Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 22:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Oír do ním dfiaḋnuise dá gaċ áon dá gcluin bríaṫra faiḋeadóireaċda an leaḃairse, Dá gcuiriḋ éinneaċ tuilleaḋ ríu so, go gcuirfe Día airsean na pláġa atá sgrioḃṫa sa leaḃarsa:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Fógraim do’n uile ḋuine ċluineas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo, Má ċuireann aoinneaċ tuilleaḋ leo, go gcuirfiḋ Dia air‐sean na pláiġeanna atá scríoḃṫa san leaḃar so:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 22:18
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ná cuirsi éinni a ccionn a ḟocail, deagla go ttiuḃraḋ iomaiṫḃior ort, agus go ḃfuiġṫí bréagaċ ṫú.


Agús muna néistiġe riom fós ar a ṡon so uile, annsin píanfa mé siḃ seaċd nuáire eile ar son ḃur bpeacaiḋ.


Annsin siuḃóluíġ misi ionḃur naġuiḋsi a ḃfeirg ṁóir; agus misi, eaḋon misi féin, smaiċdeoċus siḃ seaċd nuáire ar son ḃur bpeacaiḋ.


Agus tuitfid ar muin a ċeile, aṁuil do ḋéandáois roiṁe ċloiḋioṁ, a nuáir naċ mbiáiḋ éanduíne na ndiáiġ: agus ní ḃéiḋ cumas aguiḃ a laṫair ḃur náṁad.


Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé, Gaċ uile ṗlanda, naċ ar ċuir Maṫair neaṁḋasa, beanfuiġṫear as a ḟréaṁaċ é.


Uime sin a deirim so, agus tógḃuim an Tíġearna dfíaḋnuise air, gan siḃse do ṡiúḃal feasda, mar ṡiúḃluid na Cineaḋaċda eíle, a ndioṁáoineas a ninntinne,


Giḋ bé ar biṫ ní aiṫéonus misi ḋaoiḃ, coiṁéaduiġ a ḋéanaṁ, ni ċuirfe tú éinní na ċionn, agus ní mó ḃeanfas tú ḋe.


Ní ċnirfiḋe a gcionn an nfocail aíṫeanus misi ḋíḃ, ní mó laiġdeoċṫáoi éinní ḋe, ċor go gcoiṁéadfuiḋe aiṫeanta an TIĠEARNA ḃur Ndía noċ aiṫniġimsi ḋíḃ.


Gan leaṫrom na méaḃail do ḋéunaṁ déinneaċ air a ḋearḃraṫair: óir do ní Día díoġaltus sna neiṫiḃse uile, do réir mar a duḃramar ċeana riḃ, agus do rinneamar dfíaḋnuisi.


As beannuiġe an tí léiġeas, agus an dream éisdeas bríaṫra na fáiḋeadóireaċd so, agus ċoiṁéudus na neiṫe atá sgríoḃṫa innte: óir atá a naimsir a láṫair.


Do ċonnairc mé na ḋiáiġ sin cóṁarṫa mór iongantaċ eile ar neaṁ, seaċd naingil agá raḃádar na seaċd bpláġa deiġeanaċa; óir is ríu sin do coiṁlíonaḋ fearg Dé.


Agus tangadar na seaċd naingil amaċ as an dteampoll, agá raḃadar na seaċd bpláġa, umá raiḃ línéudaċ glan deallruiġeaċ, agus íad ar na gcreasrúġaḋ ré creasanuiḃ órrġa a dtimċioll a noċda.


Agus do gaḃaḋ an tainṁiḋe, agus na fáiḋ fallsa maille ris noċ do rinne míorḃuileaḋ na ḟíaḋnuise, léur ṁeall sé an dream do ġaḃ coṁarṫa a nainṁiḋe ċuca, agus tug onóir ḋá ioṁáiġ. Agus do teilgeaḋ íad ar áon beó a loċ teineaḋ ar dearglasaḋ lé ruiḃ.


Agus do teilgeaḋ an díaḃal do ṁeall íad a loċ teineaḋ agus ruiḃe, mar a ḃfuil an beaṫaċ agus an fáiḋ fallsa, agus béid síad dá bpianaḋ do ló agus doiḋċe go sáoġal na sáoġal.


Agus giḋ bé nar friṫ sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa do teilgeaḋ é sa loċ teineaḋ.


A duḃairt se riom an tan sin, Ná séuluiḋ bríaṫra fáiḋeadóireaċda an leaḃairse: óir atá a naimsir a laṫair.


Do ċuir mise Iósa maingeal uáim ċum fíaḋnuise do ḋéunaṁ ḋíḃse ar na neiṫiḃse sna heagluiseaċuiḃ. Is mise fréuṁ agus slióċd Ḋáiḃi, réult ḋeallruiġeaċ na maidne.


Féuċ, tigim go lúaṫ: is beannuiġe an tí ċoiṁéudas bríaṫra fáiḋeadoireaċda an leaḃairse.


Aċd a duḃairt sé riom, Seaċuin ṫú ar sin do ḋéunaṁ: óir is coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ ná fáiḋiḃ, agus don druing ċoiṁéudas bríaṫra an leaḃairse: déun sléuċduin do Ḋía.


Agus sgríoḃ ċum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neiṫe a deir Amen, an ḟíaḋnuise ḋíleas ḟírinneaċ, tosaċ crúṫuíġeaḋ Dé;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ