Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 8:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċonnairc mé na seaċd naingil do ṡeas a ḃfíaḋnuise Dé; agus tugaḋ seaċd sduic ḋóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ċonnacas na seaċt n‐aingle ḃíos ’n‐a seasaṁ i ḃfiaḋnaise Dé; agus tugaḋ seaċt stuic dóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 8:2
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír cía do ṫarcuisniġ lá na niṫeann mbeag? óir gairdeoċuid, agus do ċífid an doruḃa a láiṁ Ṡerubbabel maille ris an móirṡeisior sin; isíad suile an TIĠEARNA, noċ rioṫios síos agus súas air feaḋ na talṁan uile.


Taḃruiḋ dá ḃur naire naċ dtaḃarṫáoi tarcuisne air éinneaċ don ṁuinntir ḃigsi; oír a deirim riḃ, Go ḃfaicid a naingilsion aír neaṁ do ġnáṫ aġaiḋ Ṁaṫarsa a tá ar neaṁ.


Agus cuirfiḋ sé a aingil le trompa agus lé guṫ mór, agus cruinneoċuid síad a ḋáoine toġṫasan ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, ó leiṫimeal neiṁe go soiṫe an leiṫimeal eile ḋe.


Agus ar ḃfreagra don aingeal a duḃairt sé ris, Is misi Gabríel, ṡeasas a ḃfíaḋnuisi Dé; agus do cuireaḋ mé do laḃairt riotsa, agus dinnsin na núaiḋeaċd maiṫ so ḋuit.


Ar a naḋḃarsin déanuiḋ faire, ag guiḋo gaċ uile uair, ionnus go rucasfuiġ gur fiú siḃ dul as ó na neiṫiḃsi uile atá ċum teaċda, agus go seasṁóċaḋ siḃ a ḃfiaḋnuisi Ṁic an duine.


A mómeint, ré silleaḋ na súl, ré gúṫ an sduic ḋeiġeanaiġ: oír séidfiḋ an sdoc, agus dúiseoċar na mairḃ neaṁṫruáilliġe, agus cuirfiġṫear sinne a naiṫearraċ croṫa.


Oír tiucfuiḋ an Tíġearna féin a núas ó neaṁ maile ré gáir, ré gúṫ a narċaingil, agus re sdoc Dé: agus eireóċuid na mairḃ a Gcríosd ar tús:


Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion;


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Do ċonnairc mé na ḋiáiġ sin cóṁarṫa mór iongantaċ eile ar neaṁ, seaċd naingil agá raḃádar na seaċd bpláġa deiġeanaċa; óir is ríu sin do coiṁlíonaḋ fearg Dé.


Agus do ċúala mé gúṫ árd as an dteampoll ag ráḋ ris na seaċd naingliḃ, Imṫiġiḋ roṁuiḃ, agus dóirtiġe soiṫiġe ḟeirge Dé ar an dtalaṁ.


Agus do ċonnairc mé, agus do ċúaluiḋ mé aingeal ná áonar ag eitealluiḋ a meaḋón neiṁe, ag ráḋ do ġúṫ árd, As mairg, mairg, mairg, don druing áitiġeas an talaṁ ar son ġóṫann sdoc na dtrí naingeal atá fós ċum teaċda, ar tí a sdoc do ṡéideaḋ!


Agus do ullṁúiġeadar na seaċd naingil agá raḃadar na seaċd sduic íad féin ċum na sdoc do ṡéideaḋ.


Agus do ṡéid an cúigeaḋ aingeal a sdoc, agus do ċonnairc mé réult ag tuitim ó neaṁ ċum na talṁan: agus tugaḋ ḋó eoċair an ṗuill duḃaigéin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ