Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 6:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus do ḟéuċ mé an tan do ḟosguil sé an seiseaḋ séula, agus, féuċ, do ċríoṫnuiġ an talaṁ go mór; agus do rinneaḋ an ġrían cóṁḋorċa ré héudaċ róin, agus do rinneaḋ an ġealaċ uile cósṁuil ré fuil;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus nuair d’ḟoscail sé an séaṁaḋ séala, do ḋearcas, agus do ḃí crioṫ mór talṁan ann; agus d’éiriġ an ġrian ċóṁ duḃ le h‐éadaċ róin, agus d’éiriġ an ġealaċ lán cosṁail le fuil;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 6:12
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin ċlaóiḋfiġear an ġealaċ, agus biáiḋ náire air an ngréin, a nuáir ríġfeas TIĠEARNA na slóġ a slíaḃ Síon, agus ann Ierusalem, agus a ḃfíaġnuise a ṡeanaḋ go glórṁar.


Do ḋéana TIĠEARNA na slóġ cuáirt agad maille re tóirniġ, agus lé crioṫtalṁan, agus lé tormán mor, lé stoirm agus lé hanfa, agus lé lasair ṫeineaḋ loisgniġe.


Agus cuirfiġear ó ċéile uile ṡlúaġ niṁe, agus crapfuiġear na flaiṫis a ccionn a ċéile aṁuil scrola: agus tuitfiḋ a slúaġ uile síos, mar ṫuitios an duille do nfineaṁuin, agus aṁuil fíge ṫuiteas don ċrann fíge.


Eáduiġim na flaiṫis lé duiḃe, agus do ním saicéadaċ dá ḃfolaċ.


Crioṫnoċuiḋ an talaṁ rompa; coiṁċreaṫfuid na neaṁa: biáiḋ an ġrían agus an ġealaċ dorċa, agus coinneoċuid na réulta air a ndéalraḋ:


Dorċoċṫar an ġrían agus an ġealaċ, agus coinneoċuid na réulta air ais a ndéallraḋ.


Briaṫra Amos, do ḃí a measc áoḋaireaḋ Ṫecoa, noċ do ċonnairc sé a ttáoḃ Israel a laéṫiḃ Ussiah ríġ Iúdah, agus a laéṫiḃ Ieroboam ṁic Ioas ríġ Israel, ḋá ḃlíaḋuin rioṁe an ccríoṫ talṁan.


Agus ttiucfa a ccríċ annsa ló sin, a deir an Tiġearna DIA, go ttiuḃra misi air an ngréin dul faói san meaḋon laói, agus do ḋéana mé an talaṁ dorċa san ló ġlan:


Agus teiṫfiḋ siḃsi go gleann na sliaḃ; óir roiṫeoċuiḋ gleann na slaíḃ go Hasal: a seaḋ, teiṫfiḋe, aṁuil mar do ṫeiṫeaṁair roiṁe an ccrioṫ ttalṁan a laéṫiḃ Ussiah ríġ Iúdah: agus tiucfuiḋ an TIĠEARNA mo Ḋía, agus na naóiṁ uile leaċd.


Is anáoiḃinn ḋuit, a Ċorasin! Is anáoiḃinn duit, a Ḃetsáida! Óir da maḋ a Ttírus agus a Sídon, do ḋéantuiḋe na miorḃuile, do rinneaḋ ionnaiḃsi, is fada ó ṡoin do ḋéindís aiṫriġe a néadaċ róin agus a lúaiṫ.


Ar an mball ndíaiġ trioblóide na laiṫeaḋ úd bíaiḋ an ġrían ar ua ḋorċuġaḋ, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillsi úaiṫe, agus tuitfid na réulta ó neaṁ, agus craiṫfiḋṫear suḃáilciḋe neiṁe.


Oir éiréoċuiḋ cineaḋ a naġaiḋ ríoġaċda: agus beíd górta, agus pláiġean na, agus crioṫ talṁan, a móran dáitiḃ.


Agus do ḃí dorċadas ar an dtalaṁ uile ón seiseaḋ húair go sóiṫe an náoṁaḋ húair.


Aċd ar ḃfaicsin an ċreaṫa talṁon, agus na neiṫeaḋ do éiriġ ann, don ċaptín agus dá raiḃ na ḟoċaír, ag coiṁéad Iósa, do ġaḃ eagla ṁór íad, ag ráḋ, Go fírinneaċ dob é so mac Dé.


Agus, féuċ, do ḃí criṫ mór talṁan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tiġearna a núas ó neaṁ, táinic sé, agus diomlait sé an ċloċ ón dorus, agus do ṡuiġ sé uirrṫe.


Agus an tan ṫáinic an seiseaḋ húair, do ḃí dorċadas ar feaḋ na talṁan uile go sóiṫe an náoṁaḋ húair.


Agus ar a nuáirsin féin do ḃí críoṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deaċṁaḋ cuid don ċaṫruiġ, agus do marḃaḋ seaċd míle pearsa ris an gcríṫ talṁan sin: agus do ġaḃ eagla an ċuid eile, agus tugadar glóir do Ḋía neiṁe.


Agus do ḃádar góṫanna, agus teinteaċ, agus tóirrneaċ ann; agus tárrla crioṫ mór talṁan ann, naċ raiḃ a leiṫid ann a ríaṁ ón traṫ fá raḃadar daóine ar an dtalaṁ, ċoṁmór sin do ċrioṫ talṁan.


Agus do ḋóirt an ceaṫraṁaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ ar an ngréin; agus tugaḋ cúṁaċda ḋó daóine do ṗíanaḋ ré hainteas teineaḋ.


Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ aingeal a sdoc, agus do buáileaḋ an treas cuid don ġréin, agus an treas cuid don ġealuiḋ, agus an treas cuid do na réultuiḃ; ionnus go ndearnaḋ an treas cuid dioḃ dorċa, agus níor ḋeallruiġ an lá an treas cuid de, agus a noiḋċe mar an gcéudna.


Agus do ġlac an taingeal an sionnsa, agus do líon sé do ṫeine na haltóra, agus do ṫeilg sé fan dtalaṁ é: agus do éiriġ góṫanna, agus tóirneaċ, agus tinnteaċ, agus criṫ talṁan ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ