Aċt cáit a ḃfuilid do ḋée do rinne tú ḋuit féin? éirġedís, má ḟéaduid dot ṫárṫáil a nam do ḃuáiḋearṫa: óir is do réir uiḃre do ċaiṫreaċ atáid do ḋée, a Iúdah.
Do ḋearmadar háos graḋa uile ṫú; ní íarruid siad ṫú; óir do loit misi ṫú le lot do náṁad, lé smaċt éattrócairiġ, ar son iomaid héigceart; do ḃríġ gur ṁéaduiġeadar do ṗeacuiḋe.
Agus cred do ḋéana tú, an tan ḃías tú creaċta? Bíoḋ go néaduiġionn tú ṫú féin le crimson, bíoḋ go ndeasuiġeann tú ṫú féin lé séuduiḃ órḋa, bíoḋ go réabann tú héadan lé piontáil, is go díoṁaóin do ḋéana tú ṫú féin sgíaṁaċ; dísbeagfuid háos gráḋa ṫú, sirfid do ḃás.
Ciondus ṡuiġios an ċaṫair go huáigneaċ, do ḃí lán do ḋaóiniḃ! ciondus atá sí cosṁuil re baintreaḃuiġ! ise noċ do ḃí mór a measc na ccineaḋaċ, agus na bainṗrionnsa a measc na bproḃinuseaḋ, ciondus ṫainic sí fa ḋuiḃċíos!
Osnaġuid a daoine uile, íarruid síad arán; ṫugadar a neiṫe taitneaṁaċa ar ḃíaḋ dfurtaċt a nanma: féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas; óir atáimsi taircuisneaċ.
Guiliḋ sí go géar annsa noiḋċe, agus atá a deóra air a grúaḋuiḃ: a measc a háos gráḋa uile ní ḃfuil aon aice ċoṁḟurtuiġios í: do rinneadar a cáirde uile feall uirre, atáid síad na náṁaid aice.
¶ Féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas cía dá ndéarna tú so. A níosuid na mná a ttoraḋ, agus naóiḋin a ḃfad réise? an muirfiġear an sagart agus an fáiġ a sanctóir an TIĠEARNA?