Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 4:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ḃí ar gaċ beaṫaċ fó leiṫ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ sin, sé sgiaṫáin fá gcuáirt; agus íad don táoḃ a stiġ lán do ṡúiliḃ: agus níor sguireadar do ló ná doiḋċe, dá ḃeiṫ ag ráḋ, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, an Tiġearna Día Uileċúṁaċdaċ, an té ḃí, agus atá agus ḃías.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Do ḃí sé sciaṫáin ag gaċ ceann de na h‐ainṁiḋṫiḃ, agus ’n‐a dtimċeall, agus taoḃ istiġ ḋíoḃ atá siad lán de ṡúiliḃ: agus ní ṫostann siad de ló ná d’oiḋċe, aċt iad g‐á ráḋ, Naoṁṫa, naoṁṫa, naoṁṫa, Tiġearna Dia Uile‐ċuṁaċtaċ, do ḃí ann, agus atá ann, agus atá ag teaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 4:8
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.


An té áitiġios a núaingnios an té is ro áirde do ḋéana sé coṁnuiḋe ar scáṫ a Nuileċuṁaċtuiġ.


Cía as cosṁuil riot, a ṪIĠEARNA, a measc na ndée? cía as cosṁuil riot, glórṁar a naoṁṫaċd, eaglaċ a meltuíḃ, ag déanaṁ iongantaḋ?


Agus a duḃairt Día ré Maoisi: AS ME AN TI AS ME: agus a duḃairt sé marso a déura tú ré clannuiḃ Israel, ATA MISI, do ċuir ċuguiḃ mé.


¶ Núalluiġse; óir atá lá an TIĠEARNA do saṫair; tiucfa mar scrios ó Nuileċuṁaċdaċ.


Ar son Ṡíon ní ḃiáiḋ mé am ṫoċd, agus ar ġráḋ Iérusalem ní ċoisgfe mé, nó go ndeaċuiḋ a ḃfíreantaċd amaċ aṁuil déalruġaḋ, agus a slánuġaḋ aṁuil tóirse air lasaḋ.


Ar son a ḃfáinneaḋ, do ḃádar coṁardsin go raḃadar úaṫḃásaċ; agus do ḃádar a ḃfáinneaḋa lán do ṡúiliḃ fá ccuáirt timċioll an ċeaṫrair sin.


Mar an ccéadna ṫáinic as a lár amaċ cosaṁlaċt ċeiṫre mbeaṫaċ. Agus do bé so a ttaisbeanaḋ; do ḃí cosaṁlaċd duine orra.


Agus do ḃádar ceiṫre haiġṫe ag gaċ aon dióḃ, agus do ḃí ceiṫre sciaṫáin ag gaċ aon díoḃ.


Agus do ḃí a ccorp go hiomlán, agus a ndromanna, agus a láṁa, agus a sciaṫáin, agus na roiṫleáin, lán do ṡúiliḃ timċioll fa ccuairt, eaḋon na roiṫléan, do ḃí aca na cceaṫrar.


Mo ṫruáiġe ar son an laói! óir atá lá an TIĠEARNA do laṫair, agus tiucfa sé aṁuil scrios ó Nuileċuṁaċdaċ.


Ar a naḋḃarsin déunaiḋ faire, agus cuiṁniġiḋ, nár sguir misi ar feaḋ ṫrí mbliaḋan ag teagusg gaċ áon díḃ do ló agus doiḋċe maille ré déuruiḃ.


Agus biáiḋ mé aguiḃ um Aṫair, agus biáiḋ siḃse ḃar gcloinn ṁac agus inġean agumsa, a deir Tiġearna na Nuileċúṁaċd.


Oír as cúiṁain liḃ, a ḋearḃráiṫre, ar sáoṫairne agus ar nanṡóġ: óir ar mbeiṫ ḋúinn ag déunaṁ sáoṫair do ló agus doiḋċe, deagla ar dtruim do léigean ar éunduine aguiḃse, do rinneamar soisgéul Dé do ṡeanmóir ḋaóiḃ.


Taḃair aire ḋuit féin, agus do ṫeagusg; coṁnuiġ ionnta: oír dá ndéuna tú sin sáorfuiḋ tu ṫú féin, agus an drong éisdeas riot.


Déuna an bríaṫar do ṡeanmóir; bí dúṫraċdaċ a nám, agus a nanám; spreag, smaċduiġe, agus teaguisg maille ris a nuile ċeannsaċd agus ḟoirceadal.


Iósa Críosd a né, agus niuġ, agus go síorruiḋe an ccéudna.


Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion;


As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ, a deir an Tíġearna, an tí atá, agus do ḃí, agus ḃías an tí atá Uileċúṁaċdaċ.


Ag ráḋ, Beirmíd buiḋeaċas riotsa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ, noċ atá, agus do ḃí, agus ḃías; óir do ġaḃ tú ċugad do ṁórċuṁaċda féin, agus do ġnoḋuiġ tú do ríoġaċd.


Agus biáiḋ deataċ a bpeannuiḋe ag éiriġe súas go sáoġal na sáoġal: agus ní ḃiáiḋ suáiṁneas do ló agus doiḋċe, ag an drong do ḃeir onóir don nainṁíḋe agus dá ioṁáiġ, ná ag an tí ġaḃus ċuige coṁarṫa a anmasan.


Agus do ċannadar mar do ḃíaḋ céol núaḋ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfíaḋnuise na gceiṫre mbeaṫaċ, agus na seanóireaḋ: agus níor ḃféidir déinneaċ an céol sin dfoġlaim aċd aṁáin don ċéud agus do na ceiṫre ar ḋá ḟiċead do ṁíltiḃ, do ḃí ar na gceannaċ ón dtalaṁ.


Agus do ċanadar cainntic Ṁaóise ṡearḃḟoġantuiġ Dé, agus cainntic a Nuáin, ag ráḋ, As mór iongantaċ hoibreaċasa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ; is coṁṫrom fírinneaċ do ṡliġese, a Rí na ccineáḋaċ.


Agus tug beaṫaċ do na ceiṫre beaṫaiḋiḃ do na seaċd naingliḃ seaċd soiṫiġe órrġa líonta dfeirg Dé, ṁaireas go sáoġal na sáoġal.


Oir is spiorada deaṁan íad, ḃíos ag déunaṁ cóṁarṫaḋ, agus ṫéid amaċ go ríoġuiḃ na talṁan agus an doṁuin uile, ċum a gcóṁċruinniġe a gceann ċaṫa láe ṁóir Ḋé Uileċúṁaċduiġ.


Agus do ċúaluiḋ mé neaċ eile ó níosdaḋ náoṁṫa ag ráḋ, A seaḋ, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ, is fírinneaċ cóṁṫrom do ḃreaṫasa.


Agus ṫáinic cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar amaċ as a ḃéul, ċum na gcineaḋaċ do ḃúalaḋ ris: agus do ḋéunuiḋ sé a ríaġluġaḋ ré slait íaruinn: agus a se ṡaltras fá na ċosaiḃ úmar fíona cúṫuiġ ḟeirge Dé Uileċuṁaċduiġ.


Agus do léigeadar an cearṫar ar ḟiċíd seanóir, agus na ceiṫre beaṫuiġ íad féin síos agus tugadar onóir do Ḋía do ḃí na ṡuíḋe sa gcaṫaóir, ag raḋ, Amén; Alleluía.


Agus ní ḟácuiḋ mé teampoll innte óir a sé an Tíġearna Día Uileċuṁaċdaċ agus an Túán as teampoll di.


Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Bṗiladelṗia; Ag so na neiṫe a deir an neaċ náoṁṫa, án neaċ fírinneaċ, agá ḃfuil eoċair Ḋáiḃi, an tí osglas, agus ní ḋúnann éinneaċ; an tí ḋúnas, agus ní osglann éunduine;


Agus a dtimċioll na caṫáoireaċ fá gcuáirt do ḃádar ceiṫre caṫáoireaċa fiṫċead: agus do ċonnairc mé sna caṫáoireaċuiḃ sin na suiḋe, ceaṫrar ar fiċid seanóir umá raiḃ éuduiġe gléiġeala; agus do ḃádar coróna órrġa aca ar a gceannuiḃ.


Agus do ḃí a ḃfíaḋnuise na caṫaóireaċ fairrge ġloine bá cosṁuil ré criosdal: agus eidir an gcaṫaóir, agus na neiṫe do ḃí na timċioll, do ḃádar ceiṫre beaṫuiġ lán do ṡúiliḃ rompaḋ agus na ndiáiġ.


An tan ṫugadar na beaṫuiḋ sin glóir onóir agus buiḋeaċas don té ḃí na ṡuiḋe sa gcaṫáoir, noċ a ṁaireas go sáoġal na sáoġal,


Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.


Do ċonnairc mé an tan do ḋosguil an Túan an ċéid séula do na séuluiġiḃ, agus do ċúaluiḋ mé beaṫaċ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ ag ráḋ, mar ḟúaim tóirrniġe, Gaḃ a leiṫ agus féuċ.


Agus do ċúaluiḋ mé gúṫ a meaḋón na gceiṫre mbeaṫaċ ag ráḋ, Miosúr cruiṫneaċda air ṗíġin, agus trí miosúir éorna ar ṗíġinn; agus ná mill an ola ná an fíon.


Agus do ṡeasadar na haingil uile a dtimċioll na caṫaóireaċ, agus na seanóiriġ agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus do léigeadar íad féin síos ar a naiġṫiḃ a ḃfiaḋnuisi na caṫáoireaċ, agus tugadar onóir do Ḋía,


Uime sin atáid síad a ḃfíaḋnuise árdċaṫaoire Dé, agus do níd seirḃís dósan do ló agus doiḋċe ann a ṫeampoll: agus an tí atá na ṡuiġe sa gcaṫaóir áiteoċuiḋ sé na measg.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ