Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 9:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus an ċuid do na daóiniḃ do fágḃaḋ gan ṁarḃaḋ ris na pláiġiḃse ni ḋearnadar aiṫriġe ar son oibreaċa a láṁ, ionnus naċ déunaidís seirḃís do ḋeaṁnuiḃ, agus dioḋaluiḃ óir, agus áirgid, agus ṗráis, agus ċloiċe, agus ċroinn, ris naċ éidir aṁarc, ná éisdeaċd, ná siuḃal:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus an ċuid eile de na daoiniḃ do fágáḋ gan marḃaḋ leis na pláiġiḃ seo, ní ḋearnadar aiṫriġe i h‐oibreaċaiḃ a láṁ, ċum naċ ndéanfaidís aḋraḋ d’íoḋalaiḃ óir, agus airgid, agus práis, agus cloiċe, agus aḋmaid: atá gan raḋarc, gan éisteaċt, gan neart siuḃail:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 9:20
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃríġ gur ṫreígeadar mé, agus gur loisgeadar túis do ḋeeiḃ eile, ċor go mbrostuiġeadis misi ċum feirge le uile oibreaċa a láṁ; uimesin lasfuiḋ mfearg a naġaiḋ na háitesi, agus ní ṁúċfuiġṫear í.


¶ Agus a naimsir a aindesi do ċiontuiġeaḋ sé fós ní sa ṁó a naġaiḋ an TIĠEARNA: an ríġsi féin Ahas.


Do ḃríġgur ṫreigeadar mé, agus gur loisgeadar túis do ḋeéiḃ oile, le a ccuirfidis fearg ormsa re uile ṡáoṫar a láṁ; uimesin dóirtfiġṫear mo ḋieġaltas amaċ ar a náitsi, agus ní múċfuiġṫear í.


Agus do íoḋbradar a mic agus a ninġiona do ḋíaḃluiḃ,


Atá a ndúiṫċe mar an ccéadna lán díoḋaluiḃ; aḋruid oibreaċa a láṁ féin, an ní do rinneadar a méir féin:


Marsin ṫug an sáor meisneaċ do ċéard a nóir, agus an té ṁíniġios leis a nórd don té ḃuáileas a ninneóin, ġa ráḋ, Atá sé réiḋ ċum táṫuiġe: agus do ḋaingniḋ sé é lé tairngiḃ, iondus naċ ccoirreoċṫaói é.


Agus foíllseoċuiḋ mé mo ḃreiṫeaṁnus na naġaiḋ a ttáoḃ a nuile olc, noċ do ṫréig misi, agus do loisc túis do ḋéeiḃ oile, agus do aḋair oibreaċa a láṁ féin.


Agus ná himṫiġiḋ a ndiáiġ dée oile dfoġnaṁ ḋóiḃ, agus dá naḋraḋ, agus ná brostuiġiḋe misi ċum feirge lé hoibreaċaiḃ ḃur láṁ; agus ní ḋéana mé doċar ar biṫ ḋiḃ.


An tionad ar ḃrostuiġeaḃair misi ċum feirge lé hoibreaċaiḃ ḃur láṁ, ag losgaḋ túise do ḋéiḃ oile a ccríċ na Hégipte, mar a ndeaċaḃair do ċoṁnuiḋe, ċor go ngéarrfaiḋ siḃ amaċ, agus go mbeiṫ siḃ mar ṁalluġaḋ agus mar scannail a measc uile ċineaḋaċ an doṁuin?


O a ṪIĠEARNA, naċ ḃfúilid do ṡúile air an ḃfírinne? do ḃuáil tú íad, aċt ní raiḃ doilġios orra; do ḋíoḃáiḋ tú íad, aċt do ḋíultadar smaċd dó ġlacaḋ: do rinneadar a naiġṫe ní as cruáiḋe ná carruic; do ḋíultadar filleaḋ.


Atá gaċ uile ḋuine brúideaṁuil le na éolus; atá gaċ uile ḟear ceirde millte lé híoṁaiġ ġreanta: óir is neiṁḟirinne a íoṁáiġe leaġṫa, agus ní ḃfuil anál ar bioṫ ionta.


Aċt dárduiġis ṫú féin a naġaiḋ Ṫiġearna neiṁe; agus ṫugadar soiġṫiġe a ṫiġe ann ṫfíaġnuisi, agus diḃ tusa, agus do ṫiġearnaḋa, do ṁná, agus do leannáin, fíon asda; agus do ṁol tú na dée airgid, agus óir, práis, íaruinn, crainn, agus cloiċe, naċ ḃfaicionn, naċ ccluin, agus naċ feasaċ: agus ní ṫug tú glóir do Ḋía, a láiṁ a ḃfuil hanál, agus gur leis huile ṡliġṫe:


Diḃiodar fíon, agus do ṁoladar na dée óir, agus airgid, agus práis, agus íaruinn, agus crainn, agus cloiċe.


Agus ní ofráilfid nís mó a níoḋbarṫa do ḋíaḃluiḃ, a ndiáiġ ar imṫiġeadar lé stríapaċus. Biáiḋ so na statúid aca go bráṫ ar feaḋ a ngeinealaċ.


Geárrfa mé fós híoṁáiġe gráḃálta, agus híoṁáiġe feasta a maċ as do lár; agus ní aiḋeora tú ní is mó obair do láṁ.


Oír ṫáinic Eóin ċugaiḃ a sliġe na córa, agus niór ċreideaḃair ḋó: aċd do ċreideadar na puiblicain agus na sdríopaċa ḋó: aċd gé do ċonncaḃairsi so, ní ḋearnaḃair aiṫriġe na ḋíaiġ sin, do ċum go gcreidfeaḋ siḃ ḋó.


Ar a naḋḃarsin ar mbeiṫ ḋúinn do ċinéul Dé, ní coir ḋúinn a ḃreaṫnuġaḋ gur cosṁuil an Díaġaċd ré hór, ná ré hairgead, ná rá cloiċ, ar na graḃáil lé healuiḋin nó lé hinntleaċd ḋáonda.


Agus do ċíṫí agus do ċluintí, gur ḟill an Pólsa lé na ḃríaṫraiḃ pobal mór, ní hé aṁáin a Neṗesus, aċd fós beag naċ sa Násia uile, ag ráḋ naċ Déé íad, do niṫear lé láṁuiḃ:


Agus da rinneadar láoġ ann sna laéṫiḃsin, agus do ḟoráileadar íoḋbairt don íoḋail, agus do rinneadar gáirdeaċus as oibriġṫiḃ a láṁ féin.


Deagla, ar dteaċd a ris ċuguiḃ ḋaṁ, go nísleóċuiḋ mo Ḋía me eadruiḃ, agus go gcáoinfe mé morán don druing do ṗeacuiḋ ċeana, agus naċ dearna aiṫriġe sa neaṁġloine agus sa sdríopṫaċas agus sa mionáire do rinneadar.


Oír atá ḟios agum tar eís mo ḃáis go ttrúaillfiḋiġ siḃ féin ṫrid amaċ, agus go niompoċuiḋiġ do leaṫ ṫaoiḃ as a tsliġe do ṁúin mé ḋíḃ; agús tuitfiḋ olc oruiḃ an sna laéṫiḃ deiġionaċa; do bríġ go ndéantáoi olc a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA, dá ḃrostuġaḋ ċuin feirge tré oibreaċuiḃ ḃur láṁ.


Do íoḋbradar do ḋiaḃluiḃ, ní do Ḋía; do ḋéeiḃ nar ḃfeas doíḃ, do ḋéeiḃ núaḋa ṫáinic ansíus go núaḋ, naċ raiḃ a neagla ar ḃur naiṫriḃ.


Agus annsin do ḋéantáoi serḃís do ḋéeiḃ, oibreaċa láṁ dáoine, do ċrann agus ċloiċ, naċ ḃfaiceann fós, agus naċ ccluineann, naċ iṫeann, agus naċ ḃoltanuiġeann.


Aċd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfiḋ dream áiriġe an creideaṁ sna haimsearuiḃ deiġeanaċa, ag taḃairt aire do sbioraduiḃ seaċranaċa, agus do ṫeagusguiḃ deaṁan;


Do ċonnairc mé na ḋiáiġ sin cóṁarṫa mór iongantaċ eile ar neaṁ, seaċd naingil agá raḃádar na seaċd bpláġa deiġeanaċa; óir is ríu sin do coiṁlíonaḋ fearg Dé.


Agus do ḋóirt an ceaṫraṁaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ ar an ngréin; agus tugaḋ cúṁaċda ḋó daóine do ṗíanaḋ ré hainteas teineaḋ.


Oír is ann a mbéul atá a gcúṁaċda, agus ann a nearbluiḃ: oír is cosṁuil a nearbuill ré haiṫreaċuiḃ níṁe, agus atáid cinn ar na hearbluiḃsin, ré a ndéunuid dóċar.


Agus ní ḋearnadar aiṫriġe ar son a ndúnṁarḃṫa, ná ar son a bpiséog, ná ar son a sdríopaċais, ná ar son a ngaduiġeaċda.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ