Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 8:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus tainic aingeal eile agus do ṡeas sé a ḃfíaḋnuise na haltora, agá raiḃ sionnsa órrġa; agus tugaḋ móran do neiṫiḃ deaġḃaluiḋ ḋó, ċum a gcurṫa maille ré hurnuiġiḃ na nuile náoṁ ar a naltóir órrġa do ḃí a ḃfíaḋnuise na caṫáoire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ṫáinig aingeal eile agus do ṡeasuiġ sé os cóṁair na h‐altóra, agus túiseoir óir aige, agus tugaḋ a lán túise ḋó, ċum go gcuirfeaḋ sé ar an altóir óir do ḃí os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ í, maille le h‐urnaiġṫiḃ na naoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 8:3
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus na báisíniġ, agus na glantóiriġ, agus na cupáin, agus na spónoguiḋ, agus na túiseóiriġ dór ḟíorġlan; agus na crúcaḋa óir, a ráon do ḋoirsiḃ an tiġe a stiġ, do náit ronáoṁṫa, agus do ḋoirsiḃ an tiġe, mar atá an teampull.


Bíoḋ murnaiġ ar na díriuġaḋ ós coinne haiġṫe mar ṫúis; tógḃáil súas mo laṁ mar íoḋbairt an tráṫnóna.


Agus do ċuir sé an altóir órḋa a lóistín an ċoṁcruinniġ a ḃfiaḋnuise an ċuṁduiġ:


Annsin do eitil aon do na seraṗiniḃ ċugam, agus sméaróid ḋearg iona láiṁ, noċ do ḃean sé leis a niolġaiḃ don naltóir.


Do ḃí a naltóir ṁaide trí cuḃaid ar áirde, agus ḋá ċuḃad ar fad; agus do ḃí a beanna, agus a fad, agus a ballaḋa daḋmad: agus a duḃairt sé riom, Isé so an bórd atá a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA.


Do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡeasaṁ air a naltóir: agus a duḃairt sé, Buáil an fárdorus, ċor go ccroiṫid na postaḋa: agus géarr annsa ċionn íad, iad uile; agus muirfiḋ misi an deiġionaċ ḋíoḃ leis an ccloiḋeaṁ; an té ṫeiṫfios díoḃ ní raċfuiḋ sé as, agus an té raċfus as, ní sáorfuiġear é.


Oír ó éirġe gréine eaḋon go dul síos an céadna biáiḋ mainm mór a measc na Ngeinteaḋ; agus ofrálfuiġear túis dom ainm ann gaċ uile áit, agus ofráil ḟiórġlan: óir buḋ mór mainm a mease na ngeinteaḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Agus ar a naltóir órḋa leiṫneoċuid siád éadaċ do ġorm, agus foileoċuid é dfolaċ do ċroicniḃ broc, agus cuirfid na maidiḋe fáoi:


Eán liaċ aṁáin órḋa do ḋeiċ secel, lán do ṫúis:


Agus do ḃí coiṁṫionól an ṗubail uile ag déanaṁ úrnuiġe a muiġ a naimsir na túise.


Cía ḋaimeónas? Críosd fúair bás, agus fós, do rinne a neiséiriġe, noċ atá ar deis Dé, agus fós ġuiḋeas air ar soinne.


Ionnas gur féidir leis an dream ṫig ċum Dé ṫríd féin do ṡlánuġaḋ go híomlán, ar mbeiṫ ḋó beó go síorruiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéunaṁ ar a son.


Sa náit a raiḃ an túiséir orrġa, agus áirc an ċonnarṫa ar na ḟolaċ timċioll ré hór, ann a raiḃ an pota orrġa ann a raiḃ an manna, agus slat Aáróin naċ do sgeiṫ, agus cláir an ċonnarṫa;


Agus do ċonnairc mé aingeal neartṁar eile ag teaċd a núas ón neaṁ, ar na éuduġaḋ do néul: agus an bóġa uisge ar a ċeánn, agus a aġuiḋ mar an ngréin, agus a ċosa cosṁuil ré colamnuiḃ teineaḋ:


Agus táinic aingeal eile amaċ ón altóir, agá raiḃ cúṁaċda ós cionn na teineaḋ; agus do éiġ sé do ġúṫ árd air an ti agá raiḃ an corrán géur, ag ráḋ, Saiṫ a steaċ do ċorrán géur, agus cnúasuiġ tarpáin ḟíneaṁna na talṁan; óir atáid a cáora apuiḋe.


Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.


Agus an tan do ḟosguil sé an cúigeaḋ séula, do ċonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do marḃaḋ ar son ḃréiṫre Dé, agus ar son na fíaḋnuise do ċosnadar:


Agus do ċonnairc mé aingeal eile ag éiriġe ón áird a nsoír, agá raiḃ séula Dé ḃí: agus do éiġ sé do ġúṫ árd ar na ceiṫre haingliḃ, dá dtugaḋ cúṁaċda an talaṁ agus a nfairrge ṁilleaḋ,


Agus do ċuáiḋ deataċ na neiṫeann ndéaġḃaluiḋ sin, maille ré hurnuiġiḃ na náoṁ as láiṁ a naingil a ḃfíaḋnuise Dé.


Agus do ġlac an taingeal an sionnsa, agus do líon sé do ṫeine na haltóra, agus do ṫeilg sé fan dtalaṁ é: agus do éiriġ góṫanna, agus tóirneaċ, agus tinnteaċ, agus criṫ talṁan ann.


Agus do ṡéid an seiseaḋ aingeal a sdoc, agus do ċúaluiḋ mé gúṫ áiriġe ó ċeiṫre haḋarcuiḃ na haltóra órrġa noċ atá a ḃfiaḋnuise Dé,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ