Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 1:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Do ċuáiḋ Iúdah a mbraiġdionus do ḃríġ aindeise, agus do ḃríġ daóirsine móire: aitreaḃuiċ sí a measc na ngeinteaḋ, ni ḟaġan sí suáiṁnios ar biṫ: rugadar a hinġreamuiġ uile uirre a measc na ccuṁgaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 1:3
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois an ċuid oile do na dáoiniḃ do ḟágḃaḋ annsa ccaṫruiġ, agus na teiṫṁiġ dimṫiġ rompa go ríġ na Babilóine, maille ré fuiġioll an ṗobuil, do rug Nebusar‐adan caiptin an ġárda leis íad,


Agus do ḃuáil ríġ na Babilóine íad, agus do ṁarḃ sé íad ann Riblah a ttir Hamat. Mar sin rugaḋ Iúdah ar siuḃal as a ttír féin.


¶ Agus do briseaḋ an ċaṫair súas, agus do ṫeiṫeadar luċd an ċoguiḋ eile san noíḋċe a sliġe an ġeata eidír an dá ḃalla, noċ atá láiṁ re gáirdin an ríġ: (anois do ḃádar na Caildeánuiġ a naġaiḋ na caiṫreaċ timċioll fa ccuáirt): agus dimṫiġ an ríġ annsa tsliġe leaṫ ris an réiteaċ.


Agus do leanadar slúaġ na Gcaildeánaċ a ndiaiġ an ríġ, agus rugadar air a réiteaċ Ieriċo: agus do ḃí a ṡlúaġ uile spréiḋte úaḋ.


Druidfiġear caiṫreaċa an deisceirt súas, agus ní oisceoluiḋ áonduine íad: béarṫar Iúdah uile ar siuḃal a mbraiġdionas, béarṫar a mbía ann a láiṁ go hiomlán.


¶ Féuċ, cuirfe mé fios air ṁórán íascaireaḋ, a deir an TIĠEARNA, agus géaḃuid siad íad; agus na ḋíaiġsin cuirfiḋ mé fios ar ṁórán sealgaireaḋ, agus do ḋéanaid a ḃfíaḋaċ ó gaċ uile ṡlíaḃ, agus ó gaċ uile ċnoc, agus a maċ as polluiḃ na ccarrac.


Agus seaċóduiġ mé íad ċum a náiṫruġaḋ go huile rioġaċdaiḃ na talṁan ċum a ndoċair, dá mbeiṫ na scannail agus na seanḟocal, na magaḋ agus na malluġaḋ, annsna huile áitiḃ a ndíbéora mé íad.


Ann sin rug Nebusar‐adan caiptín an ġárda a mbraiġdionas leis don Ḃabilóin fuiġioll na ndaóine do fágḃaḋ annsa ċaṫruiġ, agus an dream do ċúaḋ do ṫáoḃ, do ṫeiṫ ċuige, maille ris an ccuid oile don ṗobal do ṁair.


Annsin rug Nebusar‐adan caiptín an ġárda leis a mbraiġdionus uiḃir áiriġ do ḃoċtaiḃ an ṗobail, agus don ṗobal an ċuid oile dfan annsa ċaṫruiġ, agus an ṁuinntir dimṫiġ rompa do ṫarla ċum ríġ na Babilóine, agus an ċuid oile don ṗobal.


Aċt do lean slúaġ na Ccaldéanaċ a ndiáiġ an ríġ, agus rugadar ar Ṡedeciah a réiteaċ Ieriċo; agus do ḃí a ṡlúaġ uile ar na ṡráonaḋ úaḋ.


Do sluigeaḋ a geataḋa annsa talaṁ; do aiḋṁill se agus do ḃris se a barraḋa: agus atáid a ríġ agus a prionnsaḋa a measc na Ngeinteaḋ: ní ḃfuil dliġeaḋ ann ní sa ṁó; ní ḟaicid a fáiġe fós fis ar biṫ ón TTIĠEARNA.


Déiġiodar orra, Imṫiġiḋsi; atá sí neaṁġlan; imṫiġiḋ, imṫiġiḋ, ná bainiḋ ríu: a nuáir do ṫeiṫeadar rompa agus do ṡeaċránadar, a duḃradar a measg na ngeinteaḋ, Ní ċoiṁneoċuid ní sa ṁó ann sin.


Atáid ar muinéil fa inġreim: sáoṫruiġeamuid, agus ni ḟaġmuid suáiṁneas ar biṫ.


¶ Eúgfuiḋ trían diot leis an bpláiġ, agus le gorta muirfiġear íad ann do lár: agus tuitfiḋ trían leís an ccloiḋeaṁ ad ṫimċioll fa ccuáirt; agus sgaóilfe mé trían annsna uile ġáoṫaiḃ, agus tairreonga mé cloiḋeaṁ amaċ na ndiáiġ.


Uime sin do ḋéana tú serḃís dot náṁuid noċ ċuirfios an TIĠEARNA ad aġuiḋ, a nocrus, a ttart, a dtárrnoċdaċd, agus a ríaċdanus gaċ uile neiṫe: agus cuirfe sé cuing iaruinn ar dó ṁuinéul, nó go scriosfa sé ṫú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ