6 Agus dimṫiġ a sgíaṁ uile ó inġin Ṡion: atáid a prionnsaḋa aṁuil cairrḟiaḋa naċ ḃfaġann inġeilt ar biṫ, agus dimṫiġeadar gan neart roiṁe an tingreamṫaċ.
Asé so an focal do laḃair an TIĠEARNA ḋa ṫáoḃ; Do ṫarcuisniġ an ṁaiġdion inġean Ṡion ṫú, agus do ġáir go magaṁuil fúd; do ċroiṫ inġean Ierusalem a ceann ort.
¶ Agus do briseaḋ an ċaṫair súas, agus do ṫeiṫeadar luċd an ċoguiḋ eile san noíḋċe a sliġe an ġeata eidír an dá ḃalla, noċ atá láiṁ re gáirdin an ríġ: (anois do ḃádar na Caildeánuiġ a naġaiḋ na caiṫreaċ timċioll fa ccuáirt): agus dimṫiġ an ríġ annsa tsliġe leaṫ ris an réiteaċ.
Agus cruṫoċuiġ an TIĠEARNA ar gaċ áonáit ċoṁnuiġe do ṡliaḃ Ṡion, agus ar a hoireaċdusuiḃ, néull agus céo san ló, agus loinnreaḋ teineaḋ lasaṁla san noiḋċe: óir biaiḋ cuṁdaċ ar an nglóir uile.
Is marso a deir TIĠEARNA na sloġ, Día Israel, ris a nuile ḋuine rugaḋ ar siuḃal a láiṁ, noċ ṫug misi fa deara do ḃreiṫ ar siuḃal ó Ierusalem don Ḃabilóin;
Lé fuáim ċloiċḃéimniġ ḃonn a eaċ láidir, agus le roiṫrem a ċarbad, agus lé toirḃléasgaḋ a roiṫléan, ní ḟéuċfuid na haiṫre síar ar an ccloinn tre laige láṁ.
Annsin do ċuir sé súile Ṡedeciah amaċ; agus do ċeangail ríġ na Babilóine a slaḃraḋuiḃ é, agus rug don Ḃabilóin é, agus do ċuireadar a bpríosun é go ló a ḃáis.
Laḃair re tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, truáilleoċa misi mo ṡanctóir, oirḋearcus ḃur neirtesi, fonn ḃur súl, agus an ní is trúaġ lé ḃur ccroiḋe; agus ḃur mic agus ḃur ninġeana noċ do ḟágaḃair tuitfid leis an ccloiḋeaṁ.
¶ Mar an ccéadna, a ṁic an duine, naċ eaḋ ḃías annsa ló a mbéara misi a neart úaṫa, gáirdeaċus a nglóire, mían a súl, agus an ní air ar ṡuiġeadar a ninntin, a mic agus a ninġeana,
Do ḃéara an TIĠEARNA fa deara do ḃualaḋ a laṫair do náṁad: raċaiḋ tú amaċ a néintsliġe aṁáin na naġuiḋ, agus teiṫfe tú a seaċd sliġṫiḃ rompa: agus áṫroċṫar ṫú da gaċ éainrioġaċd ar an ndoṁan.