Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 3:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Do ḃeirim do ċóṁairle ḋuit ór a ċeannaċ uáimse do dearḃaḋ a dteine, ionnus go mbeiṫeá saiḋḃir; agus éuduiġe geala, ċum a gcur iomad, ionnas naċ buḋ léir gráineaṁlaċd do lomnoċduiġe; agus ung do ṡúile ré foḃairt na súl, ionnus go maḋ lér ḋuit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 3:18
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃríġ gur ċaṫuiġeadar a naġaiḋ ḃríaṫra Dé, agus gur ṫarcuisniġeadar coṁairle an té is Airde:


Beinneoċa mé an TIĠEARNA, noċ ṫug coṁairle ḋaṁ: do ṫegaisgeadar mo ḋuḃáin mé mar an ccéadna a naimsir na hoiḋċe.


Teagosfa mé ṫú, agus múinfead ṫú san tsliġe iona ngéuḃair: do ḃéar coṁairle ḋuit ré mo ṡúil do beiṫ ort.


Tréoroċuiḋ tú mé réd ċoṁairle, agus na ḋiáiġsin géuḃa tú ċugad a nglóir mé.


Aċt do ċuireaḃair mo ċoṁairle uile a neiṁní, agus níor ḃáill liḃ maċṁusán:


Níor ḃáill léo mo ċoṁairlesi: do ḋísbeagadar maċṁusán uile.


Eísd re coṁairle, agus glac teagasg, ċor go mbía tu glic ad ċríċ ḋeiġíonuiġ.


Ceannuiġ a nfírinne, agus na reac í; eagna fós, agus múnaḋ, agus tuigsi.


¶ Coṁairliġim ḋuit aiṫne an ríġ do ċoiṁéad, agus sin ar son ṁionna Dé.


Leigfiġear leis do ṫárnoċda, do ċífiġear fós do náire: do ḋéana mé dioġaltas, agus ní ṫeigeoṁa mé riot mar ḋuine.


Ho, tigeaḋ gaċ uile ḋuine tartṁar, ċum na nuisgeaḋ, agus an té ag naċ ḃfuil airgiod; tigiḋse, ceannċuiḋ, agus iṫiḋ, tigiḋ, fós, ceannċaiḋ fíon agus bainne gan airgiod agus gan lúaċ.


Uimesin léigfiḋ mé do sciortaḋa leis ar haġaiḋ, ċor go má léir do náire.


Agus múisceoluiḋ mórán don druing ċodlas a lúaiṫreaḋ na talṁan, cuid ċum beaṫa síorruiḋe, agus cuid ċum náire agus tarcuisne síorruiḋe.


Imṫiġ roṁad, a áitreaḃṫaċ Saṗir, ar mbeiṫ dod náire leis: ní ṫáinic Saanan amaċ a ngolġáir Ḃet‐esel; glacfuiḋ sé a ṡeasaṁ uáiḃsi.


Féuċ, atáim ad aġaiḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ; agus léigfiḋ mé do sciortaḋa leis as coinne haiġṫe, agus táisbeanfa mé do ṫruáilleaḋ do na críoċaiḃ, agus do náire do na rioġaċtaiḃ.


Agus suiġfiḋ sé aṁuil ceárd agus glantóir airgid: agus glanfa sé mic Léḃi, agus sciúrta sé íad aṁuil agus airgiod, ċor go nofráluid don TIĠEARNA ofráil a ḃfíréantaċd.


Mar an gcéudna, is cosṁail rioġaċd neiṁe lé cisde ar na ḟolaċ a ḃfearann; noċ tar éis a ḟaġála, do ḟoluiġ duine, agus tríd an ngáirdeaċus do ḃí air ar a ṡon imṫiġiḋ sé agus reacaiḋ sé a ḃfuil aige uile, agus ceannuiḋe sé an fearannsin.


Aċd do ḟreagradar an ċuid glic, ag rádin, Ar eagla naċ mbiaḋ ar sáiḋ aguinn féin agus aguiḃsi: imḋiġsi ní as táosga ċum na gceannuiġṫeaḋ, agus ceannċuiġe ola ḋíḃ féin.


Is mar sin atá an té ċrunniġeas ionnṁas dó féin, agus naċ ḃfuil sáiḋḃir a Ndiá.


Aċd aṁáin go ḃfaġṫar éuduiġṫe sinn agus ní lomnoċd.


Oír is aiṫne ḋaóiḃ grása ar Dtiġearna Iósa Criósd, do ḃríġ ar mbeiṫ ḋó saiḋḃir, go dtarla ḋó ḃeiṫ boċd ar ḃur sonsa, ċum siḃse do ḋéunmah saiḋḃir ré na ḃoċdainesion.


Máiṫ do ḋéunaṁ, ḃeiṫ sáiḋḃir a ndéaġoibriġṫiḃ, éusguiḋ fá na gcuid do ṫaḃair úaṫa, agus do róinn maille ré cumann;


Eisdiġ, a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, A né nár ṫoġ Día boiċd an tsáoġailse, sáiḋḃir a gcreideaṁ, agus na noiġriġiḃ na rioġaċda noċ do ġeall sé don druing ġráḋuiġeas é?


Ionnus go ḃfuiġṫiġ dearḃaḋ ḃur gcreidiṁ, is rouáisle na ór ṫéid air neiṁní, bíoḋ go ndearḃṫar é lé teine, na ṁolaḋ agus na onóir agus na ġlóir an tan ḟoillseóċas Iósa Críosd é féin:


(Taḃruiḋ aire riḃ, atáim ag teaċd mar ġaduiġe. Is beannuiġe an tí do ní faire, agus ċoiṁéudus a éuduiġe, deagla go siúḃalaḋ sé lomnoċduiġe, agus go ḃfaicfedís a náire.)


Agus tugaḋ ḋi í féin do éuduġaḋ do línéudaċ toġṫa, glan deallruiġeaċ: óir a sé is línéudaċ toġṫa ann fíréuntaċd na náoṁ.


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ḃuáiḋirt, agus do ḃoċdaine, (giḋeaḋ atá tú sáiḋḃir) agus an ṁalsa do ḃeir an dream noċ a dei gur Iúduiġeaḋ íad féin, agus ní heaḋ aċd sinagóig Ṡátain.


Oír a deir tú, Atáim saiḋḃir, agus líonta do ṁáoin, agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ éinneiṫe oram; agus gan a ḟios agad go ḃfuil tú dearóil, agus ad ṫrúaġan, agus boċd, agus dall, agus lomnoċd:


Agus a dtimċioll na caṫáoireaċ fá gcuáirt do ḃádar ceiṫre caṫáoireaċa fiṫċead: agus do ċonnairc mé sna caṫáoireaċuiḃ sin na suiḋe, ceaṫrar ar fiċid seanóir umá raiḃ éuduiġe gléiġeala; agus do ḃádar coróna órrġa aca ar a gceannuiḃ.


Agus do ḟreagair neaċ do na seanóiriḃ, ag ráḋ riom, Créd íad an luċdsa umá ḃfuilid na róbuiḋe fada gléiġeala? agus cá hionad as a dtangadar?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ