Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 8:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do ċonnairc mé, agus do ċúaluiḋ mé aingeal ná áonar ag eitealluiḋ a meaḋón neiṁe, ag ráḋ do ġúṫ árd, As mairg, mairg, mairg, don druing áitiġeas an talaṁ ar son ġóṫann sdoc na dtrí naingeal atá fós ċum teaċda, ar tí a sdoc do ṡéideaḋ!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus do ḋearcas, agus do ċualas iolar aonair ar eiteall i lár na spéire, g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Mairg, mairg, mairg, do luċt áitreaḃa na talṁan, mar ġeall ar ġlórṫaiḃ eile na stoc atá le séideaḋ fós ag na trí h‐aingliḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 8:13
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Beannuiġesi an TIĠEARNA, a aingle féin, noċ atá árraċdaċ a neart, ag coṁall a aiṫeanta, ag taḃair aire do ġuṫ a ḃreiṫre.


Agus do leaṫnuiġ sé ós mo ċoinne é: agus do ḃí sé scríoḃṫa a stiġ agus amuiġ: agus do ḃí scríoḃṫa ana caoineaḋ, osnaḋa, agus mairgneaċ.


A né naċ sbiorada freasduil íad uile, ċurṫar a maċ ċum miniosdrálaċda ar son na druinge ġeuḃus oiġreaċd an tslánaiġṫe?


Do ċuáiḋ an dara truáiġe ṫoruinn, agus, féuċ, tiucfuiḋ an treas truáiġe go háiṫġearr.


Uime sin a ḟlaiṫeaṁnasa, bíoḋ gairdeaċas oruiḃ, agus oruiḃse a luċd áitreaḃas ionnta. As mairg do aitréiḃuiġ an talaṁ agus do nfairrge! Óir táinic an díaḃal a nsúas ċúguiḃ, lán do ċúṫaċ feirge, ar mbeiṫ a ḟeasa aige gur ab aiṫġearr a aimsir.


Agus do ċannadar mar do ḃíaḋ céol núaḋ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfíaḋnuise na gceiṫre mbeaṫaċ, agus na seanóireaḋ: agus níor ḃféidir déinneaċ an céol sin dfoġlaim aċd aṁáin don ċéud agus do na ceiṫre ar ḋá ḟiċead do ṁíltiḃ, do ḃí ar na gceannaċ ón dtalaṁ.


Agus do ċonnairc mé aingeal eile ag eitealluiġ a meaḋón neiṁe, agá raiḃ soisgéul síorruiḋe ċum a ṡoisgéulta don druing áitreaḃas an talaṁ, agus do nuile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal,


Agus do ċonnairc mé aingeal áiriġe na ṡeasaṁ sa ngréin; noċ do éiġ do ġúṫ árd, ag ráḋ ris na huile éunlaiṫ do ḃí ag eitealluiġ a lár neiṁe, Tigiḋ agus cruinniġṫear siḃ ċum suipéir an Dé ṁóir;


Do ḃríġ gur ċoiṁéid tú briaṫar mfoiġidesi, do ḋéunsa ṫusa ċoiṁéud ar aimsir an ċaṫuige, noċ atá ċum teaċda ar a tsáoġal uile, ċum dearḃṫa na druinge áitiġeas an talaṁ.


Agus do ċonnairc mé na seaċd naingil do ṡeas a ḃfíaḋnuise Dé; agus tugaḋ seaċd sduic ḋóiḃ.


Agus do ṡéid an cúigeaḋ aingeal a sdoc, agus do ċonnairc mé réult ag tuitim ó neaṁ ċum na talṁan: agus tugaḋ ḋó eoċair an ṗuill duḃaigéin.


Do ċuáiḋ áon truáiġe aṁáin ṫoruinn; agus, féuċ, atá ḋá ṫruáiġe fós ċum teaċda na ḋiáiġ so.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ