Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 7:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus a duḃairt mise ris, A ṫíġearna, atá a ḟios agadsa. Agus a duḃairt seision riomsa, Ag so an dream ṫáinic as buáirḋirt ṁóir, agus do niġ a róbuiḋe, agus do ġealuiḋ íad a ḃfuil a Nuáin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus aduḃras‐sa leis, A Ṫiġearna, atá a ḟios agat‐sa. Agus aduḃairt seisean liom, Is iad na daoine ṫáinig as an anró mór iad so, agus do niġeadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i ḃfuil an Uain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 7:14
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃriġ go ndearmadfa tú hanacra, agus go ccuiṁneoċuiḋ tú í mar a nuisce imṫiġios roiṁe:


Agus do ṫeilg ḋi ceiṫre ḟáinne óir, dá ceiṫre coirnealuiḃ; eaḋón ḋá ḟáinne ar áon táoḃ ḋí, agus ḋá ḟáinne ar áon ttáoḃ ḋí, agus ḋá ḟáinne ar an ttáoḃ eile.


Tigiḋ anois, agus déanum réusún re ċéile: a deir an TIĠEARNA: mátá go ḃfuilid ḃur bpeacaiḋe aṁuil scáirléad, béiḋ síad coiṁġeal ré sneaċda; mátá go ḃfuilid dearg mar ċrimson, béiḋ síad aṁuil olann.


Agus tuitfiḋ cuid don druing ṫuigsionaiġ, dá ndearḃaḋ, dá nglanaḋ, agus dá ndéanaṁ geal, eaḋon go haimsir an deiriḋ: do ḃríġ go ḃfuil sin fós ċum aimsire cinte.


Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.


Ṫáinic mé a ḃfogus dáon díoḃ do ṡeas a ccoṁġar, agus dfíafruiġ mé a ḟírinne só uile ḋe. Annsin dinnis se ḋaṁ, agus ṫug orum fios céille na neiṫionn do ḃeiṫ agam.


Annsa lo sin oisceoltar tobar do ṫiġ Ḋáiḃi agus dáitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem ar son peacaiḋ agus ar son neaṁġloine.


Oír bíaḋ aṁgar mór ann tráṫsin, aṁail naċ raiḃ ann ó ṫús an doṁain gus a nois, agus naċ mbiaiġ go bráṫ.


Oír biáiḋ annsna laéṫiḃsin aṁgar, aṁail naċ raiḃ a leiṫéid ann ó ṫús cruṫaiġe na neiṫeaḋ do ċruṫaiġ Día go soiṫe so, agus náċ bía go bráṫ.


Do laḃuir mé na neiṫesi riḃ, do ċum go mbeíṫ síoḋċáin aguiḃ ionnumsa. Do ġéuḃṫáoi trioblóid sa tsáoġal: aċd bíoḋ dóċus maiṫ aguiḃ; so ḃúaḋaiġ misi ar a tsaoġal.


Ag neartuġaḋ anmann na deisciobal, agá dteagusg fá aṁuin sa gcreideaṁ, agus gur tré iomad buaiḋearṫa as éigean dúinn dul a steaċ go ríoġaċd Dé.


Agus ní hé aṁáin, aċd do nimid gáirdeaċus mar an gcéadna a dtrioblóidiḃ: do ḃríġ go ḃfuil a ḟios aguinn go noibriġeann an trioblóid foiġid;


Agus mar so do ḃí cuid agaiḃse: aċd atá siḃ ar ḃur nionnlaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur náoṁaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur sáoraḋ a nainm an Tiġearna Iósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.


Ionnas go ndéunmaóidne féin morḋáil ḃur dtáoḃsa a nagluisiḃ Dé ar son ḃur ḃfoiġide agus ḃur gcreidiṁ ann gaċ gérleanṁuin agus gaċ buáiḋirt iomċras siḃ:


Uime sin do ḟúlaing Iósa an ṗáis mar an gcéudna, don táoḃ amuíġ don ġeata, ċum an ṗubail do náoṁaḋ ḋó ré na ḟuil féin.


A né náċ ro ṁó ná sin ḋéunas fuil Ċríosd, noċ do ḟoráil é féin gan ċáiḋe do Ḋía trés an Sbiorúid ṡíorruiḋe, ḃur ccoinnsíassa ġlanaḋ ó oibreaċuiḃ marḃa ċum seirḃíse do ḋéunaṁ don Día ḃeó?


Aċd ré fuil ṁórluáiḋ Ċríosd, aṁuil uáin gan ċáiḋe gan loċd:


Aċd da siuḃlam sa tsolas, aṁuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré ċéíle, agus glanuiḋ fúil Iósa Críosd a Ṁicsion sinn ó nuile ṗeacaḋ.


Agus ó Iósa Críosd, an ḟíaḋnuisí ḟíre, an ċéidġin ó ṁarḃuiḃ, agus prionnsa ós ríoġuiḃ na talṁan. An tí do ġráḋuiġ sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacaḋuiḃ ré na ḟuil féin,


Giḋeaḋ rugadar buáiḋ air tré ḟuil a Nuáin, agus tré ḃréiṫir a ḟiaḋnuise; agus ní raiḃ suim aca na nanam féin go bás.


Agus do ċonnairc me cosaṁlaċd ḟairrge gloiniḋe ar na cúmasg ré teine: agus an luċd rug buáiḋ ar a nainṁiḋe, agus ar a ioṁáiġ, agus ar a ċóṁarṫa, agus ar úiḃir a anma, na seasaṁ ag an ḃfairrge ġloiniḋe, agus cláirseaċa Dé aca.


Agus do ċonnairc mé an ḃean sin air misge dfuil na náoṁ, agus dfuil ṁairtíreaċ Iósa: agus ar na faicsin daṁ, do ġaḃ iongnaḋ roṁor mé.


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ḃuáiḋirt, agus do ḃoċdaine, (giḋeaḋ atá tú sáiḋḃir) agus an ṁalsa do ḃeir an dream noċ a dei gur Iúduiġeaḋ íad féin, agus ní heaḋ aċd sinagóig Ṡátain.


As beannuiġe an dream ċoiṁéudas a aiṫeanta, ionnus go mbíaḋ cumas ċrainn na beaṫa aca, agus cumas dul a steaċ trés na geataiḋiḃ don ċaṫruiġ.


Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;


Tar a éise sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, buiḋean mór, nár ḃéidir déinneaċ áireaṁ, do gaċ uile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṗubail, agus ṫeanguiḋ, na seasaṁ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfiaḋnuise a Nuáin, umá raḃadar róbuiḋe fada gleiġeala, agus pailm ann a laṁuiḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ