Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 3:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Féuċ, tiucfa mé go haiṫġearr: connaiṁ an ní atá agud, ionnus naċ béuraḋ éinneaḋ do ċoróin uáit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Atáim ag teaċt go luaṫ; congḃuiġ a ḃfuil agat, ċum naċ mbainfiḋ aoinneaċ do ċoróin díot.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 3:11
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá lá mór an TIĠEARNA á ḃfogus, atá sé a ngar, agus deiṫfríġiḋ sé go mór, eaḋon gúṫ laoi an TIĠEARNA coṁaircfiḋ an duine cuṁaċtaċ annsin go haiḋṁéil.


Agus gaċ áon ċleaċdus sbáirn is measarḋa é sna huile neiṫiḃ. Agus is uime do níd síadsan sin ċum coróine truáilliġe dfaġáil; aċd inne ċum coróine neaṁṫruáilliġe.


Bíoḋ suáiṁneas ḃur ninntinne follas do na huile ḋaóiniḃ. Atá an Tíġearna láiṁ riḃ.


Agus fós má ní áoinneaċ sbáirn fo ṁaiġisdreaċdaiḃ, ní curṫar coróin air, muna ndearna sé sbáirn go dlisdionaċ.


O so amaċ atá coróin ḟíréuntaċda ar na taisge fám ċoṁair, noċ ḃéuras an Tíġearna, an breiṫeaṁ cóṁṫrom ḋáṁ sa ló úd: agus ní ḋáṁsa aṁáin, aċd mar an gcéudna do na huile ḋáoine ġráḋuiġeas a ṫeaċd.


As beannuiġe an tí iomċras caṫuġaḋ: óir tar éis a ḟaġála dearḃṫa, do ġeaḃuiḋ sé coróin na beaṫa, noċ do ġeall an Tíġearna don druing ġráḋuiġeas é.


Ná bíġiḋ ag gnúsuċduiġ ar a ċéile, a ḋearḃráiṫre, deagla ḃur ndamnuiġṫe: féuċ, atá an breiṫeaṁ na ṡeasaṁ ag an doras.


As beannuiġe an tí léiġeas, agus an dream éisdeas bríaṫra na fáiḋeadóireaċd so, agus ċoiṁéudus na neiṫe atá sgríoḃṫa innte: óir atá a naimsir a láṫair.


(Taḃruiḋ aire riḃ, atáim ag teaċd mar ġaduiġe. Is beannuiġe an tí do ní faire, agus ċoiṁéudus a éuduiġe, deagla go siúḃalaḋ sé lomnoċduiġe, agus go ḃfaicfedís a náire.)


Ná bíoḋ eagla éinneiṫe ḋá ḃfuileónguiḋ tú ort: féuċ, teigeuṁuiḋ go dteilgfe an díaḃal cuid aguiḃ a bpríosún, ċum ḃur ndearḃṫa; agus biáiḋ siḃ dá ḃur mbuáiḋreaḋ deiċ lá: bí díleas go bás, agus do ḃéursa ḋuit coróin na beaṫa.


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus hionad coṁnuiġe, a náit a ḃfuil ardċaṫáoir Ṡátain: agus coiṁéudann tú mainmse, agus níor ṡéun tú mo ċreideaṁ, sna laeṫiḃ fós ionar marḃaḋ Antipas mfíaḋnuise ḟíre, eadruiḃse, sa nionad na ḃfuil Sátan na ċoṁnuiġe.


Giḋeaḋ congṁuiġ an ní atá aguiḃ go teaċd daṁsa.


Agus, féuċ, is gearr do dtiucfa mé; agus mo lúaċ sáoṫair agum, ċum a ṫaḃarṫa dá gaċ áon do réir mar ḃías a ġníoṁ.


A deir an tí do ní fíaḋnuise na neiṫeannsa, Go deiṁin is gearr go dtiucfa mé; Amén. Uime sin, tarr, a Ṫíġearna Iósa.


Féuċ, tigim go lúaṫ: is beannuiġe an tí ċoiṁéudas bríaṫra fáiḋeadoireaċda an leaḃairse.


Uime sin bíoḋ na neiṫe do ġlac agus do ċúala tú ar coiṁne agad, agus connaiṁ íad, agus déun aiṫriġe. Aċd ċeana muna ḋearna tú faire, tiucfa mé ort mar ġaduiġe, agus ní ḃiáiḋ fios na huáire a dtiucfa mé ort agud.


Do léigeadar an ceaṫrar air ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise an té do ṡuiġ sa gcaṫaóir, agus tugadar onóir don té ṁaireas go sáoġal na sáoġal, agus do ṫeilgeadar a gcorónaċa a ḃfíaḋnuise na caṫáoire, ag ráḋ,


Agus a dtimċioll na caṫáoireaċ fá gcuáirt do ḃádar ceiṫre caṫáoireaċa fiṫċead: agus do ċonnairc mé sna caṫáoireaċuiḃ sin na suiḋe, ceaṫrar ar fiċid seanóir umá raiḃ éuduiġe gléiġeala; agus do ḃádar coróna órrġa aca ar a gceannuiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ