Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 5:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus nuair do ġlác sé an leaḃar, do ṫuit na ceiṫre h‐ainṁiḋṫe agus an ceaṫrar seanóir agus fiċe síos os cóṁair an Uain, cruit ag gaċ duine aca, agus soiṫiġ óir lán de ṫúis aca, gur ab iad urnaiġṫe na naoṁ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 5:8
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Bíoḋ murnaiġ ar na díriuġaḋ ós coinne haiġṫe mar ṫúis; tógḃáil súas mo laṁ mar íoḋbairt an tráṫnóna.


Moluiḋ é ré guṫ an trumpa: moluiḋ é leis an tsaltair agus leis an gcláirsiġ.


Molaiḋ an TIĠEARNA ris an ccláirsiġ: re psaltair re hionstrumeint ḋeiċ ttéud canuiḋ ḋó.


Agus annsin raċa mé go haltóir Dé, go nuige Día luaṫġáir mo ġáirdeaċuis: agus, molfad ṫú ar an ccláirsiġ, ó a Ḋé mo Ḋía.


Glacaiḋ psalm, agus tugaiḋ an tiompán liḃ, an tsiterne ṫaiġiúir maille ris an ccláirsiġ.


Eán liaċ aṁáin órḋa do ḋeiċ secel, lán do ṫúis:


An lá na ḋíaiġ sin do ċunnairc Eóin Iósa ag teaċd ċuige féin, agus a duḃairt sé, Féuċ Uan Dé, ṫógḃas peacaḋ an doṁain.


Do ċum go nonórfaḋ gaċ uile ḋuine an Mac, mar onóraid siad an Taṫair. An té naċ onóruiġeann an Mac ní onóruiġeann sé an Taṫair do ċuir uáḋ é.


Agus a ris, an tan do ḃeir sé a steaċ an ċéidġin don doṁan, a deir sé, Agus tuguid aingil Dé uile onóir ḋó.


Uime sin do ḃéuruiḋ na huile ḋaóine áitreaḃas an talaṁ onóir ḋó, an luċd naċ ḃfuilid a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin do marḃaḋ ó ṫosaċ an doṁain.


Agus do ċonnairc me cosaṁlaċd ḟairrge gloiniḋe ar na cúmasg ré teine: agus an luċd rug buáiḋ ar a nainṁiḋe, agus ar a ioṁáiġ, agus ar a ċóṁarṫa, agus ar úiḃir a anma, na seasaṁ ag an ḃfairrge ġloiniḋe, agus cláirseaċa Dé aca.


Agus tug beaṫaċ do na ceiṫre beaṫaiḋiḃ do na seaċd naingliḃ seaċd soiṫiġe órrġa líonta dfeirg Dé, ṁaireas go sáoġal na sáoġal.


Agus do léigeadar an cearṫar ar ḟiċíd seanóir, agus na ceiṫre beaṫuiġ íad féin síos agus tugadar onóir do Ḋía do ḃí na ṡuíḋe sa gcaṫaóir, ag raḋ, Amén; Alleluía.


Do léigeadar an ceaṫrar air ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise an té do ṡuiġ sa gcaṫaóir, agus tugadar onóir don té ṁaireas go sáoġal na sáoġal, agus do ṫeilgeadar a gcorónaċa a ḃfíaḋnuise na caṫáoire, ag ráḋ,


Agus a dtimċioll na caṫáoireaċ fá gcuáirt do ḃádar ceiṫre caṫáoireaċa fiṫċead: agus do ċonnairc mé sna caṫáoireaċuiḃ sin na suiḋe, ceaṫrar ar fiċid seanóir umá raiḃ éuduiġe gléiġeala; agus do ḃádar coróna órrġa aca ar a gceannuiḃ.


Agus do ḃí a ḃfíaḋnuise na caṫaóireaċ fairrge ġloine bá cosṁuil ré criosdal: agus eidir an gcaṫaóir, agus na neiṫe do ḃí na timċioll, do ḃádar ceiṫre beaṫuiġ lán do ṡúiliḃ rompaḋ agus na ndiáiġ.


Agus do ḃí ar gaċ beaṫaċ fó leiṫ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ sin, sé sgiaṫáin fá gcuáirt; agus íad don táoḃ a stiġ lán do ṡúiliḃ: agus níor sguireadar do ló ná doiḋċe, dá ḃeiṫ ag ráḋ, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, an Tiġearna Día Uileċúṁaċdaċ, an té ḃí, agus atá agus ḃías.


Do ḟéuċ mé an tan sin, agus do ċúaluiḋ mé gúṫ ṁórain daingliḃ a dtimċioll na caṫaóireaċ agus na mbeaṫaċ agus na seanoir: agus a sé líon do ḃádar ann deiċ míle núair deiċ míle agus miltiḋeaḋ do ṁíltiḃ;


Ag ráḋ do ġúṫ árd, As fíu an Túan do ṁarḃaḋ cúṁaċda, agus saíḋḃrios, agus éagna, agus neart, agus onóir, agus glóir, agus molaḋ dfaġáil.


Agus a duḃradar na ceiṫre beaṫuiġ, Amén. Agus do léigeadar an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos ar a naiġṫiḃ agus tugadar onóir don té ṁaireas go sáoġal na sáoġal.


Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.


Do ċonnairc mé an tan do ḋosguil an Túan an ċéid séula do na séuluiġiḃ, agus do ċúaluiḋ mé beaṫaċ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ ag ráḋ, mar ḟúaim tóirrniġe, Gaḃ a leiṫ agus féuċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ