Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 1:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Féuċ, a ṪIĠEARNA; óir atáimsi a naindeise: atáid minniḋe a mbuáiḋirt; diompoiġ mo ċroiḋe ionnam a stiġ; óir do ċúaiḋ me a neasuṁlaċd go hiomarcaċ: marḃuiḋ an cloiḋeaṁ amuiġ, an bás a stiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 1:20
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḟiuċadar minniġe, agus níor ṡuáiṁniġeadar: ṫangadar láeṫe maṁgair roṁam.


Féuċuiḋ sé ar na daóiniḃ, agus má deir áonduine, Do ṗeacuiḋ mé, agus do ċuir mé an ceart ar ccúl, agus ní ḋéarna tarḃa ḋaṁ;


Atáim ar mo ḋortaḋ amaċ aṁuil uisge, atáid mo ċnáṁa uile as a nionad fein: is cosṁuil re céir mo ċroiḋe; ar leaġaḋ a meaḋon minniġeaḋ.


Atáim anḃfann agus ar mo ḃualaḋ go neiṁneaċ: do nuáill mé ar son ṁíoṡuaiṁnis mo ċroiḋe.


Giḋ bé ċeilios a ṗeacuiġe ní ḃía biseaċ air: aċt giḋ bé adṁas agus ṫréigios íad do ġeaḃa sé trócaire.


Uimesin ḋéanuid minniḋe fuáim aṁuil cláirseaċ ar son Ṁoab, agus mo ḃaill a stiġ ar son Cirhares.


Aṁuil corr nó áinléog, is marsin do ċanráin mé: dosnuiġ mé mar ċolum: do ḃadar mo ṡúile, tógṫa suas a náirde: a ṪIĠEARNA, atáim ar mo ṡáruġaḋ; gaḃ do láiṁ mé.


Má ṫéiġim amaċ san maċaire, féuċ annsin na mairḃ leis an ccloiḋeaṁ! agus má ṫéiġim a steaċ san ccaṫruiġ, annsin féuċ an luċt atá tinn lé gorta! a seaḋ, imṫiġ an fáiġ aráon agus an sagart timċioll fá ccuáirt go fearuinn naċ aiṫnid ḋóiḃ.


Adṁuiġmid, a ṪIĠEARNA, ar nolc, agus éigceart ar naiṫreaḋ: óir do ṗeacuiġeamar ad aġaiḋsi.


¶ Ṫairis sin a deir tú, Do ḃríġ gó ḃfuilim neiṁċiontaċ, go dearḃṫa filliḋ a ḟearg úaim. Féuċ, taigeora mé riot, do ḃríġ go nabair tú, Níor ṗeacuiġ mé.


Aṁáin aduiṁ do ċionta, gur ṡáruiġ tú a naġaiḋ an TIĠEARNA do Ḋía, agus gur spréiġ tú do ṡliġṫe do na coiṁiġṫeaċuiḃ faói gaċ áon ċrann glas, agus nar úṁluiġ tú dom ġuṫsa, a deir an TIĠEARNA.


An é Eṗraim mo ṁac díleas? an leanaḃ sólásaċ é? óir ó nuáir fár láḃair misi na aġuiḋ, cuiṁniġim go dúṫraċtaċ air a ccoṁnuiḋe: uimesin atáid minniḋe buáiḋearṫa ar a ṡon; go deiṁin do ḋéana mé trócaire air, a deir an TIĠEARNA.


¶ Minniġe, minniġe! atáim ar mo ċráḋ a mballuiḋiḃ mo ċroiḋe; do ní mo ċroiḋe fuáim ionnam; ní ḟéaduim ḃeiṫ am ṫoċd, do ḃríġ go ccúala tusa, ó a manam, guṫ an stuic, graifne an ċaṫa.


Uimesin fuáimneoċuiḋ me ċroiḋe aṁuil píoba ar son Ṁóab, agus fuaimneoċuiḋ mo ċroiḋe aṁuil píoba ar son ḟear Ċir‐herés: do ḃríġ go ndeaċaiḋ an saiḋḃrios fuáir sé seaċad.


Osnaġuid a daoine uile, íarruid síad arán; ṫugadar a neiṫe taitneaṁaċa ar ḃíaḋ dfurtaċt a nanma: féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas; óir atáimsi taircuisneaċ.


¶ Atá an TIĠEARNA ceart; óir do ċaṫuiġ misi a naḋuiġ a aiṫeantaḋ: éistiġ, íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ṗobal uile, agus féuċuiḋ mo ḋóbrón: do ċúadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga a mbraiġdionus.


Do ṗeacaiḋ Ierusalem go hiomarcaċ; uimesin atá si ar na háṫruġaḋ: an ṁéid do onóruiġ í tarcuisniġid í, do ḃríġ go ḃfacus a náire: a seaḋ, osnaġuiḋ sí, agus filliḋ síar ar a hais.


Atá a salċar iona sciortuiġiḃ; ní ċuiṁniġionn sí a críoċ ḋeiriḋ; uimesin ṫáinic sí sios go hiongantaċ: ní raiḃ coḃarṫaċ ar biṫ aice. A ṪIĠEARNA, féuċ maindéise: óir do ṁéaduiḋ an náṁuid é féin.


Dfailliġeadar mo ṡúile le déoruiḃ, atáid minniġe buáiḋearṫa, do dóirteaḋ maéġe air an ttalaṁ, ar son aiḋṁillte inġine mo ḋaóine; do ḃríġ go nanḃfainiġid an ċlann agus na naóiḋin a sráidiḃ na caiṫreaċ.


Do ṫuit an ċoróin ó ar cceann: is trúaġ ḋúinn, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar!


Atá an cloiḋeaṁ amuiġ, agus an ṗláiġ agus an ġorta a stiġ: agus éugfuiḋ an té ḃías annsa maċaire leis an ccloiḋeaṁ, agus muirfiḋ gorta agus pláiġ, an té atá san ccaṫruiġ.


Do ṗeacuiġeamairne, agus do rinneamar éigceart, agus do rinneamar go holc, agus do ċogamar, eaḋon le dealuġaḋ ód ṫeagasgaiḃsi agus ód ḃreiṫeaṁnusaiḃ:


¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.


An tan do ċúaluiḋ mé, do ċrioṫnuiġ mo ḃolg, dúasnadar mo ṗuisine ris an ngúṫ: do ċuáiḋ loḃaḋ a steaċ ann mo ċnáṁuiḃ, agus do criṫ mé ionnam féin, iondus go súaiṁneaċuinn a ló na buaiḋearṫa: an tan ṫiġ sé súas ċum na ndaóine, ionnsoċuiḋ sé íad le na ṡlúaġuiḃ.


An cloiḋioṁ amuiġ, agus an ċriṫeagla a stiġ, muirfid araon an duine óg agus an ṁaiġdion, an naoíḋe mar an gcéadna agus fear na gruáige léiṫe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ