12 A deir síad re na máiṫriḃ, Cáit a ḃfuil arḃar agus fíon? an tan ṫuitid aṁuil daóine gonta a sráidiḃ na caiṫreaċ, a nuáir dóirteaḋ a nanam amaċ a nuċt a maṫar.
Cuiṁniġim na neiṫesi, agus dóirtim orum amaċ manam: óir dó ċuáiḋ mé ris an ccoiṁṫionól, do ċuáiḋ mé léo go tiġ Dé, lé guṫ lúaṫġáire agus molta, le hiomad ag congṁail láoi féile.
Uimesin ḃéara misi cuid ḋó a mórán, agus roinnfe sé an ċreaċ ris an ccuṁaċdaċ; do ḃríġ gur ḋóirt sé amaċ a anam ċum báis: agus gur hairṁeaḋ a measc na cciontaċ é; agus gur iomċuir sé peacuiḋe ṁóráin, agus go ndéarna sé guiḋe ar son na cciontaċ.
Agus íosfuid síad súas ṫfóġṁar, agus harán, noċ díosaidís do ṁic agus hinġeana: íosfuid síad súas do ṫréada agus hairġeaċa: iosfuid síad súas ṫfíneaṁna agus do ċrainn fígeaḋ: boiċtecċuid síad leis an ccloiḋeaṁ do ċaiṫreaċa daingne, iona ḃfuil do ḋóṫċus.
Osnaġuid a daoine uile, íarruid síad arán; ṫugadar a neiṫe taitneaṁaċa ar ḃíaḋ dfurtaċt a nanma: féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas; óir atáimsi taircuisneaċ.
Agus neirṫeoċa mé láṁa ríġ na Babilóine, agus cuirfe mé mo ċloiḋioṁ iona láiṁsion: aċt brisfiḋ mé ruiġṫeaċ Ṗárao, agus do ḋéanuiḋ sé osnaḋ da laṫair lé hosnaḋuiḃ marḃṫuiġ duine ċneaḋuiġ.