Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 8:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do ṡéid an treas aingeal a sdoc, agus do ṫuit réult ṁór ó néaṁ, ar dearglasaḋ mar lóċrann ṡolasda, agus do ṫuit sé sa treas cuid do na haiḃniḃ, agus sna tiubruidiḃ duisge;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus do ṡéid an treas aingeal, agus do ṫuit réalta ṁór ó neaṁ anuas, agus í ar dearg‐lasaḋ aṁail tóirse, agus do ṫuit sí ar an treas cuid de na h‐aiḃniḃ, agus ar ṫoibreaċaiḃ an uisce:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 8:10
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do rinne sé coṁairle re na ṗrionnsaḋuiḃ agus le ḋáoiniḃ cuṁaċdaċa uisgeaḋa na ttobar do stopaḋ noċ do ḃí táoḃ amuiġ don ċaṫruiġ: agus do ċuidiġeadar leis.


Uimesin maille ré sólás tarrangṫaoi uisge as toibreaċaiḃ an tslánuiġṫe.


Ciondus do ṫuit tusa a núas ó ḟlaiṫeaṁnus, a Lucifer, a ṁic na maidne! ciondus do gearraḋ síos go nuige an talaṁ ṫusa, noċ do laguiḋ na cineaḋaċa!


Agus tiucfaiḋ a ccríċ, annsa talaṁ uile, a deir an TIĠEARNA, go ngeárrfuiġear amaċ ḋá ċuid agus go néagfuid; aċt fúigfiġear trían ann.


Agus do ḃéara mé an treas cuid ṫríd an tteine, agus aṫġlanfa mé íad mar aṫġlantar an tairgiod, agus dearḃoċa mé íad mar ḋearḃṫar an tór: goirfid siad ar mainm, agus éistfiḋ mé riú: déara mé, Is íadsa mo ṗobal; a déaruid síadsan, Isé an TIĠEARNA mo Ḋía.


Ann sin buḋ cosṁuil ríoġaċd neime ré deiċneaḃar maiġdean, do ġlac a lampuiḋe, agus do ċúaiḋ a maċ do ṫeagṁáil ar an ḃfear núaṗósda.


Agus a duḃairt sesion ríu, Do ċonnairc mé Sátan marr ṫeinnteaċ ag tuitim ó neaṁ.


Garḃṫonna fairge, sgeiṫeas a náire féin aṁuil ċúḃar; réulta seaċráin, fá ċóṁair a ḃfuil an dorċadas fíorḋorċa dá ṫaisge go síorruiḋe.


Rúindiaṁair na seaċd réult do ċonnairc tú am láiṁ ḋeis, agus na seaċd gcoinnleóir órrġa. A síad na seaċd réulta seaċd naingil na neaglúisiḋiḃ: agus na seaċd gcoinnleóir do ċonnairc tú a síad na seaċd neagluiseaḋa íad.


Agus do ṫarruing a earball an treas cuid do réultuiḃ niṁe, agus do ṫeilg íad ċum na talṁan: agus do ṡeas an dragún a ḃfiaḋnuisi na mná do ḃí ré haḋuiġ a toirrċeasa de ḃreiṫ, ċum a leinḃ do ṡlugaḋ ḋó ar na ḃreiṫ.


Ag ráḋ do ġúṫ árd, Bíoḋ eagla Dé oruiḃ, agus tuguiḋ glóir ḋó; óir táinic uáir a ḃreiṫeaṁnuis: agus déunuiġ úṁla don tí do ċrúṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus an ḟairrge, agus na tuibruideaċa uisge.


Agus do ḋóirt an treas aingeal a ṡoiṫeaċ sna haiḃniḃ agus sna tiubruidiḃ fíoruisge; agus do rinneaḋ fuil dioḃ.


Agus do ṫuiteadar réulta neiṁe ċum na talṁan, aṁuil ṫeilgeas an crann fige a húḃla anabuiḋ, an tan ḃogṫar í ré gaóiṫ ṫréin.


Agus do ṡéid an céudaingeal a sdoc, agus tárrla cloiċṡneaċda agus teine ann ar na gcumasg ré fuil, agus do teilgeaḋ íad fón dtalaṁ: agus do ḋóiġeaḋ an treas cuid do na crannuiḃ, agus do dóiġeaḋ an féur glas uile.


Agus do ṡéid an cúigeaḋ aingeal a sdoc, agus do ċonnairc mé réult ag tuitim ó neaṁ ċum na talṁan: agus tugaḋ ḋó eoċair an ṗuill duḃaigéin.


Agus do sgaoileaḋ na ceiṫre haingil, noċ do ḃí ullaṁ dúair, agus do ló, agus do ṁí, agus do blíaḋain, ċum an treas coda do na daóiniḃ do ṁarḃaḋ.


As ris na trí pláiġiḃse do marḃaḋ an treas cuid do na daóiniḃ, ris an dteíne, agus ris a ndeatuiġ, agus ris an ruiḃ ṫáinic, as a mbéuluiḃ amaċ.


Ann sin do ċúadar trí ṁíle fear do Iúdah go mullaċ na cairge Etam, agus a duḃradar ré Samson, Naċ ḃfuil a ḟios agadsa go ḃfuilid na Ṗilistiniġ na núaċdaránuiḃ ós ar ccionne? cred é so do rinne tú oruinn? Agus a duḃairt seision ríu, Aṁuil is do rinneadar orumsa, marsin do rinne misi orrasan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ