Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 2:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Dfailliġeadar mo ṡúile le déoruiḃ, atáid minniġe buáiḋearṫa, do dóirteaḋ maéġe air an ttalaṁ, ar son aiḋṁillte inġine mo ḋaóine; do ḃríġ go nanḃfainiġid an ċlann agus na naóiḋin a sráidiḃ na caiṫreaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 2:11
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ṫimċiolladar a ṡaiġeadóiriġ mé fa gcuáirt, brisiḋ sé mo ḋuḃáin ó ċéile, agus ní ċoigleann sé; dóirtiġ sé mo ḋomblas amaċ air an ttalaṁ.


Do ḟiuċadar minniġe, agus níor ṡuáiṁniġeadar: ṫangadar láeṫe maṁgair roṁam.


Failliġid mo ṡúile tre do ḃréiṫir, ag ráḋ, Cá húair dó ḃéarair furtaċd ḋaṁ?


Atáim ar mo ḋortaḋ amaċ aṁuil uisge, atáid mo ċnáṁa uile as a nionad fein: is cosṁuil re céir mo ċroiḋe; ar leaġaḋ a meaḋon minniġeaḋ.


Déan trócaire orum, a ṪIĠEARNA, óir atáim a mbúaiḋreaḋ: atá mo ṡúil ar na cnáoi lé díḃḟeirg, manam fós, agus mo ḃolg.


Atáim anḃfann agus ar mo ḃualaḋ go neiṁneaċ: do nuáill mé ar son ṁíoṡuaiṁnis mo ċroiḋe.


Do milleaḋ mó ṡúil le duḃaċus; fásuiḋ seanda do ḃríġ mo uile naiṁde.


Atáim toirseaċ óm ċoṁarcuiḃ: do tiormuiġeaḋ mo scórnaċ, do ḟailliġeadar mo ṡúile tre mfoirḟeiṫeaṁ air mo Ḋía.


Uimesin a duḃairt misi, Féuċaiḋ uáim; guilfiḋ mé go géur, ná saoṫruiġiḋ dom ċoḃruġaḋ, do ḃríġ millte mġine mo ṗoball.


Aṁuil corr nó áinléog, is marsin do ċanráin mé: dosnuiġ mé mar ċolum: do ḃadar mo ṡúile, tógṫa suas a náirde: a ṪIĠEARNA, atáim ar mo ṡáruġaḋ; gaḃ do láiṁ mé.


Do anḃfainniġeadar do ṁic, luiġid ag cinn na sráideann uile, aṁuil tarḃ fíaḋta a líon: atáid lán dfíoċ an TIĠEARNA, daiṫḃear do Ḋési.


¶ Uimesin déura tú an focalso ríu; Sildís mo ṡúile sios a ndéoruiḃ do ló agus doiḋċe, agus ná scuirdís: óir do briseaḋ maiġdion inġean mo ṁuinntire maille ré briseaḋ mór, lé buille ro niṁneaċ.


¶ Minniġe, minniġe! atáim ar mo ċráḋ a mballuiḋiḃ mo ċroiḋe; do ní mo ċroiḋe fuáim ionnam; ní ḟéaduim ḃeiṫ am ṫoċd, do ḃríġ go ccúala tusa, ó a manam, guṫ an stuic, graifne an ċaṫa.


Uimesin anois is marso a deir an TIĠEARNA, Día na slóġ, Día Israel; Cred fá ndéintí an tolc mórso a naġaíḋ ḃur nanmann, do ġearraḋ úaiḃ amaċ fear agus ban, leanaḃ agus naoiḋean, amaċ as Iúdah, go naċ ḃfágfuiḋ fuiġioll agaiḃ re marṫumn;


Féuċ gúṫ ċoṁairc inġine mo ḋaoine do ḃríġ na muinntire áitreahhus a ttir imċéin: Naċ ḃfuil an TIĠEARNA ann Sion? naċ ḃfuil a ríġ inte? Cred as ar ḃrostuiġeadar misi ċum feirge le na níoṁáiġiḃ greanta, agus le díoṁaóineasuiḃ coiṁṫiġeaċa?


Osnaġuid a daoine uile, íarruid síad arán; ṫugadar a neiṫe taitneaṁaċa ar ḃíaḋ dfurtaċt a nanma: féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas; óir atáimsi taircuisneaċ.


Ar son na neiṫeannso caóiḋimsi; siliḋ mo ṡúil síos lé huisce, do ḃríġ go ḃfuil an caḃarṫaċ noċ do ḃéaraḋ caḃair dom anam a ḃfad uáin: atáid mo ċlann uáigneaċ, do ḃríġ go rug an náṁaid buáiḋ.


Féuċ, a ṪIĠEARNA; óir atáimsi a naindeise: atáid minniḋe a mbuáiḋirt; diompoiġ mo ċroiḋe ionnam a stiġ; óir do ċúaiḋ me a neasuṁlaċd go hiomarcaċ: marḃuiḋ an cloiḋeaṁ amuiġ, an bás a stiġ.


Ar a ṡon so atá ar ccroiḋe anḃfann; do ḃríġ na neiṫeannso atáid ar súile lagraḋarcaċ.


Oír, féuċ, tioċfuid na láeṫe, iona naibéoruid síad, Is beannuiġṫe na mná seasga, agus na bronna naċ ar ṫuismiḋ, agus na cíoċa naċ dtug bainne úaṫa.


Ann sin do ṫóg Dáiḃi, agus an ṁuinntir do ḃí na ḟoċair a nguṫ agus do ġuíleadar, nó go raḃadar curṫa do ġul.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ