Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 4:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus táinic amaċ ón gcaṫáoir sin tinnteaċ agus tóirrneaċ agus goṫanna: agus do ḃádar seaċd lampuiġe teineaḋ ar dearglasaḋ a ḃfíaḋnuise na caṫáoireaċ, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 agus coróineaċa óir ar a gceannaiḃ aca. Agus bíonn lasraċa agus glórṫa agus tóirneaċa ag teaċt amaċ ó’n riġ‐ċaṫaoir. Agus do ḃí seaċt lóċrainn teineaḋ ar dian‐lasaḋ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ: is iad seaċt spioraidí Dé iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 4:5
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt sé ris, As misi an TIĠEARNA tug amaċ ṫú as Urna gealdéanaċ, do ṫaḃairt na tírese ḋuit, ċum a beiṫ na hoiġreaċd agad.


Agus fós na coinnleóiriġ gun a soillsiḃ, ċor go mbéidís lasta do réir ġnáṫa as coinne an noracuil, dór ḟíorġlan.


Is úaṫḃásaċ ṫusa a Ḋé, amaċ as háitiḃ náoṁṫa: sé Día Israel do ḃeir neart agus cuṁaċda don ṗobal. Go má beannuiġ Día.


Agus tárla an treas lá air maidin, go raḃadar tóirneaċa agus tinnteaċa, agus neul tiuġ ar a tslíaḃ, agus guṫ an sduic ro árd; ionnus gur crioṫnuiġeadar a raiḃ do ḋaóiniḃ annsa ċampa.


Agus do ċoncadar an pobal uile na tóirneaċa, agus na tinnteaċa, agus fuáim an sduic, agus an slíaḃ ag deatuġaḋ: agus a nuáir do ċoncadar an pobal é, do aṫruiġeadar, agus do ṡeasadar a ḃfad uáḋ.


Agus do ḋéana tú a ṡeaċt soillse sin: agus soillseóċuiḋ tú a ṡolus sin, lé ttiuḃra solus anonn as a ċoinne.


Agus do rinne sé seaċd lampa, agus a smólġlantóire, agus a ṁiása smóil, dór ḟíorġlan.


Ar son ċosamblaċda na mbeaṫaċ, do ḃí a ttaisbéanaḋ cosṁuil ré sméaróidiġiḃ dearga teineaḋ, agus cosṁuil re taisbeanaḋ lóċrann: do ċuáiḋ sé síos agus súas a measg na mbeaṫaċ; agus do ḃí an teine lasaṁuil, agus do ċuáiḋ tinnteaċ amaċ as an tteine


Núallfuiḋ an TIĠEARNA fós amaċ as Sion, agus cuirfiḋ a ġúṫ amaċ as Ierusalem; agus biáiḋ neaṁ agus talaṁ ar crioṫ: aċd buḋ é an TIĠEARNA dóṫċus a ḋaóine, agus neárt ċloinne Israel.


Agus a duḃairt sé ríom, Cred do ċí tú? agus a duḃairt misi, Daṁairc mé, agus féuċ cuinnleóir uile dór, go scála air a ṁullaċ, agus seaċd ttóirsi air, agus seaċd bpíopa ċum na seaċd lampuiḃ, noċ do ḃí air a ṁullaċ:


Ann sin buḋ cosṁuil ríoġaċd neime ré deiċneaḃar maiġdean, do ġlac a lampuiḋe, agus do ċúaiḋ a maċ do ṫeagṁáil ar an ḃfear núaṗósda.


Go deiṁin baisdimsi siḃ lé huisge do ċum aiṫriġe: aċd ċeana an té ṫig am ḋíaiġ is láidire é ná me, agus ni fíu misi a ḃróga diomċur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náoṁ, agus lé teiniġ siḃ:


Agus do taisbéanaḋ ḋóiḃ teangṫa sgoiltiġe mar ṫeine, noċ do ṡuiḋ air gaċ áon dióḃ.


Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion;


Agus do éiġ sé do ġúṫ árd, aṁuil ḃéiceas leoṁan: agus an tan do éiġ se, do laḃradar seaċd dtóirrniġe a ngoṫanna.


Agus do hosglaḋ teampoll Dé ar neaṁ, agus ba léir áirc a ċonnarṫa ann a ṫeampoll: agus do ḃí tinnteaċ, agus goṫanna, agus tóirrneaċ, agus crioṫ talṁan, agus cloiċṡneaċda mór ann.


Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Sardis; Ag so na neiṫe a deir an ti agá ḃfuilid seaċd Sbiorada Dé, agus na seaċd réulta; As aiṫne ḋaṁ hoibreaċa, go ḃfuil ainm ort ḃeiṫ béo, giḋeaḋ atá tú marḃ.


Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.


Agus do ġlac an taingeal an sionnsa, agus do líon sé do ṫeine na haltóra, agus do ṫeilg sé fan dtalaṁ é: agus do éiriġ góṫanna, agus tóirneaċ, agus tinnteaċ, agus criṫ talṁan ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ