Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 2:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Ciondas dfoluiġ an TIĠEARNA inġean Ṡion lé néull iona ḟeirg, agus do ṫeilg sios ó neaṁ go talaṁ sgíaṁ Israel, agus nar ċuiṁniġ a ċosstól a ló a ḟeirge!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 2:1
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tá scéiṁ Israel ar na marḃaḋ ar háítiḃ árda: ciondus atáid na cuṁaċdaiġ ar ttuitim!


Ann sin do ṡeas Dáiḃi ríġ súas air a ċosaiḃ, agus a duḃairt, Eistiġ riom, a ḋearḃráiṫre, agus mo ṗobal: air mo ṡon féin, do ḃí ann mo ċroiḋe tiġ coṁnuiġ do ḋéanaṁ dáirc ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus do ċostól ar Ndé, agus do ġléas mé a ccoinne na hoibre:


Raċam a steaċ iona nionaduiḃ coṁnuiġe: claonfam sinn féin ċum cos-stóil a ċos.


Do ġearraiḋ tú laéṫe a óige: dfoluiġ tú é le náire. Selah.


Arduiġiḋ an TIĠEARNA ar Ndía, agus déanaiḋ uṁla ag stól a ċos; óir is náoṁṫa é.


Atá ar ttiġ náoṁṫa agus sgíaṁaċ, ar na losgaḋ uile re teine, áit ar ṁoladar ar naiṫre ṫusa; agus ar neiṫe sólásaċ uile ar na léirsgrios.


Do ḋearmadar háos graḋa uile ṫú; ní íarruid siad ṫú; óir do loit misi ṫú le lot do náṁad, lé smaċt éattrócairiġ, ar son iomaid héigceart; do ḃríġ gur ṁéaduiġeadar do ṗeacuiḋe.


Ciondus ṡuiġios an ċaṫair go huáigneaċ, do ḃí lán do ḋaóiniḃ! ciondus atá sí cosṁuil re baintreaḃuiġ! ise noċ do ḃí mór a measc na ccineaḋaċ, agus na bainṗrionnsa a measc na bproḃinuseaḋ, ciondus ṫainic sí fa ḋuiḃċíos!


¶ An ní gan suim ḋiḃ é, an ṁéid agaiḃsi uile ġaḃus láiṁ riom? féuċuiḋ, agus faiciḋ an ḃfuil dobrón ar bioṫ mar mo ḋóḃrónsa, noċ do rinneaḋ orum, ler smaċtaiġ an TIĠEARNA mé a ló a ḟeirge buirbe.


Do rinne an TIĠEARNA an ní do ṫionnscain sé; do ċoiṁlíon sé a bríaṫar noċ daiṫin sé annsna laéṫiḃ a nallód: do ṫeilg sé síos, agus níor ġaḃ truáiġe é: agus ṫug sé air do náṁuid gáirdiuġaḋ ós do ċionn, do ċuir sé aḋarc heasccarad súas.


Ciondus ṫáinic an tór ċum ḃeiṫ dorċa! cionndus do háṫruiġeaḋ an tór ro ḟínealta! do teilgeaḋ amaċ cloċa na sanctora a mullaċ gaċ áontsráide.


Do ċoiṁlíon an TIĠEARNA a ḋíḃḟearg; do ḋóirt sé amaċ a ḟearg ḃorb, agus do las sé teine ann Sion, agus do loisc sí a bunáite sin.


Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Réubfa mé é fós lé gaóiṫ stoirmeaṁuil ann mo ḋíḃḟeirg; agus biáiḋ tuile ceaṫa an mfeirg, agus cloċa móra cloiċṡneaċda ann mo ċeannairg dá aiḋṁilleaḋ.


Aċt do táirngioḋ as a fréiṁ í a ndíḃḟeirg, do teilgeaḋ síos go talaṁ í, agus do ṫiormaiġ an ġáoṫ a noir a toraḋ: do briseaḋ agus do críonaḋ a slata láidre; do ḋóiṫ an teine iad.


Laḃair re tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, truáilleoċa misi mo ṡanctóir, oirḋearcus ḃur neirtesi, fonn ḃur súl, agus an ní is trúaġ lé ḃur ccroiḋe; agus ḃur mic agus ḃur ninġeana noċ do ḟágaḃair tuitfid leis an ccloiḋeaṁ.


Dorċoċṫar fós an lá ann Tehaṗnehes, an tan ḃrisfios mé annsin cungalaċ na Hégipte: agus stadfas poimp a neirt innte: ar a sonsa, foileoċa néull í, agus raċfuid a hinġeana a mbraiġdionas.


Lá dorċaċta agus grúamaċda, lá néull agus dorċadais ṫiuġ, mar do leaṫnuiġ an ṁaidin air na sléiḃtiḃ: pobal mór láidir; naċ ḃfacus a leiṫéid, agus naċ biáiḋ ní sa ṁó na ḋiáiġ, eaḋon go blíaḋuin ṁóráin ginealaċ.


Agus tusa, a Ċapernáum, a tá ar do ṫógḃáil súas go neaṁ, téilgfiḋṫear síos go hifrionn ṫú: óir dá maḋ a measg luċd Ṡodoim do ḋéantuiḋe na míorḃuile, do rinneaḋ ionnadsa, do anfaidis gan sgrios gus a níu.


Agus tusa, a Ċapernáum, atá ar do ṫógḃáil súas go neaṁ, teilgfiḋṫear siós go hifearnn ṫú.


Agus a duḃairt sesion ríu, Do ċonnairc mé Sátan marr ṫeinnteaċ ag tuitim ó neaṁ.


Agus ṫug sí Iċabód dainm air an leanaṁ, ga ráḋ, Dimṫiġ an glóir ó Israel: do ċionn gur gaḃaḋ airc Dé, agus ar son a cleaṁna, agus a fir.


Agus a duḃairt sí, Do imṫiġ an glóir ó Israel: óir do ġaḃaḋ airc an TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ