Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 1:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Ciondus ṡuiġios an ċaṫair go huáigneaċ, do ḃí lán do ḋaóiniḃ! ciondus atá sí cosṁuil re baintreaḃuiġ! ise noċ do ḃí mór a measc na ccineaḋaċ, agus na bainṗrionnsa a measc na bproḃinuseaḋ, ciondus ṫainic sí fa ḋuiḃċíos!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 1:1
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ríaġluiḋ Solaṁ ós cionn a nuile rioġaċd ó naḃuinn go críċ na Ḃṗilistineaċ, agus go brúaċ na Hégipte: do ḃeirdís tioḋluicṫe leó, agus do rinneadar seirḃís do Ṡolaṁ ar feaḋ laéṫe a ḃeaṫa.


Agus do ċuir Ṗarao‐neċoh a ccuiḃreaċ é a Riblah a ttír Hamat, ċor naċ mbiáḋ na ríġ ann Ierusalem; agus do ċuir an tír fá ḋuiḃċíos ceud tallann airgid, agus tallainn óir.


¶ Agus ṫug Iehoiacim an tairgiod agus an tór do Ṗárao; agus do rinne gearraḋ air a tír díoc a nairgid do réir aiṫne Ṗaraoh: do ṫaḃuiġ sé an tairgiod agus an tór ar ṁuinntir na tíre, ar gaċ uile ḋuine do réir a ġearrṫa, re ṫaḃairt do Ṗarao‐neċoh.


¶ Agus do ḃí sé an ríġ os cionn a nuile ríġ ón tsruṫ Euṗrates go nuige críċ na Ḃṗilistineaċ, agus go brúaċ na Hégipte.


Do ḃádar riġṫe cuṁaċtaċa mar an ccéadna ós cionn Ierusalem, noċ do ríaġluiḋ ós cionn a niomláin táoḃ ṫall daḃuinn; agus do híocaḋ cíos, cáin, agus cusṫum ríu.


Do ḃí fós cuid oile a duḃairt, Do ġaḃamar airgiod airligṫe ċum cíosa an ríġ, agus sin air ar ḃfearannuiḃ agus ar ḃfíneaṁnuiḃ.


Agus is mór an tarḃa do ḃeir sé do na ríoġuiḃ noċ do ċuir tú ós ar ccionn ar son ar bpeacuiḋ: atá fós tiġearnus aca ós cionn ar ccorp, agus ós cíonn ar náirnéise, air a ttoil féin, agus atámaóidne a naṁġar ṁór.


Oír is innte sin suas ṫéid na treaḃa, treaḃa an TIĠEARNA, go fiaḋnuisi Israel, ċum anma an TIĠEARNA do ṁolaḋ.


Ciondus do ṫuit tusa a núas ó ḟlaiṫeaṁnus, a Lucifer, a ṁic na maidne! ciondus do gearraḋ síos go nuige an talaṁ ṫusa, noċ do laguiḋ na cineaḋaċa!


As a ḃfuil tú lán do ċorruiġṫe, caṫair ḟúasnuiḋṫeaċ, caṫair lúaṫġáireaċ: níor marḃaḋ do ḋaóine marḃa leis an gcloiḋioṁ, níor éagadar a ccaṫ.


Agus caóinfid agus guilfid a geataḋ; agus ar mbeiṫ ḋi folaṁ suiḋfiḋ si air an ttalaṁ.


Annsin a déara tú ann do ċroiḋe, Cía fuáir íad so ḋaṁ? ó ċaill mé mo ċlann, agus go ḃfuilim aonranaċ, agus am ḃráġaiḋ, agus ag áṫruġaḋ ó áit go háit? agus cía ṫug íadso súas? Féuċ, do fágḃaḋ am áonar mé; cáit a raḃadar so?


¶ Dfoscuil an Tiġearna DIA mo ċlúas, agus ní raiḃ mé easurramaċ, ní mó dfill mé ar ais.


Croiṫ ṫú féin ón luáiṫreaḋ; éiriġ, agus suiġ síos, a Ierusalem: scaóil ṫú féin ó ċuiḃriġiḃ do ṁuinéil, a inġean ċeangailte Ṡion.


¶ Cred é scíaṁuiḋe ar na sléiḃtiḃ atáid cosa an té do ḃeir scéala maiṫe leis, ḟuagras síoṫċáin; do ḃeir scéala maiṫe leis ar ṁaiṫ, ḟoillsiġeas slánuġaḋ; noċ a deir ré Sion, Atá do Ḋía a ríoġaċt!


¶ Ná heagluiḋ; óir ní ḃía náire ort: ní mo ċuirṫear as órduġaḋ ṫu; óir ní ċuirṫear ċum naire ṫú: óir dearmadfuiḋ tú náire hóige, agus ní ċuiṁneoċa tú masla do ḃaintreaḃaċus ní as mó.


Oír is marso a deir an TIĠEARNA; Canaiḋ maille re lúaṫġáir ar son Iácob, agus gáiriḋ a measc roġa na ccineaḋaċ: fúagruiḋsi, moluiḋsi, agus abraiḋ, A ṪIĠEARNA, tárṫuiġ do ṗobal, fuiġioll Israel.


Agus do ṁionnuiġ Gedaliah ṁac Ahicam ṁic Saṗan doiḃ féin agus dá muinntír, ġá ráḋ, Na bíoḋ eagla oruiḃ foġnaṁ do na Caldéanaċaiḃ: déanuiḋ coṁnuiġe annsa ttír, agus déanaiḋ seirḃís do ríġ na Babilóine, agus raċaiḋ sé go maiṫ ḋíḃ.


Agus a dúḃradar ris an ḃfáiġ Ieremiah, Guiḋmid ṫú, tuiteaḋ ar ngearán ad laṫair, agus guiḋ air ar son ċum an TIĠEARNA do Ḋía, eaḋon ar son a nfuiġillsi uile; (óir níor fágḃaḋ aguinn aċd beagán do ṁórán, mar do ċíd do ṡúile sinn:)


Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Do ċoncaḃair a nuile olc ṫug misi ar Ierusalem, agus ar ċaiṫreaċaiḃ Iúdah uile; agus feuċuiḋ, a niuġ atáid síad na ḃfásaċ, agus ní áitreaḃann duine ar biṫ ionta,


Uimesin do dóirteaḋ amaċ mo ainteas agus mfearg, agus do lasaḋ í a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem; agus atáid na ḃfásaċ agus uáigneaċ, do réir an láe a niuġ.


Ciondus do gearraḋ ó ċeile agus do briseaḋ órd buáilte na talṁan uile! agus ciondus ṫáinic Babilon ċum ḃeiṫ na fasáċ a measc na gcineaḋaċ!


Agus do ḋéana mé Ierusalem na cárnuiḃ, agus na húaṁuiġ ḋragún; agus do ḋéana mé caiṫreaċa Iúdah uáigneaċ, gan áitreaḃṫaċ.


Do ġoir mé ar maosgraḋa, aċt do ṁealladar mé: déugadar mó ṡagairt agus mo ṡinnsir annsa ċaṫruiġ, an feaḋ díarradar a mbíaḋ dfurtaċd a nanmann.


Ciondas dfoluiġ an TIĠEARNA inġean Ṡion lé néull iona ḟeirg, agus do ṫeilg sios ó neaṁ go talaṁ sgíaṁ Israel, agus nar ċuiṁniġ a ċosstól a ló a ḟeirge!


Suiġíd sinnsir inġine Sion air an ttalaṁ, agus bíd na ttoċd: do ṫeilgiodar luáiṫreaḋ air a cceannaiḃ; agus do ċriosluiġeadar íad féin lé saicéaḋaċ: cromaid maiġdiona Ierusalem á ccinn síos gus an ttalaṁ.


Ciondus ṫáinic an tór ċum ḃeiṫ dorċa! cionndus do háṫruiġeaḋ an tór ro ḟínealta! do teilgeaḋ amaċ cloċa na sanctora a mullaċ gaċ áontsráide.


Do ṫuit an ċoróin ó ar cceann: is trúaġ ḋúinn, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar!


Annsin tiucfuid uile ṗrionnsaḋa na fairge a núas as a ccaṫaóiriḃ; agus cuirfid a róbaḋa díoḃ, agus cuirfid díoḃ a cculaḋa bróidnealta: éideoċúid síad íad féin lé creaṫaiḃ; suiḋfid air an ttalaṁ, agus béid air crioṫ lé gaċ áon ṁóment, agus biáiḋ úaṫḃás orra dot ṫáoḃsa.


A ṁic an duine, do ḃríġ go nduḃairt Tírus a naġaiḋ Ierusalem. Aha, atá geata na ndáoine briste: dfill sí ċugamsa: líonfuiġear misi anois, ó fágḃaḋ áonránaċ ise:


¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Sí so Ierusalem: do ṡuiġiḋ mé í a meaḋon na ccineaḋaċ agus na ttíorṫann atá na timċioll fa ccuáirt.


Agus do ḋéana mé ḃur gcaiṫ reaċa na ḃfásáċ, agus do ḃéura mé ḃur sanctóra ċum uáíguis, agus ní ḃoiltneaċa me bolaḋ ḃur mboltanuis ndeaġḃoluiḋ.


Agus scainnreoċa mé siḃ a measc ná ngenteaḋ, agus tairreonga mé cloiḋeaṁ amáċ ḃur ndiáiġ: agus biáiḋ ḃur ndúṫaiġ uáigneaċ, agus ḃur gcaiṫreaċa na ḃfasaċ.


Isí so an ċaṫair lúaṫġáireaċ do ċoṁnuiġ neaṁċúramaċ, a duḃairt iona croiḋe, Atáimse, agus ní ḃfuil ann aċd mé: cionnus do rinneaḋ fásaċ ḋí, na háit aig beaṫaċaiḃ ċum luiġe síos innte! gaċ uile duine ġaḃus láiṁ ría déana sé feadalaċ, agus croiṫfiḋ a láṁ.


Ionann agus do árduiġ sí í féin a nglóir agus a naóiḃneas, tuguiḋ ḋi sa méid ċéudna peannuid agus doilġeas: óir a deir sí na cróiḋe, Atáim um ṡuiḋe a nionad bainnrioġna, agus ní bainntreaḃaċ mé, agus ní ḟaicfe mé doilġeas.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ