Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 5:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus i lár na seanóir, do ċonnacas an tUan ’n‐a ṡeasaṁ, mar ḃéaḋ sé tar éis a íoḋbarṫa, seaċt n‐aḋarca agus seaċt súile aige, gur ab iad seaċt Spioraidí Dé iad,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 5:6
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír riṫid súile an TTIĠEARNA ċuige agus úaḋ ar feaḋ an doṁuin úile, dá ḟoillsiuġaḋ feín láidir do ṫaoḃ na druinge a mbía a ccroiḋe iomlán da ṫaoḃ. Annso do rinne tusa go leaṁ: uimesin ó so amaċ biaiḋ cogaḋ ort.


Agus tugaḋ tiġearnas, agus glóir ḋó, agus rioġaċt, ċor go ḃfoġnaḋ a nuile ṗobal, cineaḋ, agus teángṫa ḋó: is tiġearnas síorruiḋe a ṫiġearnas, naċ niomeoċaiḋ ṫort, agus sí a rioġaċt naċ díoġḃáiġfiġear.


Annsin do ṫóig mé súas mo ṡúile, agus do ċonnairc mé, agus, féuċ, do ṡeas as coinne na haḃann reiṫe air a raḃadar ḋá aḋairc: agus dob árd an dá aḋairc; aċd buḋ áirde áon ná an dara, agus ṫáinic a naḋarc buḋ áirde súas fa ḋeireaḋ.


Eiriġ agus buáil, a inġean Ṡion: óir do ḋéana misi íarann dot aḋairc, agus do ḋéana mé hingne na bprás: agus buáilfiḋ tú na ccodċaiḃ mórán daóine: agus náoṁṫoċa misi a ttarḃa don TIĠEARNA, agus a ttaḋḃaċt do ṪIĠEARNA na talṁan uile.


Agus do ḃí a ḋéalraḋ mar an solus; do ḃádar aḋarca as a láiṁ: agus ann sin do ḃí folaċ a ċuṁaċd.


Oír, féuċ an ċloċ do ċuir mé roiṁe Iosuah, béid seaċt súile air áonċloiċ: féuċ, greanfa mé a ġreantasan, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus áṫroċa mé éicceart na dúiċṫe sin a náonló.


Oír cía do ṫarcuisniġ lá na niṫeann mbeag? óir gairdeoċuid, agus do ċífid an doruḃa a láiṁ Ṡerubbabel maille ris an móirṡeisior sin; isíad suile an TIĠEARNA, noċ rioṫios síos agus súas air feaḋ na talṁan uile.


Ean ḃulóg óg, éan reiṫe, ean úan don ċéad ḃliaḋuin, mar ofráil loiscṫe:


Eán ḃulóg óg, éan reiṫe, éan úan don ċéid ḃliaḋuin, mar ofráil loiscṫe:


Agus do ṫóg sé súas aḋarc na sláinte ḋúinne a dtiġ Ḋáiḃi a ṡearḃḟoġantuiḋe féin;


An lá na ḋíaiġ sin do ċunnairc Eóin Iósa ag teaċd ċuige féin, agus a duḃairt sé, Féuċ Uan Dé, ṫógḃas peacaḋ an doṁain.


Agus ar ḃfaicsin Iósa ag sioḃal. A duḃairt sé; Féuċ Uan Dé!


Agus a sé so an mball don sgríobtúir do léiġ sé, Mar ċáoiriḋ do rugaḋ ċum báis é; agus aṁail uáin na ṫoċd a ḃfíaḋnuise a nfir lomarṫa, is mar sin nár osgail sé a ḃéul:


Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion;


Giḋeaḋ rugadar buáiḋ air tré ḟuil a Nuáin, agus tré ḃréiṫir a ḟiaḋnuise; agus ní raiḃ suim aca na nanam féin go bás.


Uime sin do ḃéuruiḋ na huile ḋaóine áitreaḃas an talaṁ onóir ḋó, an luċd naċ ḃfuilid a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin do marḃaḋ ó ṫosaċ an doṁain.


Agus daṁairc mé, agus, féuċ, Uán na ṡeasaṁ ar slíaḃ Sióin, agus céud ceaṫrar agus dá ḟiċid do ṁíltiḃ na ḟoċair, agá raiḃ ainm a Aṫar sgríoḃṫa a gcláruiḃ a néudan.


Cóṁruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruiḋ an Túan buáiḋ orrṫa: óir a sé Tíġearna na dtíġearnaḋ é, agus Rí na ríġṫeaḋ: agus an luċd atá ḋá ṫáoḃ atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtóġa, agus ionnruic.


Agus ní ḟácuiḋ mé teampoll innte óir a sé an Tíġearna Día Uileċuṁaċdaċ agus an Túán as teampoll di.


Agus ní ríaċdanaċ air an ccaṫruiġse grían, ná gealaċ dó ṡoillsiuġaḋ innte: óir do ṡoillsiġ glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.


Agus do ṫaisbéin sé ḋaṁ srúṫ glan duisge na beaṫa, coiṁḋeallruiġeaċ ré criosdal, ag teaċd amaċ ó ċaṫaóir Dé agus a Núain.


Agus ní ḃiáḋ malluġaḋ ar biṫ ann ní sa ṁó: aċd biáiḋ caṫaóir Dé agus a Nuáin innte; agus do ḋéunuiḋ a ṡearḃḟoġantuiġeaḋa seirḃís dó:


Agus do ḃí ar gaċ beaṫaċ fó leiṫ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ sin, sé sgiaṫáin fá gcuáirt; agus íad don táoḃ a stiġ lán do ṡúiliḃ: agus níor sguireadar do ló ná doiḋċe, dá ḃeiṫ ag ráḋ, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, an Tiġearna Día Uileċúṁaċdaċ, an té ḃí, agus atá agus ḃías.


Do ḟéuċ mé an tan sin, agus do ċúaluiḋ mé gúṫ ṁórain daingliḃ a dtimċioll na caṫaóireaċ agus na mbeaṫaċ agus na seanoir: agus a sé líon do ḃádar ann deiċ míle núair deiċ míle agus miltiḋeaḋ do ṁíltiḃ;


Ag ráḋ do ġúṫ árd, As fíu an Túan do ṁarḃaḋ cúṁaċda, agus saíḋḃrios, agus éagna, agus neart, agus onóir, agus glóir, agus molaḋ dfaġáil.


Agus do ċúala mé gaċ uile ċreatúir dá ḃfuil ar neaṁ, agus ar talaṁ, agus faói an talaṁ, agus dá ḃfuil sa ḃfairge, agus gaċ a ḃfuil ionnta, ag ráḋ, Molaḋ, agus onóir, agus glóir, agus cúṁaċda, don té atá na ṡuiḋe sa gcaṫaoir, agus don Uan go sáoġal na sáoġal.


Agus a duḃradar na ceiṫre beaṫuiġ, Amén. Agus do léigeadar an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos ar a naiġṫiḃ agus tugadar onóir don té ṁaireas go sáoġal na sáoġal.


Agus a dúḃradar ris na sléiḃtiḃ agus ris na cairrgiḃ, Tuitiḃ oruinn, agus folċuiḋ sinn ó ġnúis an tí atá na ṡuiḋe sa gcaṫaóir, agus ó ḟeirg a Nuáin:


Brisfiġear náṁuiḋ an TIĠEARNA na míreannuiḃ; amaċ ó neaṁ do ḋéana sé tóirneaċ orra: breaṫnoċuiḋ an TIĠEARNA cúainniġ an doṁuin, agus do ḃeara sé neart ḋá ríġ, agus áirdeoċaiḋ sé aḋarc a ungṫaiḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ