Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 3:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Sardis; Ag so na neiṫe a deir an ti agá ḃfuilid seaċd Sbiorada Dé, agus na seaċd réulta; As aiṫne ḋaṁ hoibreaċa, go ḃfuil ainm ort ḃeiṫ béo, giḋeaḋ atá tú marḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go ḃfuil seaċt Spioraídí Dé aige, agus na seaċt réaltana: Is eol dom t’oibreaċa, agus go ḃfuilir i n‐ainm ḃeiṫ beo, aċt gur marḃ atáir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 3:1
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oir fuáir mo ṁac ann so bás, agus do aiṫḃéoḋuiġ sé: agus do ċúaiḋ sé a muġa, agus friíṫ é. Ar a nadḋḃar, sindo ṫionnsgnadar ḃeiṫ go sugaċ.


Aċd do buḋ cóir ḋúinn sugaċas, agus forḃáilteaċas do ḋéanaṁ; tré go raiḃ an dearḃaṫairsi agadsa tar éis ḃáis, agus gur aiṫḃéoḋuiġ sé; agus go ndeaċ aiḋ sé a muġa, agus gur fríṫ a ris e.


Agus do ġaḃamar uile ċugainn as a lán san, agus grása ar son grás.


Agus níor aiṫin misi é: aċd an té do ċuir mé do ḃaisdeaḋ lé huisge, as é a duḃairt rium, Giḋ bé ar a ḃfaicfe tú an Spiorad ag tuirrling, agus ag coṁnuiġe, sé sin an té ḃaisdeas leis an Spiórad Náoṁ.


Agus an tan a duḃairt sé so, do ṡéid sé orrṫa, agus a duḃairt sé ríu, Gaḃuiḋ an Spiorad Náoṁ.


Oír an té do ċuir Día uáḋ laḃraiḋ sé bríaṫra Dé: oír ní do réir ṁiosuir ḃeir Día an Spiorad dó.


Ar a naḋḃarsin ar na ḃreiṫ súas lé láiṁ ḋeis Dé, agus ar ḃfaġáil an Spioraid Náoiṁ do reir ġeallaṁna a Naṫar, do ḋóirt sé amaċ an nísi, do ċíṫísi a nois agus do ċluintí.


Agus dó ḃeóḋuiġ sé siḃse, ar mbeiṫ díḃ marḃ a gcionntuiḃ agus a bpeacuiġiḃ;


Ar mbéiṫ ḋúinn fós marḃ tré ċionntuiḃ, do ċóiṁḃeóḋuiġ sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuiḃ ṡlánaiġṫear siḃ;


Agus do aiṫḃéoḋuiġ sé siḃse maille rísion, ar mbeiṫ ḋíḃ marḃ a bpeacaiḋiḃ agus a neaṁṫimċillġearraḋ ḃur ḃféola, ag maiṫeaṁ a nuile ṗeacuiḋ ḋíḃ;


Aċd an ḃaintreaḃaċ do ḃeir í féin do ṁacnus air mbeiṫ ḋí beó atá sí marḃ.


Oir aṁuil is marḃ an corp a ḃféugṁuis na spioruide, as aṁluiḋ sin mar an gcéudna ḃíos an creideaṁ marḃ gan oibreaċuiḃ.


Ag cúartuġaḋ, créd í a nuáir nó a náimsir do ḟoillséoċaḋ Spiorad Ċríosd noċ do ḃí ionntaḋ, ag déunaṁ réiṁfíaḋnuise air na neiṫiḃ do ḃí a ndán do Ċriósd ḟulang, agus an ġlóir róṁor do leanfaḋ ḋíoḃ.


As buill ċáiḋeaċa íad so ann ḃur ḃféusduiġiḃ grádga, an tan ḃíd ar ḟéusda maille riḃ, dá mbeaṫuġaḋ féin gan ḟaitċeas ar biṫ: neóill gan uisge, dá mbreiṫ fá gcuáirt ris na gáoṫuiḃ; crainn do ṁeaṫ, ar naċ ḃfuil toraḋ, do éug fá ḋó, ar na mbuáin as a ḃfréuṁaċ;


Ag ráḋ, As mise Alṗa agus Oméga, an céidneaċ agus a neaċ deíġeanaċ: agus, Sgríoḃsa a leaḃar, an ní do ċí tu, agus cuir uáit é ċum na seaċd neagluisiḋiḃ atá sa Násia; ċum Eṗesuis, agus ċum Smirna, agus ċum Pergamuis, agus ċum Tiatíra, agus ċum Sardis, agus ċum Ṗiladelṗía, agus ċum Laodicea.


Agus do ḃí aige na láiṁ ḋeis seaċd réulta: agus cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar ag teaċd amaċ as a ḃéul: agus a ġnúis aṁuil ḋeallruiġeas an ġrían ann a láinneart.


Rúindiaṁair na seaċd réult do ċonnairc tú am láiṁ ḋeis, agus na seaċd gcoinnleóir órrġa. A síad na seaċd réulta seaċd naingil na neaglúisiḋiḃ: agus na seaċd gcoinnleóir do ċonnairc tú a síad na seaċd neagluiseaḋa íad.


Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion;


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus hionad coṁnuiġe, a náit a ḃfuil ardċaṫáoir Ṡátain: agus coiṁéudann tú mainmse, agus níor ṡéun tú mo ċreideaṁ, sna laeṫiḃ fós ionar marḃaḋ Antipas mfíaḋnuise ḟíre, eadruiḃse, sa nionad na ḃfuil Sátan na ċoṁnuiġe.


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ġráḋ, agus do ṁíniosdrálaċd, agus do ċreideaṁ, agus dfoiġid, agus do ġníoṁarṫa, agus gur líonṁuire íad fá ḋeireaḋ ná ó ṫosuiġ.


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ṡáoṫar, agus ṫfoiġid, agus náċ éidir leaċd iomċar ris na droċḋáoiniḃ: agus gur ḋearḃ tú an dream a deir gur ab apsduil íad féin, agus naċ eaḋ, agus fuáir tú breúgaċ íad:


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ḃuáiḋirt, agus do ḃoċdaine, (giḋeaḋ atá tú sáiḋḃir) agus an ṁalsa do ḃeir an dream noċ a dei gur Iúduiġeaḋ íad féin, agus ní heaḋ aċd sinagóig Ṡátain.


As aiṫne ḋaṁ hoibreaċa, naċ ḃfuil tú fuar ná teiṫ: do bfearr leam go mbeiṫeá fuár nó teiṫ.


Bí ad ḋúsaċd, agus neartuiġ an ċuid eile, atá ambáoġal báis: oir ni ḃfuáir mé hoibreaċa iomlán a ḃfiaḋnuise Dé.


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa: féuċ, do ċuir mé doras osguilte roṁad, agus ní héidir déinneaċ a ḋúnaḋ: do ḃríġ go ḃfuil bríġ ḃeag ionnad, agus gur ċoiṁéid tú mo ḃríaṫarsa, agus nar ṡéun tú mainm.


Agus táinic amaċ ón gcaṫáoir sin tinnteaċ agus tóirrneaċ agus goṫanna: agus do ḃádar seaċd lampuiġe teineaḋ ar dearglasaḋ a ḃfíaḋnuise na caṫáoireaċ, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad.


Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ