Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 6:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ḟéuċ mé, agus féuċ eaċ glasḃán: agus a sé don ainm don tí do ḃí na ṡuiḋe air an Bás, agus do lean ifrionn e. Agus tugaḋ cúṁaċda ḋóiḃ ar an gceaṫraṁaḋ cuid don talaṁ, a marḃaḋ ré cloiḋeaṁ, agus ré gorta, agus ré bás, agus ré hainṁinntiḃ állta na talṁan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do ḋearcas, agus féaċ, capall liaṫḃán: agus an té do ḃí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a ċuideaċtain. Agus tugaḋ cuṁaċt dóiḃ ar an gceaṫraṁaḋ cuid de’n talaṁ, ċum ḃeiṫ ag marḃaḋ leis an gclaiḋeaṁ, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, agus le h‐ainṁiḋṫiḃ allta na talṁan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 6:8
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Teiġid a cosa síos gus an mbás; beirid a coisgéime greim ar ifrionn.


Sluígfiḋ sé súas an bás a mbuáiḋ; agus tiormoċuiḋ an Tiġearna DIA déora do na huile aiġṫiḃ; agus cuirfe sé masla a ṗobail ar ccúl ón ttalaṁ uile: óir do laḃair an TIĠEARNA é.


A núair ṫroiscfid síad, ní éistfiḋ misi a ccoṁairc, agus a nuáir ṫáirgfid ofráil loisge agus íoḋbairt, ní ġéaḃa mé íad: aċt muirfiḋ mé leis an ccloiḋeaṁ íad, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ.


¶ Féuċ, cuirfe mé fios air ṁórán íascaireaḋ, a deir an TIĠEARNA, agus géaḃuid siad íad; agus na ḋíaiġsin cuirfiḋ mé fios ar ṁórán sealgaireaḋ, agus do ḋéanaid a ḃfíaḋaċ ó gaċ uile ṡlíaḃ, agus ó gaċ uile ċnoc, agus a maċ as polluiḃ na ccarrac.


Eúgfuid síad do ḃásaíḃ doilġiosaċa; ní caóinfiġearíad; agus ní aḋlócṫar íad; aċt béid aṁuil aóileaċ ar ġnúis na talṁan, agus muirfiġear íad leis an ccloiḋeaṁ, agus le gorta; agus béid a ccuirp na mbíaḋ déunuiḃ a naiéir, agus do ḃeaṫuiġiḃ na talṁan.


Agus cuirfiḋ mé an cloiḋeaṁ, an ġorta, agus an ṗláiġ, iona measc, nó go scriostar íad as an ttalaṁ ṫug mé ḋóiḃ féin agus dá naiṫriḃ.


Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Féuċ, cuirfiḋ mé an cloiḋioṁ orra, an ġorta, agus an ṗláiġ, agus do ḋéana mé cosṁuil ré fígiḃ loḃṫa íad, naċ féidir diṫe, air a nolcus.


¶ Agus an tan ṫiucfas sé, buáilfiḋ sé tír na Hégipte, an ṁéid atá ċum báis don ḃás; an ṁéid atá ċum daoirsine don dáoirsine; agus an ṁéid atá ċum an ċloiḋiṁ don ċloiḋeaṁ.


Agus fúigfe mé ṫú ann sa ḃfásaċ, ṫú féin agus uile íasc haiḃneaḋ: tuitfiḋ tú air na maċairiġiḃ loma; ní ṫiuḃarṫar a ccionn a ċéile, agus ní ċruinneoċṫar ṫú: ṫug mé ṫú mar ḃíaḋ do ḃeaṫaċaiḃ an ṁaċaire agus déunlaiṫ neiṁe.


¶ Eúgfuiḋ trían diot leis an bpláiġ, agus le gorta muirfiġear íad ann do lár: agus tuitfiḋ trían leís an ccloiḋeaṁ ad ṫimċioll fa ccuáirt; agus sgaóilfe mé trían annsna uile ġáoṫaiḃ, agus tairreonga mé cloiḋeaṁ amaċ na ndiáiġ.


Fuáisceola mé íad ó ċuṁaċdaiḃ na huáiġe; fuáisceola mé íad ón mbás: Oh a ḃáis, biáiḋ misi am ṗláiġ ḋuit; Oh a uáiġ, biáiḋ mé am scrios duit: foileoċṫar aiṫreaċus óm ṡúiliḃ.


¶ Fós mar an ccéadna, do ḃríġ go cciontuiġionn sé le fíon, is duine úaiḃreaċ é, ní mó ḟanas sé annsa ḃaile, noċ ḟoirleaṫnuiġios a ṁían mar itrionn, agus go ḃfuil mar an mbás, agus naċ ḟéidir a ṡásaḋ, aċt go cruinniġionn sé ċuige gaċ uile ċineaḋ, agus go ccárnann sé a nuile ṗobal ċuige:


Agus annsa treas ċarbad eiċ bána; agus annsa ċeaṫraṁaḋ ċarbad eiċ iaḃaċa agus donna.


Agus tusa, a Ċapernáum, a tá ar do ṫógḃáil súas go neaṁ, téilgfiḋṫear síos go hifrionn ṫú: óir dá maḋ a measg luċd Ṡodoim do ḋéantuiḋe na míorḃuile, do rinneaḋ ionnadsa, do anfaidis gan sgrios gus a níu.


Oir éiréoċuiḋ cineaḋ a naġaiḋ ríoġaċda: agus beíd górta, agus pláiġean na, agus crioṫ talṁan, a móran dáitiḃ.


O a ḃáis, gá háit a ḃfuil do ċáilg? ó a úaiṁ, gá háit a ḃfuil do ḃuáiḋ?


Agus an tí atá beó, giḋ go raiḃ mé marḃ; agus, féuċ, atáim beo go sáoġal na sáoġal, Amén; agus atáid eoċraċa ifrinn agus an ḃáis agam.


Agus do ṫarruing a earball an treas cuid do réultuiḃ niṁe, agus do ṫeilg íad ċum na talṁan: agus do ṡeas an dragún a ḃfiaḋnuisi na mná do ḃí ré haḋuiġ a toirrċeasa de ḃreiṫ, ċum a leinḃ do ṡlugaḋ ḋó ar na ḃreiṫ.


Agus do sgaoileaḋ na ceiṫre haingil, noċ do ḃí ullaṁ dúair, agus do ló, agus do ṁí, agus do blíaḋain, ċum an treas coda do na daóiniḃ do ṁarḃaḋ.


As ris na trí pláiġiḃse do marḃaḋ an treas cuid do na daóiniḃ, ris an dteíne, agus ris a ndeatuiġ, agus ris an ruiḃ ṫáinic, as a mbéuluiḃ amaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ