Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 5:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do ċúala mé gaċ uile ċreatúir dá ḃfuil ar neaṁ, agus ar talaṁ, agus faói an talaṁ, agus dá ḃfuil sa ḃfairge, agus gaċ a ḃfuil ionnta, ag ráḋ, Molaḋ, agus onóir, agus glóir, agus cúṁaċda, don té atá na ṡuiḋe sa gcaṫaoir, agus don Uan go sáoġal na sáoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus gaċ niḋ dár cruṫuiġeaḋ ar neaṁ, nó ar talaṁ, agus fá’n talaṁ, agus san ḃfairrge, agus gaċ a ḃfuil ionnta, do ċualas iad g‐á ráḋ, An molaḋ, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an ċuṁaċt, go raiḃ ag an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, agus ag an Uan go saoġal na saoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 5:13
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

As leatsa, a ṪIĠEARNA, an ṁórḋaċd, agus na cuṁaċda, agus an ġlóir, agus an ḃuáiḋ, agus an ríoġaṁlaċd: óir is leaċd a nuile ní da ḃfuil ar neaṁ agus air talaṁ; as leaċd an rioġaċd, a ṪIĠEARNA, agus atá tú ar hárduġaḋ mar ċeann ós cionn a nuile ní.


Tóigfid síad a nguṫ súas, canfuid céol ar son ṁórḋaċda an TIĠEARNA, goirfid go hárd ón ḃfairge.


¶ Canaiḋ don TIĠEARNA caintic núaḋ, agus a ṁolaḋ ó imiol na talṁan, siḃsi do ṫéid síos ċum na fairge; agus a nuile ní dá ḃfuil innte; na hoiléin, agus a náitreaḃṫaċa.


Agus na léig sinn a ccaṫuġaḋ, aċd sáor inn ó olc: Oir is leaċd féin an ríoġaċd, agus an ċúṁaċd, agus an ġloír, go siórruiġe. Amen.


Glóir do Ḋía ann sna hárduiḃ, agus síoḋċáin ar an dtalaṁ, deaġṫoil do na dáoiniḃ.


An lá na ḋíaiġ sin do ċunnairc Eóin Iósa ag teaċd ċuige féin, agus a duḃairt sé, Féuċ Uan Dé, ṫógḃas peacaḋ an doṁain.


Oír is úaḋasan, agus ṫrídsion, agus ar a ṡonsan atáid na huile neiṫe: glóir ḋó féin go síorruiḋe. Amén.


Don náoin Día éagnaiḋe aṁáin, glóir go síorruiḋe tré Iósa Críosd. Amén.


Ag ar díoḃ na haiṫre, agus ó a ḃfuil Críosd do réir na feóla, atá na Ḋía ós cionn na nuile, beannaiġe go síorruiḋe. Amén.


Don tí sin glóir sa neagluis tré Iósa Críosd ó ḋíne go dine, go sáoġal na sáoġal. Amén.


Ionnus go ccromṫaḋ gaċ uile ġlún dainm Iósa, eaḋon glúine na neiṫeann atá ar neaṁ, agus ar talaṁ, agus fáoi an dtalaṁ;


Má ċóṁnuiġeann siḃ go fonndameinteaċ daingean sa gcreideaṁ, gan ḃeiṫ ḋíḃ ar ḃur naṫruġaḋ ó ṁuiniġin an tsoisgéil, noċ do ċúalaḃair, agus do rinneaḋ ṡeanmóir dá gaċ uile ċreatúr atá faói neaṁ, dá ḃfuilimse Pól am ṁinisdir;


Taḃair aire ḋuit féin, agus do ṫeagusg; coṁnuiġ ionnta: oír dá ndéuna tú sin sáorfuiḋ tu ṫú féin, agus an drong éisdeas riot.


Má laḃrann éanneaċ, láḃraḋ mar ḃríáṫra Dé; má ní éainneaċ miniosdrálaċd, déunaḋ í réir na hacfuinne ḃeir Día úaḋ: ionnus go ḃfuiġe Díá glóir sna huile neiṫiḃ tré Iósa Críosd; agá ḃfuil glóir agus cuṁaċda go sáoġal na sáoġal. Amén.


Glóir agus cúṁaċd ḋósan go sáoġal na sáoġal. Amén.


Don náon Ndía eagnuiġe na áonar ar Slánaiġṫeóir, glóir agus mórġaċd, neart agus cúṁaċda, a nois agus go sáoġal na sáoġal. Amén.


Agus do rinne ḋínn ríġṫe agus sagairt do Ḋía agus dá Aṫair; glóir agus cúṁaċda ḋósan go sáoġal na sáoġal. Amén.


Uime sin do ḃéuruiḋ na huile ḋaóine áitreaḃas an talaṁ onóir ḋó, an luċd naċ ḃfuilid a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin do marḃaḋ ó ṫosaċ an doṁain.


Agus do ċonnairc mé ar láiṁ ḋeis an tí do ḃí na ṡuíḋe sa gcaṫaóir, leaḃar sgríoḃṫa don táoiḃ a stiġ agus don táoḃ a muiġ, do daingniġeaḋ ré seaċd séula.


Ag ráḋ do ġúṫ árd, As fíu an Túan do ṁarḃaḋ cúṁaċda, agus saíḋḃrios, agus éagna, agus neart, agus onóir, agus glóir, agus molaḋ dfaġáil.


Agus níor ḃféidir ré héinneaċ air neaṁ, ná air talaṁ, ná fáoi an dtalaṁ, an leaḃar dfosglaḋ, ná fós feuċain air.


Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.


Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;


Agus a dúḃradar ris na sléiḃtiḃ agus ris na cairrgiḃ, Tuitiḃ oruinn, agus folċuiḋ sinn ó ġnúis an tí atá na ṡuiḋe sa gcaṫaóir, agus ó ḟeirg a Nuáin:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ