Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 4:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ḃí mé gan ḟuireaċ san sbioruid: agus, féuċ, do ḃí caṫáoir ríoġa ar na suiġeaḋ ar neaṁ, agus do ḃí neaċ na ṡuiḋe sa gcaṫáoir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus ar an láṫair do ḃíos san Spiorad: agus féaċ, do ḃí riġ‐ċaṫaoir suiḋte ar neaṁ, agus an duine ’n‐a ṡuiḋe ins an riġ‐ċaṫaoir;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 4:2
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt seision, Eistse ar a naḋḃarsin bríaṫar an TIĠEARNA: do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡuiḋe iona ċaṫaoir, agus slóiġ ḟlaiṫeaṁnuis uile na seasaṁ na ḟoċair ar a laiṁ ḋeis agus air a láiṁ ċlé:


Atá an TIĠEARNA ann a ṫeampall naoṁṫa, atá árdċaṫaóir an TIĠEARNA air neaṁ: do ḃeirid a ṡúile aire, teastuiġid forrḋuḃa a ṡúl, clann a ndaóine.


Annsa ḃlíaḋain a ḃfuáir ríġ Ussiah bás do ċonairc mé an TIĠEARNA na ṡuiġe a ccaṫaóir ríoġa, go hárd agus ar na ṫógḃáil súas, agus do líonadar a luċd leanaṁna an teampall.


¶ Is caṫaóir árd ġlórṁar ó ṫosaċ áit ar sanctóra.


¶ Agus do ḃí ós cionn na spéire do ḃí ós cionn a cceanna cosaṁlaċt caṫaóire ríoġa, aṁuil taisbéanaḋ ċloiċe saṗir: agus do ḃí ar ċosaṁlaċt na caṫaoire saṁlaċus aṁuil taisbeanaḋ duine air ṡuás.


Mar taisbéanaḋ an ḃoġa atá san néull a ló na fearṫanna, marsin do ḃí taisbeanaḋ an déallruiġ timċioll fa ccuáirt. Do bé so taisbéanaḋ ċosaṁlaċta ġlóire an TIĠEARNA. Agus a nuáir do ċonnairc mé, do ṫuit mé ar maġaiḋ, agus do ċúala mé gúṫ aóin do laḃair.


Ann sin daṁairc mé, agus, féuċ, annsa spéir do ḃí ós cionn ċeann na ċerubine do taisbeanaḋ ós a ccionn mar do ḃíaṫ cloċ ṡaṗir, aṁail taisbeanaḋ cosaṁlaċda caṫaóire ríoġa.


¶ Dféuċ mé nó gur teilgeaḋ na caṫaoire ríoġa síos, agus do ṡuiġ Sinsior na laéṫeaḋ, agá ráiḃ a ċulaiḋ coiṁġeal lé sneaċda, agus grúag a ċinn aṁuil olann ṁín: buḋ cosṁuil a ċaṫaóir ríoġa lé lasair ṫeineaḋ, agus a rioṫleáin aṁuil teine loiscniġ.


A deir seisean ríu, Ma seaḋ cionnas ġoireas Daiḃí san spioruid Tiġearna ḋe, ag ráḋ,


Agus a sé so suim na neiṫeann a deirmíd: Atá a ṡáṁuil sin dárdṡagart aguinn, noċ do ṡúiġ ar deis árdċaṫáoire na Mórḋaċda sna flaiṫís;


Agus do coiṁéigniġeaḋ mé ris an Spioruid a ló an Tiġearna, agus do ċúaluiḋ mé don táoḃ ṡíar ḋíom gúṫ mór mar ḟuáim sduic,


Agus rug sí mac, riaġlóċus na huile ċineaḋaċa ré slait íarruinn: agus do tógḃaḋ súas a mac ċum Dé, agus ċum a ċaṫaóireaċ.


Agus rug sé ris mé fán ḃfásaċ trés an spioruid: agus do ċonnairc mé bean na sniḋe ar ainṁiḋe air ḋáṫ na sgárrlaóide, lán danmannuiḃ blaísṗéimiġe, ar a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca.


Agus do léigeadar an cearṫar ar ḟiċíd seanóir, agus na ceiṫre beaṫuiġ íad féin síos agus tugadar onóir do Ḋía do ḃí na ṡuíḋe sa gcaṫaóir, ag raḋ, Amén; Alleluía.


Agus do ċonnairc mé caṫaóir ṁór ġeal, agus neaċ áiriġe na ṡuiḋe innte, agár ṫeiṫ talaṁ agus neaṁ roiṁe; agus ní fríṫ a náit.


Agus rug sé leis mé trés an sbioruid ċum sléiḃe móir áird, agus do ṫaisbéin sé ḋaṁ an ċaṫair ṁór, Ierusalém náoṁṫa, ag teaċd ó Ḋía a núas as neaṁ,


Agus a duḃairt an tí do ḃí na ṡuiḋe sa gcaṫaóir, Féuċ, do ním na huile neiṫe núaḋ. Agus a duḃairt sé ríom, Sgríoḃ: óir is fírinneaċ díleas na bríaṫrasa.


Do ḃéur cead don tí ḃeireas buáiḋ suiḋe maille riom um ċaṫáoir rioġa, aṁuil fós rug mise buáiḋ, agus ṡuiġim a ḃfoċair Maṫair ann a ċaṫáoir ríoġasan.


Do léigeadar an ceaṫrar air ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise an té do ṡuiġ sa gcaṫaóir, agus tugadar onóir don té ṁaireas go sáoġal na sáoġal, agus do ṫeilgeadar a gcorónaċa a ḃfíaḋnuise na caṫáoire, ag ráḋ,


Agus táinic amaċ ón gcaṫáoir sin tinnteaċ agus tóirrneaċ agus goṫanna: agus do ḃádar seaċd lampuiġe teineaḋ ar dearglasaḋ a ḃfíaḋnuise na caṫáoireaċ, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad.


An tan ṫugadar na beaṫuiḋ sin glóir onóir agus buiḋeaċas don té ḃí na ṡuiḋe sa gcaṫáoir, noċ a ṁaireas go sáoġal na sáoġal,


Agus do ċonnairc mé ar láiṁ ḋeis an tí do ḃí na ṡuíḋe sa gcaṫaóir, leaḃar sgríoḃṫa don táoiḃ a stiġ agus don táoḃ a muiġ, do daingniġeaḋ ré seaċd séula.


Agus do ċúala mé gaċ uile ċreatúir dá ḃfuil ar neaṁ, agus ar talaṁ, agus faói an talaṁ, agus dá ḃfuil sa ḃfairge, agus gaċ a ḃfuil ionnta, ag ráḋ, Molaḋ, agus onóir, agus glóir, agus cúṁaċda, don té atá na ṡuiḋe sa gcaṫaoir, agus don Uan go sáoġal na sáoġal.


Agus a dúḃradar ris na sléiḃtiḃ agus ris na cairrgiḃ, Tuitiḃ oruinn, agus folċuiḋ sinn ó ġnúis an tí atá na ṡuiḋe sa gcaṫaóir, agus ó ḟeirg a Nuáin:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ