Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 5:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Do ḟéuċ mé an tan sin, agus do ċúaluiḋ mé gúṫ ṁórain daingliḃ a dtimċioll na caṫaóireaċ agus na mbeaṫaċ agus na seanoir: agus a sé líon do ḃádar ann deiċ míle núair deiċ míle agus miltiḋeaḋ do ṁíltiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus do ḋearcas, agus ċualas glór a láin aingeal i dtimċeall na riġ‐ċaṫaoireaċ agus i dtimċeall na n‐ainṁiḋe agus na seanóir, agus ba é a líon deiċ míle fó ḋeiċ míle agus na mílte de ṁíltiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 5:11
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt seision, Eistse ar a naḋḃarsin bríaṫar an TIĠEARNA: do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡuiḋe iona ċaṫaoir, agus slóiġ ḟlaiṫeaṁnuis uile na seasaṁ na ḟoċair ar a laiṁ ḋeis agus air a láiṁ ċlé:


Beannuiġesi an TIĠEARNA, a aingle féin, noċ atá árraċdaċ a neart, ag coṁall a aiṫeanta, ag taḃair aire do ġuṫ a ḃreiṫre.


Moluiḋ é, a aingle féin uile: moluiḋ é, a ṡlúaġ uile.


Atáid carbaid Dé fiṫċe míle, míltiḋ dáingliḃ; atá an TIĠEARNA na measc, annsa náit náoṁṫa, Sínai.


Ṫáinic sruṫ tinntiġe amaċ agus ṫáinic amaċ as a ċoinne: do ḃí míle do ṁíltiḃ ag miniostrálaċd dó, agus deiċ míle uáir deiċ míle do ṡeas as a ċoinne: do suiġeaḋ an breiṫeaṁnus, agus do hosclaḋ na leaḃair.


Agus a duḃairt sé, Ṫainic an TIĠEARNA ó Ṡínai, agus do éiriġ ḋóiḃ súas ó Ṡeir; do ḋealruiḋ sé amaċ ó ṡlíaḃ Páran, agus ṫainic maille le deiċ míle dá náoṁuiḃ: ó na ḋeasláiṁ do ċuáiḋ dliġeaḋ tinntiġe orra.


Aċd as ċum sléiḃe Síon atá siḃ ar dteaċd, agus ċum caiṫreaċ Dé ḃí, ċum na Hierusalém neaṁġa, agus ċum cuideaċa na mílteaḋ aíngeal,


Agus do rinne Enoċ fós, an seaċdṁaḋ pearsa ó Aḋaṁ, fáiḋeadóireaċd ar a saṁuil so, ag ráḋ, Féuċ atá an Tíġearna ag teaċd gon a ṁíltiḃ náoṁ,


Agus do ċúala mé aṁuil gúṫ buḋne móire, agus aṁuil fuáím uisgeaḋ iomḋa, agus aṁuil fúaim tóirrniḋ aintréin, ag ráḋ, Alleluía: óir a sé an Tíġearna Día uileċúṁaċdaċ as Rí ann.


Agus a dtimċioll na caṫáoireaċ fá gcuáirt do ḃádar ceiṫre caṫáoireaċa fiṫċead: agus do ċonnairc mé sna caṫáoireaċuiḃ sin na suiḋe, ceaṫrar ar fiċid seanóir umá raiḃ éuduiġe gléiġeala; agus do ḃádar coróna órrġa aca ar a gceannuiḃ.


Agus do ḃí a ḃfíaḋnuise na caṫaóireaċ fairrge ġloine bá cosṁuil ré criosdal: agus eidir an gcaṫaóir, agus na neiṫe do ḃí na timċioll, do ḃádar ceiṫre beaṫuiġ lán do ṡúiliḃ rompaḋ agus na ndiáiġ.


Agus a duḃradar na ceiṫre beaṫuiġ, Amén. Agus do léigeadar an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos ar a naiġṫiḃ agus tugadar onóir don té ṁaireas go sáoġal na sáoġal.


Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.


Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.


Agus do ṡeasadar na haingil uile a dtimċioll na caṫaóireaċ, agus na seanóiriġ agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus do léigeadar íad féin síos ar a naiġṫiḃ a ḃfiaḋnuisi na caṫáoireaċ, agus tugadar onóir do Ḋía,


Agus a sé uiḃir an ṁarcṡluaiġ ḋá ċéud mile do ṁiltiḃ: óir do ċúaluiḋ mé a nuiḃir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ