Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 1:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Do ċeangail a láṁa cuiḃreaċ meigceirt: do snioṁaḋ sé íad, agus ṫangadar súas fám ṁuinéal: ṫug sé ar mo neart tuitim, do ṡeaċuid an TIĠEARNA iona láṁuiḃ mé, go naċ ḃféaduim éirġe súas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 1:14
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Géaḃuid a éaigcearta féin an ciontaċ, agus coinneoċṫar é lé córduiḃ a ṗeacaiḋ.


Go mbrisfe mé an Tassírianaċ ann mo ḋúiṫċe, agus ar mo ṡléiḃtiḃ go sailteoruiḋ mé air: annsin imeoċus a ċuing ḋíoḃsan, agus tóigfiġear a úalaċ ó na nguailliḃ:


Do ḃí misi feargaċ rem ṁuinntir, do ṫruáilliġ mé moiġreaċd, agus ṫug mé ad láiṁsi íad: níor ṫaisbeain tusa grása ar biṫ ḋóiḃ; ar an tseanóir do léig tú an ċuing go ro ṫrom.


Féuċ, cuirfiḋ mé uáim agus glacfa mé muinnteara an tuáiscceirt uile, a deir an TIĠEARNA; agus Nebuċadressar ríġ na Babilóine, mo ṡeirḃíseaċ, agus do ḃéara mé a naġaíḋ na tírese íad, agus a naġaíḋ a háitreaḃṫaċ, agus a naġaíḋ na ccineaḋaċ so uile timċioll fa ccuáirt, agus scriosfuiḋ mé ṫríd amaċ íad, agus do ḋéana mé úaṫḃás díoḃ, agus sgige, agus fásaċ síorruiḋe.


¶ Do laḃair mé fós ré Sedeciah ríġ Iúdah do réir na mbríaṫarso uile, ġa ráḋ, Tugaiḋ ḃur muineil fa ċuing ríġ na Babilóine, agus oiriḋ ḋó agus da ṁuinntir, agus máiriḋ.


Agus tiucfaiḋ a ccríċ, giḋ bé cineaḋ ná rioġaċt naċ ḃfoiġeonuiḋ don Nebuċadnessar ċéadnasan ríġ na Babilóine, agus naċ ccuirfe a muinéil fa ċuing ríġ na Babilóine, smaiċteoċa misi an cineaḋsin, a deir an TIĠEARNA, leís an ccloiḋeaṁ, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, nó go scriosta mé iad le na láiṁsion.


Imṫiġ agus innis do Hananiah, ḋa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; Do ḃris tú na cuiḃriġe maide; aċt do ḋéana tú cuiḃriġe íarruinn ar a son.


Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Do ċur mé cuing íarruinn ar ṁuinéal na gcineaḋaċso uile, ċor go noirfid do Nebuċadnessar ríġ na Babilóine; agus foiġeonuid dó: agus fós ṫug mé beaṫuiġ na maġa ḋó.


Oír do íaḋ Sedeciah ríġ Iúdah súas é, ġa ráḋ, Cred as a ttairrġireann tú, agus a nabair tú, Is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, do ḃéara mé an ċaṫairsi a láiṁ ríġ na Babilóine, agus géaḃuiḋ sé í;


Agus treóroċuiḋ sé Sedeciah don Ḃabilóin, agus biáiḋ annsin go ttí misi ar ccuáirt ċuige, a deir an TIĠEARNA: má tá go ttroidfiġe ris na Caldeánaċaiḃ, ní ḃéarṫaói buáiḋ.


Annsin do ċuir Sedeciah an ríġ úaḋ, agus rug amaċ é, agus dfíafruiġ an ríġ ḋe go seicreideaċ ann a ṫiġ, agus a dúḃairt, An ḃfuil focal ar biṫ ón TTIĠEARNA? Agus a dúḃairt Ieremiah, Atá: óir, ar seision, do ḃéarṫar ṫusa a láiṁ ríġ na Babilóine.


Agus do ḃéarad amaċ as a lár siḃ, agus seaċoduiġ mé a láiṁ ċoiṁṫiġeaċ siḃ, agus do ḃéara mé breaṫa ann ḃur measg.


Agus dóirtfiḋ mé amaċ mfearg ort, séidfiḋ mé ad aġaiḋ a tteine mo ḋíoġaltais, agus do ḃéara mé ṫú a láiṁ ḋaóine brúideaṁla, agus éolaċ air aiḋṁilleaḋ.


Oir is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, do ḃéara misi ṫú a láiṁ na druinge noċ ḟúaṫuiġios ṫú, á láiṁ an luċta ar árṫuiġ do ṁeamna úaṫa:


Féuċ, air a naḋḃarsin seaċoduiġ mé ṫú do ċlannaiḃ a noirṫir mar ṡeilḃ, agus suiġeoċuid a bpáláis ionnad, agus do ḋéanuid a náitreaḃa ionnad: íosuid síad do ṫoraḋ, agus ioḃuid síad do ḃainne.


Féuċ, uimesin sínfiḋ misi mo láṁ amaċ ort, agus seaċoduiġ mé mar éadáil do na geintiḃ ṫú; agus géarrfa mé amaċ as an bpobal ṫú, agus do ḃéara mé ort dioġḃaḋ amaċ as na tíorṫaiḃ: agus scriosfuiḋ mé ṫú; agus aiṫeona tú gur misi an TIĠEARNA.


Oír biaiḋ misi do Eṗraim aṁuil leoṁan, agus do ṫiġ Iúdah mar leoṁan óg: réabfa misi, eaḋon misi féin, agus imeoċad roṁam; do ḃéara mé liom é, agus ní ḟúaideoċuiḋ duine ar bíoṫ úaim é.


Ar a naḋḃarsin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, a naġaiḋ na muinntirese tionscnuim olc, ó naċ áṫroċuiḋ siḃ ḃur muinéil; ní mó imṫeoċṫaói go ceannasaċ: oír is olc a naimsirsi.


Uime sin do ḋéana tú serḃís dot náṁuid noċ ċuirfios an TIĠEARNA ad aġuiḋ, a nocrus, a ttart, a dtárrnoċdaċd, agus a ríaċdanus gaċ uile neiṫe: agus cuirfe sé cuing iaruinn ar dó ṁuinéul, nó go scriosfa sé ṫú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ