḋ; is mór ṫuillios ann.


Oír is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur ḃúáil tú do láṁa, agus gur ṗreab tú led ċosaiḃ, agus gur ġáirdiġ tú a ccroiḋe maille re haingiḋeaċt a naġaiḋ ṫíre Israel;


Marsin biáiḋ sé na scannail agus na ṁagaḋ, na ṫeagasc agus na úaṫḃás do na cineaḋaċaiḃ atá ad ṫimċioll fa ccuáirt, a nuáir do ḋéanad breiṫeaṁnus ionnad a ḃfeirg agus a ccuṫaċ, agus a niomaiṫḃioruiḃ fíoċṁara. Misi an TIĠEARNA a duḃairt é.


¶ O a Ṫiġearna, do réir huile ḟíréantaċd, íarruim daṫċuinġe ort, filltear ar ais ṫfearg agus ṫfíoċṁaireaċd ó do ċaṫruiġ Ierusalem, do ṡlíaḃ náoṁṫa: do ḃríġ gurob ar son ar bpeacuiġne, agus ar son éigceart ar naiṫreaḋ, atá Ierusalem agus do ṗobal na scannail do nuile dá ḃfuil gaċa táoḃa ḋínn.


¶ Oír atá reaċt Omri ar na ċoiṁéad, agus uile oibreaċa ṫiġe Ahab, agus siuḃoluiġ siḃsi iona ccoṁairleaċaiḃ; ċor go ndéanuinnsi fásaċ ḋíot, agus magaḋ dá ḋúṫċusaiḃ: uimesin iomċorṫaói náire mo ṗobail.


Ní ḃfuil leiġios ar do lot; is niṁneaċ do ċneaḋ: buáilfiḋ gaċ uile ḋuine ċluinfios do ṫásg a mbasa ós do ċionn: óir cía air nar ṡiuḃuil holc do ġnáṫ?


Isí so an ċaṫair lúaṫġáireaċ do ċoṁnuiġ neaṁċúramaċ, a duḃairt iona croiḋe, Atáimse, agus ní ḃfuil ann aċd mé: cionnus do rinneaḋ fásaċ ḋí, na háit aig beaṫaċaiḃ ċum luiġe síos innte! gaċ uile duine ġaḃus láiṁ ría déana sé feadalaċ, agus croiṫfiḋ a láṁ.


Agus an ṁuinntir do ġaḃaḋ ṫáiris do imḋeargaidís é, ag croṫaḋ a gceann.


Agus an dream do ġaḃaḋ ṫairis, do ḃéirdis aiṫis dó, ag craṫaḋ a gceann, agus ag ráḋ, O, ṫusa leagas an teampoll, agus ṫógḃas é a dtrí laéṫiḃ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ