Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 7:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Tar a éise sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, buiḋean mór, nár ḃéidir déinneaċ áireaṁ, do gaċ uile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṗubail, agus ṫeanguiḋ, na seasaṁ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfiaḋnuise a Nuáin, umá raḃadar róbuiḋe fada gleiġeala, agus pailm ann a laṁuiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 ’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, sluaġ mór naċ ḃféadfaḋ aon duine a áireaṁ, de gaċ cineaḋ, agus de gaċ treiḃ, agus de gaċ pobal, agus de gaċ teangain, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ agus os cóṁair an Uain, éadaiġe geala umpa, agus pailmeaċa ’n‐a láṁaiḃ aca;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 7:9
41 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḋeana mé do ṡíol aṁuil luaiṫreaḋ na talṁan: iondus maḋ ḟéudan neaċ luaiṫreaḋ na talṁan dáireaṁ, annsin aireoṁṫar do ṡíolsa mar an gceadna.


Ní ḋeileoċuiḋ an tslat roġa ré Iudah, nó dliġṫaḃairṫoir ó ḃeiṫ eidir a ċosuiḃ, nó go ttiucfa Síloh; agus is ċuigesion ḃías cruinniuġaḋ na ndaóine.


Iarr orum, agus do ḃéara mé ḋuit na geinte mar oiġreaċt, agus na codċa is imċéine don talaṁ mar ṡeilḃ.


Cuiṁneoċuid críoċa na talṁan uile é agus iompóċuid ċum an TIĠEARNA: agus do ḋéanuiḋ a nuile ċineaḋ do na geinteiḃ aḋraḋ ós a ċoinne.


Atá tú loinnearḋa agus oirḋeirc ós cionn ṡléiḃte na creiċe.


A ló mo ḃúaiḋearṫa do ṡir mé an TIĠEARNA: do ḃí mo láṁ san noiḋċe ar na dórtaḋ amaċ, agus ní ḋéarnuiḋ coṁnuiġ: do ḋiúlt manam coṁḟurtaċd do ġlacaḋ.


Do ċuiṁniġ sé a ṫrócaire agus a ḟírinne do ṫiġ Israel: do ċoncadar teoranna na talṁan uile slánuġaḋ ar Ndéne.


O a ṪIĠEARNA, mo neart, agus mo ḋaingion, agus mo ċúil ḋidin a ló na haindeisi, tiucfaid na geintiḋe ċugad ó ṫéorannuiḃ na talṁan, agus a déuruid, Go deiṁin do ġaḃadar ar naiṫre óiġreaċt na mbréug, an dioṁaoinis, agus neiṫe gan tairḃe.


Annsa namsin goirfid Dierusalem caṫaóir an TIĠEARNA; agus cruinneoċṫar na críoċa uile ċuice, go hainm an TIĠEARNA, go Hierusalem: agus ní ṡiuḃolfuid síad ní sa ṁó do reir ḃreaṫnuiġe a ndroċ ċroiḋe féin.


Na ḋiáiġsin do ṫoṁais sé míle; agus do ḃí na ṡruṫ naċ ar ḟéud mé dul ṫairis; óir déirġeadar na huisgeaḋa, uisgeaḋa do ṡnáṁ ionta, aḃuinn nár ḃféidir dul ṫairse.


Nebuċadnessar an ríġ ċum a nuile ṗobal, cineaḋaċa, agus teangṫa, áitreaḃus air an ttalaṁ uile; Go méaduiġṫear síoṫċáin díḃ.


¶ Annsin do scríoḃ an ríġ Dárius ċum a nuile ṗobal, ċineaḋaċa, agus teangṫa, áitreaḃus annsa talaṁ uile; Go méaduiġṫear síoṫċáin diḃ.


¶ Gidbeaḋ biáiḋ uiḃir ċlainne Israel aṁuil gaineaṁ na fairge, naċ féidir do ṫoṁas nó dáireaṁ; agus tiucfa a ccríċ, annsa náit a ndúḃraḋ ríu, Ní siḃsi mo ḋaóinesi, annsin a déarṫar ríu, Is siḃsi mic an Dé ḃí.


Agus géuḃṫáoi ċugaiḃ ar an ccéud lá, craoḃa ċrann mbreáḋa, géaga do ċrannuiḃ pailme, agus beangain do ċrannuiḃ tiuġa, agus soileóga an tsroṫa; agus gáirdeoċṫáoi a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA ḃur Ndía seaċd lá.


Do ḋéana mé sméideaḋ orra, agus cruinneoċa mé íad; óir dtúascail mé íad: agus méideoċuid mar do ṁéaduiġeadar.


Agus ceangoluid mórán cineaḋaċ ris an TIĠEARNA annsa lósin, agus béid na bpobal agumsa: agus áitreaċa misi ann do lársa, agus aiṫeonuiḋ tú gur bé TIĠEARNA na slóġ do ċuir ċugad mé.


Fa a námsin, ar mbeiṫ do ṗubal gan airṁeaḋ ar na ccoṁċruinniufgaḋ, ionnus go raḃadar ag saltairt ar a ċéile, do ṫionnsgain sé a raḋ re na ḋeisciobluiḃ ar tús, Coṁéaduiġ siḃ féin ar laiḃin na Ḃṗairsineaċ, eaḋon an fuarċraḃaḋ.


Ar a naḋḃarsin déanuiḋ faire, ag guiḋo gaċ uile uair, ionnus go rucasfuiġ gur fiú siḃ dul as ó na neiṫiḃsi uile atá ċum teaċda, agus go seasṁóċaḋ siḃ a ḃfiaḋnuisi Ṁic an duine.


Do ġlacadar géuga pailme, agus do ċuádar a maċ do ṫeagṁáil air, agus do éiġṁeadar, Hosanna: As beannaiġṫe an té ṫig a nainm an Tiġearna Rí Isráel.


Oír ní háill leam, a ḃráiṫreaċa, ainḃfios na seicréidesi do ḃeiṫ oruiḃ, (do ċum naċ bíaḋ siḃ glic ann ḃur mbaraṁluiḃ féin;) go dtárrla daille air ċuid Díosráel, nó go dtí iomláine na Gcineaḋaċ a steaċ.


Uime sin glacuiḋ ċuguiḃ armáil Dé go huiliḋe, ċum go maḋ-féidir liḃ cur na naḋuiġ a ló an ríaċdanuis, agus seasaṁ ar gcríoċnuġaḋ, na nuile neiṫeann dáoiḃ.


Uime sin do gineaḋ slioċd ó áon aṁáin, agus é fós a rioċd ṁairḃ, coiṁlíonṁar ré realtuiḃ neiṁe, agus ré gaineaṁ ṫráġa na fairrge naċ féidir áireaṁ.


Aċd as ċum sléiḃe Síon atá siḃ ar dteaċd, agus ċum caiṫreaċ Dé ḃí, ċum na Hierusalém neaṁġa, agus ċum cuideaċa na mílteaḋ aíngeal,


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Agus ní ḃiáḋ malluġaḋ ar biṫ ann ní sa ṁó: aċd biáiḋ caṫaóir Dé agus a Nuáin innte; agus do ḋéunuiḋ a ṡearḃḟoġantuiġeaḋa seirḃís dó:


Do ḃeirim do ċóṁairle ḋuit ór a ċeannaċ uáimse do dearḃaḋ a dteine, ionnus go mbeiṫeá saiḋḃir; agus éuduiġe geala, ċum a gcur iomad, ionnas naċ buḋ léir gráineaṁlaċd do lomnoċduiġe; agus ung do ṡúile ré foḃairt na súl, ionnus go maḋ lér ḋuit.


Agus a dtimċioll na caṫáoireaċ fá gcuáirt do ḃádar ceiṫre caṫáoireaċa fiṫċead: agus do ċonnairc mé sna caṫáoireaċuiḃ sin na suiḋe, ceaṫrar ar fiċid seanóir umá raiḃ éuduiġe gléiġeala; agus do ḃádar coróna órrġa aca ar a gceannuiḃ.


Do ḟéuċ mé an tan sin, agus do ċúaluiḋ mé gúṫ ṁórain daingliḃ a dtimċioll na caṫaóireaċ agus na mbeaṫaċ agus na seanoir: agus a sé líon do ḃádar ann deiċ míle núair deiċ míle agus miltiḋeaḋ do ṁíltiḃ;


Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;


Agus tugaḋ dá gaċ áon díoḃ fó leiṫ róbuiḋe fada gléiġeala; agus a duḃraḋ ríu, sgur ar feaḋ tamuill ḃig, nó go mbeiṫ uiḃir a gcoiṁṡearḃḟoġantuiġeaḋ agus a ndearḃraiṫreaċ ar na ċoiṁlíonaḋ, noċ do ḃí ré haġuiḋ a marḃṫa mar íadsan.


Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ṡabulón. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ióseṗ. Do séuluiġeaḋ ḋá ṁíle ḋéug do ṫreiḃ Ḃeniamin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ