Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 22:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus ní ḃiáiḋ óiḋċe ann sin; agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ lóċruinn, ná solais gréine orrṫa; óir do ḃeir an Tíġearna Día solas dóiḃ: agus béid síad na ríoġuiḃ go sáoġal na sáoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus ní ḃéiḋ aon oiḋċe ann arís; agus ní ḃéiḋ gáḃaḋ le solas lóċrainn, ná le solas na gréine; óir do‐ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia solas dóiḃ: agus béiḋ siad ag riaġlú go saoġal na saoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 22:5
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír is agadsa atá tobar na beaṫa; ann do ṡolusa do ċíḋfiom solus.


Oír is grían agus scíaṫ an TIĠEARNA Día: do ḃéaraiḋ an TIĠEARNA grása agus glóir: ní ċuinneoċaiḋ sé maiṫ ón luċd do ṡiuḃlus go díreaċ.


Annsin ċlaóiḋfiġear an ġealaċ, agus biáiḋ náire air an ngréin, a nuáir ríġfeas TIĠEARNA na slóġ a slíaḃ Síon, agus ann Ierusalem, agus a ḃfíaġnuise a ṡeanaḋ go glórṁar.


Tuilleaṁ oile biáiḋ solus na gealuiḋe mar ṡolus na gréine, agus biáiḋ solus na gréine seaċd‐nuiread, mar ṡolus ṡeaċd lá, annsa ló a gceangoluiḋ an TIĠEARNA súas briseaḋ a ṗobail, agus leiġisfiḋ buille a ċneiḋe.


Aċt géaḃuid naóiṁ an té is ro Airde an rioġaċd, agus sealḃoċuid an rioġaċd go bráṫ, go sáoġal ná sáoġal.


Agus béarṫar an rioġaċd agus an tiġearnas, agus mórḋaċd na rioġaċda faói neaṁ go hiomlán, do ṁuinntir náoṁ an té is ró Aírde, noċ ar rioġaċd síorruiḋe a rioġaċt, agus fóiġeonuid agus uiṁleoċuid a nuile ṫiġearnas dó.


Aċt biáiḋ na aon lá, a mbiaiḋ a ḟios ag an TIĠEARNA, naċ ló, nó oiḋċe: aċt tiucfuiḋ a ccríċ tráṫnóna go mbía solus.


Agus a duḃairt Iósa riu, A deirimsi riḃ go deiṁin, An tráṫ ṡuiḋfeas Mac an duine a gcaiṫír a ġlóire féin, go suiḋfiḋ siḃse, do lean misi ann sa naiṫġeineaṁuin mar an gcéadna ar ḋá ċaiṫir ḋéag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéag Israel.


Ann sin a déara an Rí ris an luċd ḃías air a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋáoine beannuiġṫe Maṫarsa, gaḃuiḋ ċugaiḃ óiġreaċd na ríoġaċda a tá ar na hullṁuġaḋ ḋáoiḃ ó ṫosaċ an doṁuin:


Agus iméoċuid so bpiannuid ṡíorruiḋe: aċd iméoċuid na fíréunuiġ do ḃeaṫuiġ ṁarṫanuiġ.


Oír más do ḃríġ áonċoire aṁáin do ġaḃ an bás rioġaċd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ġéuḃá an ṁuinntir ġlacas fáirsingi ġrása agus ṫaḃartais na fireantaċda rioġaċd a mbeaṫa tré áon, eaḋon Iósa Críosd.


Má nimíd fúlang bíam a rioġaċd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna:


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Agus ní ṡoillséoċuiġ solas coinnle ní sa ṁó ionnad; agus ní cluinfiġṫear gúṫ fir ná mná nuáḋṗósda ní sa ṁó ionnad: óir bá híad do ċeannuiġṫe daóine móra na talṁan; agus is réd ṗiséoguiḃ do meallaḋ na huile ċineaḋaċa.


Agus do ċonnairc mé cáṫaóireaċa, agus do ṡuiġeadar dream ionnta, agus do tugaḋ breiṫeaṁnus dóiḃ: agus do ċonnairc mé anmanna na druinge do díċeannaḋ ar son ḟiaḋnuise Iosa, agus ar son ḃreiṫre Dé, agus naċ dtug onóir don nainṁiḋe, ná ḋá ioṁáiġ, agus nár ġaḃ a ċoṁarṫa ċuca a gcláruiḃ a néudan, ná na láiṁ; agus mairfid agus béid na ríoġuiḃ a ḃfoċair Ċríosd míle blíaḋuin.


Is beannuiġe agus is náoṁṫa an tí agá ḃfuil cuid aige sa gcéud eiséirġe: óir ní ḃfuil cúṁaċda ag an dara bás orrṫa so, aċd béid síad na sagartuiḃ do Ḋía agus do Ċríosd, agus béid na ríoġuiḃ na ḟoċairsean míle blíaḋuin.


Agá raiḃ glóir Dé: agus bá cosṁail an lonnraḋ do ḃí innte ré ċloiċ laspis, coṁġlan ré Criosdal;


Do ḃéur cead don tí ḃeireas buáiḋ suiḋe maille riom um ċaṫáoir rioġa, aṁuil fós rug mise buáiḋ, agus ṡuiġim a ḃfoċair Maṫair ann a ċaṫáoir ríoġasan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ