Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 6:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Do ċonnairc mé an tan do ḋosguil an Túan an ċéid séula do na séuluiġiḃ, agus do ċúaluiḋ mé beaṫaċ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ ag ráḋ, mar ḟúaim tóirrniġe, Gaḃ a leiṫ agus féuċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair ḃris an tUan ceann de na séalaiḃ, do ḋearcas agus do ċualas ceann de na h‐ainṁiḋṫiḃ g‐á ráḋ mar ḃéaḋ le fuaim tóirniġe, Tar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 6:1
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An lá na ḋíaiġ sin do ċunnairc Eóin Iósa ag teaċd ċuige féin, agus a duḃairt sé, Féuċ Uan Dé, ṫógḃas peacaḋ an doṁain.


Oír ní héidir linne gan na neiṫe do ċúalamar agus do ċunncamar do laḃairt.


Agus do hosglaḋ teampoll Dé ar neaṁ, agus ba léir áirc a ċonnarṫa ann a ṫeampoll: agus do ḃí tinnteaċ, agus goṫanna, agus tóirrneaċ, agus crioṫ talṁan, agus cloiċṡneaċda mór ann.


Uime sin do ḃéuruiḋ na huile ḋaóine áitreaḃas an talaṁ onóir ḋó, an luċd naċ ḃfuilid a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin do marḃaḋ ó ṫosaċ an doṁain.


Agus do ċúaluiḋ mé gúṫ ó neaṁ, mar ḟuáim iomad uisgeaḋ, agus mar ḟuáim tóirniġ móire: agus do ċúaluiḋ mé fuáim cláirséoraḋ ag déunaṁ ceóil ré na gcláirseaċuiḃ:


Agus do ċúala mé aṁuil gúṫ buḋne móire, agus aṁuil fuáím uisgeaḋ iomḋa, agus aṁuil fúaim tóirrniḋ aintréin, ag ráḋ, Alleluía: óir a sé an Tíġearna Día uileċúṁaċdaċ as Rí ann.


Agus do ḃí ar gaċ beaṫaċ fó leiṫ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ sin, sé sgiaṫáin fá gcuáirt; agus íad don táoḃ a stiġ lán do ṡúiliḃ: agus níor sguireadar do ló ná doiḋċe, dá ḃeiṫ ag ráḋ, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, an Tiġearna Día Uileċúṁaċdaċ, an té ḃí, agus atá agus ḃías.


Agus do ċonnairc mé ar láiṁ ḋeis an tí do ḃí na ṡuíḋe sa gcaṫaóir, leaḃar sgríoḃṫa don táoiḃ a stiġ agus don táoḃ a muiġ, do daingniġeaḋ ré seaċd séula.


Ag ráḋ do ġúṫ árd, As fíu an Túan do ṁarḃaḋ cúṁaċda, agus saíḋḃrios, agus éagna, agus neart, agus onóir, agus glóir, agus molaḋ dfaġáil.


Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.


Agus an tan do ḟosguil sé an dar séula, do ċúaluiḋ mé an dara beaṫaċ ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ agus féuċ.


Agus an tan do ḟosguil sé an treas séula, do ċúaluiḋ mé an treas beaṫaċ ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ agus féuċ. Agus do ḟéuċ mé, agus féuċ eaċ dúḃ; agus an té do ḃí na ṡuiġe air do ḃí meaḋ aige na láiṁ.


Agus an tan do ḟosguil sé an ceaṫraṁaḋ séula, do ċúala me gúṫ an ċeaṫraṁaḋ beaṫuiġ ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ agus féuċ.


Agus an tan do ḟosguil sé an seaċdṁaḋ séula, do ḃí cíunas ar neaṁ túairim leaṫuáire.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ