5 A síad a naiṁde a húaċtaráin, rug a naiṁde biseaċ; óir do ċoiriġ an TIĠEARNA í do ḃríġ iomad a hégceirt: do ċúadar a clann a mbraiġdionas roiṁe a náṁaid.
Oír is lá buáiḋearṫa é, agus saltarṫa sios, agus lá doġrainne le Tiġearna Día na slóġ, a ngleann na fise, ag briseaḋ an ḃallaḋ síos, agus ag coṁairc ċum na slíaḃ.
Do milleaḋ mo ṫabernacuil, agus do briseaḋ mo ċórdaḋa uile: dimṫiġ mó ċlann amaċ asam, agus ní ḃfuilid ann: ní ḃfuil áon do ṡínfeaḋ mo lóistín amaċ ní as mó, agus do ċuirfeaḋ mo ċúirtíne súas.
Do ċonnairc mé fós a ḃfáiġiḃ Ierusalem ní adḟúaṫṁar: do níd aḋaltrannas, agus siuḃluiġid a mbréaguiḃ, neartuiġid fós láṁa luċt na míġníoṁ, go naċ ḃfillean áonduine ó na olc: atáid uile ḋaṁsa aṁuil Sodom, agus a háitreaḃṫuiġ aṁuil Gomorrah.
Ann sin rug Nebusar‐adan caiptín an ġárda a mbraiġdionas leis don Ḃabilóin fuiġioll na ndaóine do fágḃaḋ annsa ċaṫruiġ, agus an dream do ċúaḋ do ṫáoḃ, do ṫeiṫ ċuige, maille ris an ccuid oile don ṗobal do ṁair.
Ar son na neiṫeannso caóiḋimsi; siliḋ mo ṡúil síos lé huisce, do ḃríġ go ḃfuil an caḃarṫaċ noċ do ḃéaraḋ caḃair dom anam a ḃfad uáin: atáid mo ċlann uáigneaċ, do ḃríġ go rug an náṁaid buáiḋ.
¶ Atá an TIĠEARNA ceart; óir do ċaṫuiġ misi a naḋuiġ a aiṫeantaḋ: éistiġ, íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ṗobal uile, agus féuċuiḋ mo ḋóbrón: do ċúadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga a mbraiġdionus.
Do ṗeacaiḋ Ierusalem go hiomarcaċ; uimesin atá si ar na háṫruġaḋ: an ṁéid do onóruiġ í tarcuisniġid í, do ḃríġ go ḃfacus a náire: a seaḋ, osnaġuiḋ sí, agus filliḋ síar ar a hais.
Do rinne an TIĠEARNA an ní do ṫionnscain sé; do ċoiṁlíon sé a bríaṫar noċ daiṫin sé annsna laéṫiḃ a nallód: do ṫeilg sé síos, agus níor ġaḃ truáiġe é: agus ṫug sé air do náṁuid gáirdiuġaḋ ós do ċionn, do ċuir sé aḋarc heasccarad súas.
Annsin a duḃairt sé riom, Is anṁór éigceirt ṫiġe Israel agus Iúdah, atá an talaṁ lán dfuil, agus an ċaṫair lán durċóid: óir a deirid síad, Do ṫréig an TIĠEARNA an talaṁ, agus ní ḟaicionn an TIĠEARNA.
Oír atá ḟios agum tar eís mo ḃáis go ttrúaillfiḋiġ siḃ féin ṫrid amaċ, agus go niompoċuiḋiġ do leaṫ ṫaoiḃ as a tsliġe do ṁúin mé ḋíḃ; agús tuitfiḋ olc oruiḃ an sna laéṫiḃ deiġionaċa; do bríġ go ndéantáoi olc a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA, dá ḃrostuġaḋ ċuin feirge tré oibreaċuiḃ ḃur láṁ.