11 Osnaġuid a daoine uile, íarruid síad arán; ṫugadar a neiṫe taitneaṁaċa ar ḃíaḋ dfurtaċt a nanma: féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas; óir atáimsi taircuisneaċ.
Agus do ḃí gorta ṁór a Samária: agus, féuċ, do ḃádar na bun, nó go reacṫáoi ceann asuil ar ċeiṫre fiṫċíd píosa airgid, agus an ceaṫraṁaḋ cuid do sbrogaille coluim gun a ṡalċar ar ċúig ṗíosa airgid.
¶ Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA, Má ḟilleann tú, annsin do ḃéura mé líom a rís ṫú, seasfa tú am ḟíaġnuisi: agus má ḃeirionn tú an mórlúaiċ ón ttruáilliġṫe, biaiḋ tú aṁuil mo ḃéul fein: fillidíssion ċugadsa; aċt ná fillsi ċucasan.
Agus do ḃéara misi orra feóil a mac diṫe, agus feóil a ninġean, agus íosuiḋ gaċ uile ḋuine ḋíoḃ feóil a ċarad annsa ċampa agus annsa ċrúaḋóig, lé ccuiṁgeoċuid a náṁuid, agus an drong íarrus a mbás, orra.
Mo ṫiġearna an ríġ, do rinne an muinntírse uile olc ann gaċ ní ḋá ndéarnadar ris an ḃfáiġ Ieremiah, noċ do ṫeilgiodar annsa ccarcair; ġeaḃa se bás ré ocras annsa náit a ḃfuil sé: óir ní ḃfuil ní sa ṁó darán annsa ċaṫruiġ.
Do ṗeacaiḋ Ierusalem go hiomarcaċ; uimesin atá si ar na háṫruġaḋ: an ṁéid do onóruiġ í tarcuisniġid í, do ḃríġ go ḃfacus a náire: a seaḋ, osnaġuiḋ sí, agus filliḋ síar ar a hais.
Atá a salċar iona sciortuiġiḃ; ní ċuiṁniġionn sí a críoċ ḋeiriḋ; uimesin ṫáinic sí sios go hiongantaċ: ní raiḃ coḃarṫaċ ar biṫ aice. A ṪIĠEARNA, féuċ maindéise: óir do ṁéaduiḋ an náṁuid é féin.
Dfailliġeadar mo ṡúile le déoruiḃ, atáid minniġe buáiḋearṫa, do dóirteaḋ maéġe air an ttalaṁ, ar son aiḋṁillte inġine mo ḋaóine; do ḃríġ go nanḃfainiġid an ċlann agus na naóiḋin a sráidiḃ na caiṫreaċ.
A deir síad re na máiṫriḃ, Cáit a ḃfuil arḃar agus fíon? an tan ṫuitid aṁuil daóine gonta a sráidiḃ na caiṫreaċ, a nuáir dóirteaḋ a nanam amaċ a nuċt a maṫar.
¶ Féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas cía dá ndéarna tú so. A níosuid na mná a ttoraḋ, agus naóiḋin a ḃfad réise? an muirfiġear an sagart agus an fáiġ a sanctóir an TIĠEARNA?