Triaḃuin 1:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)9 Atá a salċar iona sciortuiġiḃ; ní ċuiṁniġionn sí a críoċ ḋeiriḋ; uimesin ṫáinic sí sios go hiongantaċ: ní raiḃ coḃarṫaċ ar biṫ aice. A ṪIĠEARNA, féuċ maindéise: óir do ṁéaduiḋ an náṁuid é féin. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Anois ar a naḋḃarsin ó ar Ndíane, an Día mór cuṁaċtaċ, agus úaṫḃásaċ, noċ ċoiṁlíonus cunnraḋ agus trócaire, na míṁeastar ad laṫair an buáiḋreaḋ, noċ ṫáinic oruinne, air ar ríoġuiḃ, air ar bprionnsaḋuiḃ, agus air ar sagartuiḃ, agus air ar ḃfáiġiḃ, agus air ar naiṫriḃ, agus ar do ṗobal uile, ó aimsir ríġ na Hassíria gus a niuġ.
Goiriḋ a cceann a ċéile na soiġdeóiriġ a naġaiḋ Ḃabilón: siḃsi uile ṡíneas an boġa, suiġiḋ na haġaíḋ timċioll fa ccuáirt; agus ná bíoḋ dul as aice: cúitiġ ría do réir a sáoṫair; do réir a nuile neiṫe dá ndéarna sí, déanuiḋsi ría: óir do ḃí sí uáiḃreaċ a naġaíḋ an TIĠEARNA, a naġaíḋ Aóin Náoṁṫa Israel.
Agus ṫug sí móid, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA na sluáġ, má ḟéuċann tú ḋa ríriḃ ar ḃuáiḋreaḋ do ḃanóglaiċ, agus mo ċuiṁniuġaḋ, agus gan do ḃanóglaċ do ḋearmad, aċd go ttiuḃra tú dot ḃanóglaiċ leanaṁ mic, annsin do ḃéara misi don TIĠEARNA é ar feaḋ uile láeṫe a ḃeaṫa, agus ní raċa sgían ḃéarrṫa ar a ċeann.