Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 7:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Oír do ḋéuna an Túan atá a méaḋón na caṫáoireaċ íadsan do ḃeaṫuġaḋ, agus ḋéunuiḋ a dtreóruġaḋ go tiubruidiḃ uisge na beaṫa: agus glanfuiḋ Día a nuile ḋeór ó na súiliḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 béiḋ sé ’n‐a aoḋaire aca, agus treoróċaiḋ sé go toibreaċa fíor‐uisce na beaṫaḋ iad: agus cuimilfiḋ Dia gaċ deor d’á súiliḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 7:17
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Iosaid na daoine macanta agus biáid sásta: molfuid an TIĠEARNA an luċd íarrus é: mairfiḋ ḃur ccroiḋe go bráṫ.


Gléusfa tú bórd fám ċoinne a ḃfiaġnuise mo náṁad: do ungaiḋ tú mo ċeann le hola, atá mo ċupán ag cur ṫairis.


Tárṫaiḋ do ḋaóine, agus beannuiġ hoiġreaċt: beaṫuiḋ fós íad, agus árduiġ íad go bráṫ.


Uimesin maille ré sólás tarrangṫaoi uisge as toibreaċaiḃ an tslánuiġṫe.


¶ Agus annsa tsliaḃso do ḋéana TIĠEARNA slóġ féusta do nuile ṗobal do neiṫiḃ méiṫe, féusta fiona ar na ṫaisgiḋ a ḃfad, neiṫe méiṫe lán do smior, agus dfíon ar na ṫaisgiḋ a ḃfad agus ar na ṫarruing go maiṫ.


Sluígfiḋ sé súas an bás a mbuáiḋ; agus tiormoċuiḋ an Tiġearna DIA déora do na huile aiġṫiḃ; agus cuirfe sé masla a ṗobail ar ccúl ón ttalaṁ uile: óir do laḃair an TIĠEARNA é.


Oír áitreoḃuid na daóine a Sion ann Ierusalem: ní ġuilfiḋ tú ní sa ṁó: biáiḋ sé ro ġrásaṁuil duit ar ccluinnsion ġoṫa héiġiṁ; a nuáir do ċluinnfiḋ sé sin, freagorniḋ sé ṫú.


Agus biáiḋ ar gáċ uile ṡlíaḃ árd, agus ar gaċ cnoc árd, sroṫa agus caiseaḋa uisgeaḋ a ló a náir ṁóir, a nuair ṫuitfid na tuir.


Agus fillfid an ṁéid ḟúasglas an TIĠEARNA, agus tiucfuid go Síon maille re céol agus re gáirdeaċus síorruiḋe ar a cceannuiḃ: glacfuid síad gáirdeaċus agus lúaṫġáir, agus teiṫfiḋ dóbrón agus osnaḋaċ úaṫa.


Beaṫoċuiḋ sé a ṫréud aṁúil áoḋaiare: cruinneoċaiḋ se na huáin le na láiṁ, agus iomċoruiḋ sé iona uċt íad, agus tiomáinfiḋ go mín an ċuid iona mbí óig.


Ċor go naibéora tú ris na priosúnaċaiḃ, Eirġiḋe amaċ; ris an luċd atá a ndorċadus, Taisbeanuiḋ siḃ féin. Iosaid síad ansna sliġṫiḃ, agus biáid a ninḃior annsna huile áitiḃ arda.


Uimesin fillid fúascailtiġ an TIĠEARNA, agus tiucfuid go Sion maille ré céol; agus biáiḋ sólás suṫain ar a ccionn: do ġeaḃuid lúaṫġáir agus gáirdeaċus; agus teiṫfiḋ dóbrón agus dólás uaṫa.


Ní raċuiḋ do ġrían faói ní as mó; agus ní ṡeaċona do ġealaċ í féin: óir isé an TIĠEARNA ḃus solus síoṫḃúan duit, agus críoċnoċṫar láeṫe do ġuḃa.


Agus gáirdeoċuiḋ misi ann Ierusalem, agus solasfuiḋ mé ann mo ṗobal féin: agus ní ccluinfíġear gúṫ an ġola innte ní sa ṁó, nó fuáim na ccoṁarc.


Oír ḋá olc do rinneadar mo ḋaóinesi; do ṫréigeadar misi tobar na nuisgeaḋ mbéo, agus do ṫoċladar ḋóiḃ féin tiubruide, tiubruide briste naċ ccongṁann uisge.


Tiucfuid síad maille re gul, agus maille re gearánuiḃ ṫréoroċus mé íad: do ḃéara mé orra siuḃal re taóiḃ na sroṫann uisceaḋ a sliġe ḋíriġ, a náit naċ ḃfuiġid siad tuisleaḋ: óir atáim am aṫair ag Israel, agus sé Eṗraim mo ċéidġm.


Agus cuirfe mé súas áon áoḋaire aṁáin ós a ccionn, agus beaṫoċa sé íad, eaḋon mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi; beaṫoċa sé íad, agus biáiḋ na áoḋaire aca.


¶ Agus seasfuiḋ sé agus biaṫfuiḋ sé a neart an TIĠEARNA, a mórḋaċd anma an TIĠEARNA a Ḋía; agus fanfuid síadsan: óir anois biáiḋ sé mór go foirċeann na talṁan.


¶ Beaṫuiġ do ṁuinntir le do ṡlait, tréud hoiġreaċta, noċ ċoṁnuiġios go háonránaċ annsa ċoill, a lár Ċarmel: bíaṫaidís ann Básan agus an Gilead, mar annsna laéṫiḃ a nallod.


Agus tusa a Ḃetleem, talaṁ Iúda, ní tú is Iuġa eidir ḋúiḃciḋiḃ Iúdah: óir is asad ṫiocfas an Duiḃce, sdúireóċus mo ṗubal Israel.


Is beannuiġṫe na daóine do ní doḃrón: óir do ġeaḃa síad sólás.


As misi an táoḋaire maiṫ: cuiriḋ an táoḋaire maiṫ a anam féin ar son na gcáoraċ.


Is misi an táoḋaire maiṫ, agus aiṫniġim mo ċáoiriġ féin, agus aiṫniġid mo ċáoiriġ féin mé.


Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ría, Da mbeiṫ fios tioḋluice Dé agad, agus cía hé an té a deir riot, Taḃair ḋaṁ deoċ; do iárrfása air, agus do ḃéuraḋ se uisge béo ḋuit.


A duḃairt an ḃean ris, A Ṫiġearna, ní ḃfuil gléus tárronga agad, agus atá an tobar doṁain: ar a naḋḃarsin gá háit as a ḃfuil an tuisge béo sin agad?


Aċd giḋ bé neaċ íḃeas as an uisge do ḃéura misi ḋó ní ḃía tart air go bráṫ; aċd an tuisge do ḃéara me ḋó bíaiḋ sé na ṫobar uisge ḟiuċaiġ ann ċum na beaṫa marrṫannuiġe.


Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náoṁ easbuig ḋíḃ, do ḃéaṫuġaḋ eagluíse Dé, noċ do ċeannaiġ sé lé na ḟuil féin.


Beaṫuiġiḋ tréud Dé do fágḃaḋ táoḃ riḃ, ar mbeiṫ ḋá ċúram oruiḃ, ní tré éigean, aċd go toilteanaċ; ní ar son éudála neaṁġloine, aċd maille ré hinntinn ullaiṁ;


A síad so an dream nár salċaḋ ré mnáiḃ; óir as óġa íad. A síad so an dream leanas an Túan giḋ bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannaċ as meaḋón na ndaóineaḋ, na ccéudṫórṫa do Ḋía agus do Núan.


Agus ní ḟácuiḋ mé teampoll innte óir a sé an Tíġearna Día Uileċuṁaċdaċ agus an Túán as teampoll di.


Agus ní ríaċdanaċ air an ccaṫruiġse grían, ná gealaċ dó ṡoillsiuġaḋ innte: óir do ṡoillsiġ glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.


Agus glanfuiḋ Día gaċ uile ḋéor ó na suiliḃ; agus ní ḃiáiḋ bás ann ní sa ṁó, ná caói, ná éiġṁe, agus ní ḃiáiḋ sáoṫar ann ní sa ṁó: óir do ċúadar na céidneiṫe ṫoruinn.


Agus a duḃairt sé riom, Atá sé déunta. As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ. Do ḃéura mé don tí ar a ḃfuil tart ní ré iḃe do ṫobar uisge na beaṫa a naisgiḋ.


Agus do ṫaisbéin sé ḋaṁ srúṫ glan duisge na beaṫa, coiṁḋeallruiġeaċ ré criosdal, ag teaċd amaċ ó ċaṫaóir Dé agus a Núain.


As fíu ṫú, a Ṫíġearna, glóir, agus onóir, agus cúṁaċda dfaġáil: óir as tú do ċruṫuiġ na huile neiṫe, agus as tré do ṫóilse atáid agus do crúṫuiġéaḋ íad.


Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ