Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 3:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Do ḋéuna mé posda a dteampoll mo Ḋé don tí ḃeireas buáiḋ, agus ní raċa sé ní sa ṁo amaċ: agus sgríoḃṫad ainm mo Ḋé air, agus ainm ċaiṫreaċ mó Ḋé, Iarusalém núaḋ, noċ ṫig a núas ó neaṁ ó mó Ḋía: agus mainm núaḋ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 An té ḃeireas buaiḋ, déanfad colaṁan i dteampall mo Ḋé ḋe, agus ní imṫeoċaiḋ sé amaċ as go deoiḋ: agus scríoḃfad ainm mo Ḋé air, agus ainm caṫraċ mo Ḋé, Iarúsalem nua ṫig anuas as neaṁ óm’ Ḋia, agus m’ainm nua féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 3:12
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuir sé súas na piléir a bpóirse an teampuill: agus do ċuir sé súas an pileur deas, agus tug sé Iaċin dainm air: agus do ċuir sé an piléur clé súas, agus ṫug Boas dainm air.


Atá aḃann, a ndéanaid a sruṫáin sin caṫair Dé lúaṫġáireaċ, ionad náoṁṫa tiġ coṁnuiġe an tí is ro áirde.


Do réir mar do ċualamar, marsin do ċonncamar a ccaṫruiġ TIĠEARNA na slóġ, a ccaṫruiġ ar Ndé: daingneoċuiḋ Día í go bráṫ. Selah.


Is glórṁar na neiṫe laḃarṫar ortsa, a ċaṫair Dé. Selah.


Agus do ċifid na geinte hionnracus, agus na huile ríġṫe do ġlóir: agus goirfiġear ṫú maille re hainm núaḋ, noċ ainmneóċus béul an TIĠEARNA.


Agus fuigfiḋe ḃur nainm mar ṁailaċt ag mo ḋáoine toġṫasa: óir muirfiḋ an Tiġearna DIA ṫú, agus goirfiḋ sé a ṡeirḃísiġ re amm oile:


Oír, féuċ, do rinne mé ḋíot a niuġ caṫair ḋaingean, agus posta íarruinn, agus ballaḋa práis a naġaiḋ na tíre go hiomlán, a naġaiḋ ríġṫe Iúdah, a naġaiḋ a prionnsaḋ, a naġaiḋ a sagart, agus a naġaiḋ ḋaóine na tíre.


Buḋ é fad an ṗóirse fiṫċe cuḃad, agus a leiṫead áon ċuḃad déag; agus ṫug sé misi gus na coiscéimiḃ iona ndeaċadar súas ċuige: agus do ḃádar piléir ag na postuiḃ, áon don táoḃsi, agus áon don táoiḃ oile.


Do ḃí sé timċioll fa ccuáirt oċt míle ḋéag miosúr: agus buḋ é áinm na caiṫreaċ ón ló sin, Ata TIĠEARNA annsin.


Agus tugadarsan sin léo. Agus a duḃairt seision riu, Cía dár an ioṁáiġ so? Agus cía ré a mbeannan an sgríḃinn? agus a duḃradar ris, Ré Séasar.


Agus na naiṫne do Ṡéumus, agus do Ċéṗas, agus Déoin, ar a ḃfuil meas ḃeiṫ na bposduiġiḃ an grás do tugaḋ ḋaṁ: tugadar a láṁ ḋeas a ccrúṫ ċumainn daṁsa agus do Ḃarnaba; ċum sinne dimṫeaċd ċum na ccineaḋaċ, agus íad féin ċum an timċíllġearrṫa.


As a nainmniġṫear a nuile aṫarḋaċd air neam agus air talaṁ.


Aċd as ċum sléiḃe Síon atá siḃ ar dteaċd, agus ċum caiṫreaċ Dé ḃí, ċum na Hierusalém neaṁġa, agus ċum cuideaċa na mílteaḋ aíngeal,


Oír ní ḃfuil caṫair ċoṁnuiġeaċ aguinn ann so, aċd atá iarruiḋ aguinn ar an gcaṫruiġ atá ċum teaċda.


A ċlann ḃeag, as ó Ḋía atá siḃse, agus rugaḃair buáiḋ orrṫasan: óir as mó an tí atá ionnuiḃse, na an tí atá sa doṁan.


Agus daṁairc mé, agus, féuċ, Uán na ṡeasaṁ ar slíaḃ Sióin, agus céud ceaṫrar agus dá ḟiċid do ṁíltiḃ na ḟoċair, agá raiḃ ainm a Aṫar sgríoḃṫa a gcláruiḃ a néudan.


Cóṁruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruiḋ an Túan buáiḋ orrṫa: óir a sé Tíġearna na dtíġearnaḋ é, agus Rí na ríġṫeaḋ: agus an luċd atá ḋá ṫáoḃ atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtóġa, agus ionnruic.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an spiorud ris na heagluisiḋiḃ; An tí ḃeireas buáiḋ ní ḃfuiġe sé doċar ón dara bás.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋíḃ; Do ḃéurad don tí ḃeireas buáiḋ ré a iṫe don ṁanna ḟoluiġeaċ, agus do ḃéur ḋó cloċ ġeal, agus ainm núaḋ sgríoḃṫa air an gcloiċ, náċ aiṫniḋ daóin neaċ aċd aṁáin don tí ġlacas í.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisiḋiḃ; Do ḃéura mé don tí ḃeireas buáiḋ, ní ré a iṫe do ċrann na beaṫa, noċ atá a meaḋón ṗárrṫais Dé.


Agus do ċonnairc misi Eóin an ċaṫair náoṁṫa, Ierusalem núaḋ, ag teaċd o Ḋía a núas ó neaṁ, ar na hullṁuġaḋ aṁuil ġléusas bean núaḋṗósda í féin fá ċoṁair a fir.


Agus do ċífid síad a aġuiḋ; agus biáiḋ a ainm á gcláruiḃ a néudan.


An tí ḃeireas buáiḋ, biáiḋ sé ar na éuduġaḋ déuduiġiḃ gléiġeala; agus ní sgriosfad a ainm ċoiḋċe as leaḃar na beaṫa, aċd aidmeóċa mé a ainm a ḃfíaḋnuise Maṫar, agus a ḃfíaḋnuise a aingliḋiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ