Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 6:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus tugaḋ dá gaċ áon díoḃ fó leiṫ róbuiḋe fada gléiġeala; agus a duḃraḋ ríu, sgur ar feaḋ tamuill ḃig, nó go mbeiṫ uiḃir a gcoiṁṡearḃḟoġantuiġeaḋ agus a ndearḃraiṫreaċ ar na ċoiṁlíonaḋ, noċ do ḃí ré haġuiḋ a marḃṫa mar íadsan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus tugaḋ róba geal do gaċ duine aca; agus aduḃraḋ leo fanaṁain go suaiṁneaċ tamall beag eile, nó go gcóiṁlíontaiḋe méid a gcóiṁ‐ṡeirḃíseaċ agus a mbráṫar do ḃí le marḃaḋ mar iad féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 6:11
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt air do ṡonsa imṫiġ roṁad nó go raiḃ an deireaḋ: óir suáiṁneoċa tú, agus seasfa tú annsa ċrannċair go deireaḋ na láeṫeaḋ.


Agus do ḃéaruiḋ an dearḃraṫair a ḋearḃraṫair ċum báis, agus an taṫair an mac: agus éireoċuiḋ an ċlann a naġuiḋ a naiṫreaċ agus a maiṫreaċ, agus do ḃéuraiḋ fa deara a gcur ċum báis.


Agus a duḃhairt an taṫair ré na ṡearḃoġantaiḃ, Taḃruiḋ an ċuluiḋein is fearr liḃ, agus cuireiḋ uime í; agus cuiriḋ fainne air a láiṁ, agus bróga air a ċosaiḃ:


Cuirfid síad as na sínagóguiḃ siḃ: agus fós, tig a nuáir, giḋ bé ṁuirfeas siḃ go mḃreaṫnóċa sé go ndéanann sé seirḃis do Ḋía.


Aċd ní ḃfuil cás agam a néinni, agus ní ḃfuil cion agam ar manum féin, aċd go dti ḋíom mo ṫuras, agus an miniosdrálaċd fuáir mé ón Dtiġearna Iósa do ċoiṁlíonaḋ maille ré gáirdeaċus, ré fíaḋnuise ḋéunaṁ do ḋóisgéul ġrás Dé.


Agus suáiṁneas diḃse ḟuilngeas buáiḋirt má ráon rinne, an tan ḟoillséoċas an Tíġearna Iósa é féin ó neaṁ maille ré na aingliḃ cúṁaċdaċa,


Do ċóṁraic mé cóṁrac maiṫ, ráinic mé ceann mo ċoiṁleanga, do ċoiṁéid me an creaideaṁ:


Ar mbeiṫ do Ḋía ag soláṫar ḋuinne an neiṫe as féarr, ċum gan íadsan do ḃeiṫ iomlán ar ḃféugṁuisne.


Agus ċum an coiṁṫionóil ġinearalta agus eagluis gaċa ċéidġine, noċ atá sgríoḃṫa ar neaṁ, agus ċum Dé breiṫeaṁ na nuile, agus ċum spíorad na ḃfiréun ndiongṁálta,


Oír an tí do ċuáiḋ a steaċ ḋá ṡuáiṁneas san, do ċóṁnuiḋ sé mar an gcéudna ón á oibreaċuiḃ, aṁuil do ċoṁnuiġ Día ón á oibreaċuiḃ féin.)


Agus tug sé an tí ṁaireas go sáoġal na sáoġal, noċ do ċrúṫuiġ neaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus an talaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus a nfairrge, agus na neiṫe atá innte, mar ṁionnuiḃ, naċ bíaḋ aimsir ann feasda:


Agus tugaḋ cúṁaċda ḋó, sbíorad do ṫaḃairt díoṁáiġ a náinṁiḋe, ionnus go laiḃéoraḋ ioṁáiġ a nainṁiḋe, agus go dtiuḃraḋ fó deara an ṁéidnaċ dtiuḃraḋ onóir díoṁaiġ a nainṁiḋe, do ṁarḃaḋ.


Agus do ċúala mé gúṫ ó neaṁ ag ráḋ riom, Sgríoḃ, Is beannuiġe na mairḃ do ġeiḃ bás sa Dtíġearna feasda: A seaḋ a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda ḋá sáoṫar; agus leanuid a noibreaċa íad.


Agus do ċonnairc mé an ḃean sin air misge dfuil na náoṁ, agus dfuil ṁairtíreaċ Iósa: agus ar na faicsin daṁ, do ġaḃ iongnaḋ roṁor mé.


Agus a duḃairt mise ris, A ṫíġearna, atá a ḟios agadsa. Agus a duḃairt seision riomsa, Ag so an dream ṫáinic as buáirḋirt ṁóir, agus do niġ a róbuiḋe, agus do ġealuiḋ íad a ḃfuil a Nuáin.


Tar a éise sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, buiḋean mór, nár ḃéidir déinneaċ áireaṁ, do gaċ uile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṗubail, agus ṫeanguiḋ, na seasaṁ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfiaḋnuise a Nuáin, umá raḃadar róbuiḋe fada gleiġeala, agus pailm ann a laṁuiḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ