Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 7:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Ní ḃiáiḋ ocarus orra nisa ṁó, ná tart feasda orrṫa; agus ní luíġfiḋ an ġrían orrṫa, ná teas ar biṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Ní ḃéiḋ ocras ná tart orṫa ċoiḋċe; agus ní ḃuailfiḋ an ġrian ná aon teas loiscneaċ orṫa: óir an tUan atá i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 7:16
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Isé an TIĠEARNA ṫfear cosanta: isé an TIĠEARNA do scáṫ air do láiṁ ḋeis.


San ló ní ḃuáilfe an ġrían ṫú, nó an ġealaċ san noiḋċe.


Do ṡín mé mo láṁa ċugadsa: atá manam mar an ttalaṁ tartṁar ċugad. Selah.


Atá tart air manam ċum Dé, ċum an Dé ṁarṫannuiġ: ca huáir ṫiucfad agus ṫaisbeanfad mé féin ós coinne aiġṫe Dé?


A Ḋia, is tú mo Ḋíasa; sírfe mé ṫú go moċ: atá manam tartṁar ċugad, atá mfeóil míanṁar ċugad a ttalaṁ ṫirm ṫartṁar, mar naċ ḃfuilid uisgeaḋa;


Ná féuċuiḋ orumsa, do ḃríġ go ḃfuilim duḃ, do ċionn gur ḟéuċ an ġrían orum: do ḃádar clann mo ṁaṫar feargaċ riom; do rinneadar coiṁéaduiġ a luḃġoirt ḟíneaṁna ḋíomsa; aċt níor ċoiṁéad mé mfineaṁuin féin.


Oír do ḃí tú ad neart do na boċduiḃ ad neart do na trúaġanuiḃ iona nainnise, ad ḟasgaḋ ón stoirm, ad scáile on tteasḃaċ, a nuáir ḃios tormán na núaṫḃásaċ aṁuil stoirm a naġaiḋ ḃalla.


Agus biáiḋ neaċ mar áit fasgaiḋ on ġaóiṫ, agus mar ḟolaċ ó nanfa; aṁuil aiḃne uisge a náit ṫirim, aṁail sgáil cairge móire a ḃfearann ṫartṁar.


A nuáir íarrfuid na boiċt agus na ríaċdanuiġ uisge, agus naċ bía sin ann, agus go ḃfailleoċuiḋ a tteanga lé tart, cluinfiḋ misi an TIĠEARNA íad, misi Día Israel ní ṫréigfe mé íad.


Ní ḃiáid ocraċ ná tartṁar; ní mo ġoirteoċus an teasḃaċ nó an ġrían íad: óir tréoroċuiḋ an té agá ḃfuil truáiġe ḋóiḃ íad, eaḋon láiṁ ris na tiobruiḃ fíoruisge ḃéaras sé éolus dóiḃ.


Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA, féuċ, íosuid mo ṡeirḃísiġ, aċt bíaiḋ ocras oruiḃsi: féuċ, mo ṡeirḃísiġ, aċt beiṫise tartṁar: féuċ, gáirdeoċuid mo ṡeirḃísiġ, aċt béiṫisi fa náire:


Agus tárla, a nuáir do éiriġ an ġrían, gur ġléus Día gáoṫ ḋeanaċt a noir; agus do ḃuáil ar ċeann Iónah, iondus gur anḃfamniġ sé, agus dórduiġ sé ann féin bás dfaġáil, agus a duḃairt, Is feárr ḋaṁ bás ná beaṫa.


Aċd ní ḃfuil fréaṁ aige ann féin, aċd fanuiḋ sé ar feaḋ tamaill: agus an tan ṫig trioblóid nó búaiḋreaḋ ar son na bréiṫre, air ball do ġeiḃ sé oilḃéim.


Agus ar néirġe don ġréin, do dóiḋeaḋ é; agus ar son naċ raiḃ fréuṁaige, do ṡearg sé.


Is beannuiġṫe an dream air a ḃfuíl ocras agus tart na córa: óir sáiseoċṫar iád.


Agus ní ḃfuil fréuṁ aca ionnta féin, aċd fanuid ar feaḋ tamuill: agus na ḋiáiġ sin, an tan éirġeas trioblóid agus buáiḋirt tríd an mbréiṫir, ar an mball do ġeiḃid síad oilḃéim.


Agus ar néirġe don ġréin do dóiġeaḋ é le teasḃaċ; agus do ḃríġ naċ raiḃ fréuṁ aige do ṡearg sé.


Do líon sé na dáoine ocraċa lé, neiṫiḃ maiṫe; agus do ċuir sé úaḋ na dáoine saiḋḃre foluṁ.


As beannaiġṫe siḃ a ḋáoine atá ocraċ a nois: óir sáiséoċṫar siḃ. As beannaiġṫe siḃsi ċáoiḋeas a nois: óir do ḋéuntáoi gáire.


Aċd giḋ bé neaċ íḃeas as an uisge do ḃéura misi ḋó ní ḃía tart air go bráṫ; aċd an tuisge do ḃéara me ḋó bíaiḋ sé na ṫobar uisge ḟiuċaiġ ann ċum na beaṫa marrṫannuiġe.


Oír aṁuil ṡeargus an ġrían ar néirġe, an luiḃ ré teas, agus ṫuiteas a bláṫ, agus ṫéid maise a faicseana ar gcúl: is aṁluiḋ sin ṡeargfús an duine saiḋḃir ann a ṡliġṫiḃ.


Agus glanfuiḋ Día gaċ uile ḋéor ó na suiliḃ; agus ní ḃiáiḋ bás ann ní sa ṁó, ná caói, ná éiġṁe, agus ní ḃiáiḋ sáoṫar ann ní sa ṁó: óir do ċúadar na céidneiṫe ṫoruinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ