Bláṫoċuiḋ sé go líonṁar, gáirdeoċuiḋ sé fós lé lúaṫġáir agus le céol: do ḃéarṫar glóir Lebanon dó, oirḋearcus Ċarmel, agus Ṡáron, do ċífid síad glóir an TIĠEARNA, agus oirḋearcus ar Ndénne.
A Aṫair, is áill leam, an dream úd ṫug tú ḋaṁ, do ḃeiṫ am ḟoċair mar a ḃfuilim; ionnus go ḃfaicfidís mo ġlóir, noċ ṫug tusa ḋaṁ: óir do ġráḋuiġ tú mé suil do ċrúṫuiġeaḋ an doṁan.
Oír is raḋarc spéucláire dorċa, atá aguinn a nois; aċd a núairsin bíam ar aġaiḋ a ċéile: a nois atá gné aiṫne agam; aċd an tan sin aiṫéonad do réir mar atá aiṫne oram.
Agus daṁairc mé, agus, féuċ, Uán na ṡeasaṁ ar slíaḃ Sióin, agus céud ceaṫrar agus dá ḟiċid do ṁíltiḃ na ḟoċair, agá raiḃ ainm a Aṫar sgríoḃṫa a gcláruiḃ a néudan.
Do ḋéuna mé posda a dteampoll mo Ḋé don tí ḃeireas buáiḋ, agus ní raċa sé ní sa ṁo amaċ: agus sgríoḃṫad ainm mo Ḋé air, agus ainm ċaiṫreaċ mó Ḋé, Iarusalém núaḋ, noċ ṫig a núas ó neaṁ ó mó Ḋía: agus mainm núaḋ féin.