Déan deiṫnios, cluin mé, a ṪIĠEARNA: atá mo spiorad ag meirtniuġ: ná foluiġ haġaiḋ uáim, deagla go mbéinn cosṁuil ris an ndroing noċ ṫéid síos annsa log.
Cred fá naibéoraidís na geinte, Cáit a ḃfuil a Ndía? go naiṫeantar é a measc na ngeinteaḋ ós coinne ar súl ré dioġaltas fola do ṡeirḃíseaċ noċ do dóirteaḋ.
Dóirt amaċ do ḋíḃḟearg ar na geintiḃ dá naċ aṫnid ṫú, agus ar na muinntearuiḃ naċ goirionn air hainm: óir a dúadar súas Iácob, agus do ṡluigiodar é, agus do ċaiṫeadar é, agus do rínneadar a áitreaḃ uáigneaċ.
Giḋeaḋ, a ṪIĠEARNA, atá fios a ccoṁairle uile agad am aġaiḋsi dom ṁarḃaḋ: ná maiṫ a néigceart, agus ná scrios a bpeacaḋ amaċ as do raḋarc, aċt maḋmuiġṫear íad ad ḟíaḋnuisi; déan marso ríu a naimsir ṫfeirge.
Uimesin gaċ a sluigionn ṫusa biáid sluigṫe; agus raċaid do naiṁde uile, a ndaóirsine; agus gaċ áon dá ccreaċann ṫú biáid féin na ccreiċ, agus gaċ áon dá nairgionn tú do ḃéara misi mar arguin íad,
O náird a núas do ċuir sé teine ann mo ċnáṁuiḃ, agus beiriġ sí buáiḋ na naġaiḋ: do leaṫnuiġ sé líon roiṁe mo ċosaiḃ, dfill sé ar mais mé: do rinne sé áonránaċ mé agus lag ar feaḋ an laói.
Agus do éiġeadar go ġúṫ ard, ag ráḋ, Cá fad ḃías tú, a Ṫiġearna, náoṁṫa ḟírinniġ, gan breiṫeaṁnus do ḃreiṫ agus dioġaltus do ḋéunaṁ ar son ar ḃfolainne ar an druing áitiġeas ar an dtalaṁ?