Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 9:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ḟosguil sé an poll duḃaigéin; agus do éiriḋ deataċ as an bpoll, aṁuil as úaṁuiġ ṁóir ṫeineaḋ; agus do rinneaḋ an ġrían agus an taiéur dorċa ó ḋeatuiġ an ṗuill.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus tugaḋ ḋó eoċair puill an duiḃeagáin. Agus d’ḟoscail sé poll an duiḃeagáin; agus d’éiriġ deataċ ó’n bpoll, mar ḋeataċ fóirnéise móire; agus do ḋorċuiġ an ġrian agus an t‐aer le deataċ an ṗuill.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 9:2
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, a nuáir do ċuáiḋ an ġrían fáoi, agus go raiḃ dorċa, féuċ fuirnis ḋeatċa, agus tóirsile ṫeiniḋ, noċ do imṫiġ ṫríd na codċuiḃ sin.


Agus do ḟeuċ sé ar Ṡodom agus ar Ġomorrah, agus ar ḟearann an réitiġ úile, agus do aṁairc, agus, féuċ, do ċúaiḋ deatáċ na tíre súas aṁuil ḋeatuiġ ḟuirnise.


Agus do ḃí slíaḃ Sínai uile fá ḋeatuiġ, do ċionn gur ṫuirling an TIĠEARNA air a tteiniḋ: agus do ċuáiḋ a ḋeataċ suás aṁuil ḋeataċ fuirnise, agus do ċrioṫnúiġ an slíaḃ uile go mór.


Nuáill, a ġeata; éiġ, a ċaṫair; ṫusa, a Ṗalestína uile, atá tú sgaóilte: óir tiucfa deataċ ón tuáisgeart, agus ní ḃía áon na áonar ar uáiriḃ cinnte.


Agus giḋ bé naċ léigfe é féin síos agus aḋraḋ tteilgfíġear a nuáirsin féin é a lár ḟúirneise lasaṁla.


Crioṫnoċuiḋ an talaṁ rompa; coiṁċreaṫfuid na neaṁa: biáiḋ an ġrían agus an ġealaċ dorċa, agus coinneoċuid na réulta air a ndéalraḋ:


Lá dorċaċta agus grúamaċda, lá néull agus dorċadais ṫiuġ, mar do leaṫnuiġ an ṁaidin air na sléiḃtiḃ: pobal mór láidir; naċ ḃfacus a leiṫéid, agus naċ biáiḋ ní sa ṁó na ḋiáiġ, eaḋon go blíaḋuin ṁóráin ginealaċ.


Agus foillseoċa mé ionganta annsna neaṁuiḃ agus annsa talaṁ, fuil, agus teine, agus piléir deatuiġe.


Agus foillseoċuiḋ mé iongantuis ar neaṁ ṡúas, agus comarṫaiḋe ar a dtalaṁ ṡíos; fuil, agus teine, agus gal deatuiġe:


Agus biáiḋ deataċ a bpeannuiḋe ag éiriġe súas go sáoġal na sáoġal: agus ní ḃiáiḋ suáiṁneas do ló agus doiḋċe, ag an drong do ḃeir onóir don nainṁíḋe agus dá ioṁáiġ, ná ag an tí ġaḃus ċuige coṁarṫa a anmasan.


Agus do ḋóirt an cúigeaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ ar ċaṫaóir a nainṁiḋe; agus do rinneaḋ a rioġaċd lán dá ḋorċaduis; agus do ċognadar a dteangṫa ré hiomad doilġeasa,


Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ aingeal a sdoc, agus do buáileaḋ an treas cuid don ġréin, agus an treas cuid don ġealuiḋ, agus an treas cuid do na réultuiḃ; ionnus go ndearnaḋ an treas cuid dioḃ dorċa, agus níor ḋeallruiġ an lá an treas cuid de, agus a noiḋċe mar an gcéudna.


Agus do ṡéid an cúigeaḋ aingeal a sdoc, agus do ċonnairc mé réult ag tuitim ó neaṁ ċum na talṁan: agus tugaḋ ḋó eoċair an ṗuill duḃaigéin.


Agus do ḃí rí aca ós a gcionn, aingeal an duḃaigéin, dárob ainm a Neaḃrais, Abaddon, agus a Ngréigis a sé is ainm ḋó Apollion.


Agus as áṁluiḋ so do ċonnairc mé na heíċ a dtaíḃse, agus an luċd do ḃí ar a muin, umá raḃadar lúireaċa tinntiġe, agus ar ḋaṫ na híacinṫ, agus na ruiḃe: agus bá cosṁuil cinn na neaċ ré ceannuiḃ leoṁan; agus táinic teine agus deataċ agus ruiḃ as a mbéuluiḃ amaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ