Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 22:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ṫaisbéin sé ḋaṁ srúṫ glan duisge na beaṫa, coiṁḋeallruiġeaċ ré criosdal, ag teaċd amaċ ó ċaṫaóir Dé agus a Núain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 22:1
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá aḃann, a ndéanaid a sruṫáin sin caṫair Dé lúaṫġáireaċ, ionad náoṁṫa tiġ coṁnuiġe an tí is ro áirde.


Oisceoluiḋ mé aiḃne a náitiḃ arda, agus toibreaċa a lár na ngleann: do ḋéana mé loċán uisge do nfásaċ, agus tiobruide fíoruisge do nfearann ṫirim.


Oh naċ ttug tú aire dom aiṫeantniḃsi! annsin do ḃíaṫ do ṡíoṫċáin aṁuil sruṫ, agus ṫfíréanteaċd aṁuil tonna na fairge:


Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, sínfiḋ misi síoṫċáin di aṁuil sruṫ, agus glóir na ngeinteaḋ aṁuil sruṫán ag tuiliuġaḋ: annsin díulfuiḋe, béarṫár siḃ air a táoḃuiḃ, agus beiṫi a muirníneaċt air a glúiniḃ.


O a ṪIĠEARNA, a ḋóṫċuis Israel, biáiḋ náire ar gaċ a ttréigiona ṫusa, agus na daoine ḋeileoċus riomsa béid scrioḃṫa annsa talaṁ, do ḃríġ gur ṫréigeadar an TIĠEARNA, tobar na nuisgeaḋ mbéo.


Oír ḋá olc do rinneadar mo ḋaóinesi; do ṫréigeadar misi tobar na nuisgeaḋ mbéo, agus do ṫoċladar ḋóiḃ féin tiubruide, tiubruide briste naċ ccongṁann uisge.


Agus biáiḋ annsa ló sin, go raċaid uisceaḋa beóḋa amaċ as Ierusalem; leaṫ ḋíoḃ gus an ḃfairge ṡoir, agus leaṫ ḋíoḃ gus an ḃfairge ṡíar: biáiḋ se annsa tsaṁraḋ agus annsa ngeiṁreaḋ,


Má atá Día ar na ġlóruġaḋ annsan, do ḃéara Día glóir ḋósan ann féin mar an gcéudna, agus do ḃéura sé glóir ḋó ar an mball.


Aċd an tan ṫiocfas an Coṁḟurtuiġṫeóir noċ ċuirfeas misi ċugaiḃ ón Aṫair, Spiorad na firinne, ṫig ón Aṫair, do ḋéuna sé fiaḋnuisi am ṫimċeallsa:


Aċd giḋ bé neaċ íḃeas as an uisge do ḃéura misi ḋó ní ḃía tart air go bráṫ; aċd an tuisge do ḃéara me ḋó bíaiḋ sé na ṫobar uisge ḟiuċaiġ ann ċum na beaṫa marrṫannuiġe.


Ar a naḋḃarsin ar na ḃreiṫ súas lé láiṁ ḋeis Dé, agus ar ḃfaġáil an Spioraid Náoiṁ do reir ġeallaṁna a Naṫar, do ḋóirt sé amaċ an nísi, do ċíṫísi a nois agus do ċluintí.


Taisbeunaḋ Iósa Críosd, noċ tug Día ḋó, ċum na neiṫeann is éigean do ḃeiṫ ann go lúaṫ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ; agus ar gcur ṫeaċdaireaċda úaḋ ré na aingeal dó do ṫaisbéin sé dá ṡearḃḟoġantuiġe Eóin:


Agá raiḃ glóir Dé: agus bá cosṁail an lonnraḋ do ḃí innte ré ċloiċ laspis, coṁġlan ré Criosdal;


Agus a duḃairt sé riom, Atá sé déunta. As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ. Do ḃéura mé don tí ar a ḃfuil tart ní ré iḃe do ṫobar uisge na beaṫa a naisgiḋ.


Agus táinic neaċ do na seaċd naingliḃ ċugum agá raḃadar na seaċd soiṫiġe líonta do na seaċd bpláġuiḃ deiġeanaċa, agus do laḃair sé riom, ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ, taisbéunfadsa ḋuit an ḃean núaḋṗósda, bean a Nuáin.


Agus a deir an Sbiorad agus an ḃean núaḋṗosda, Tárr. Agus abraḋ an tí ċluin, Tárr. Agus tagaḋ an tí ar a ḃfuil tart. Agus an tí ler ab áill, glacaḋ sé uisge na beaṫa a naisgiḋ.


Agus a duḃairt sé riom, Is díleas fíreanneaċ na bríaṫrasa: agus do ċuir an Tíġearna Día na ḃfáiḋeaḋ náoṁṫa a aingeal úaḋ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ féin na neiṫe is éigean do ḋéunaṁ go haiṫġearr.


Do ḃéur cead don tí ḃeireas buáiḋ suiḋe maille riom um ċaṫáoir rioġa, aṁuil fós rug mise buáiḋ, agus ṡuiġim a ḃfoċair Maṫair ann a ċaṫáoir ríoġasan.


Agus do ċúala mé gaċ uile ċreatúir dá ḃfuil ar neaṁ, agus ar talaṁ, agus faói an talaṁ, agus dá ḃfuil sa ḃfairge, agus gaċ a ḃfuil ionnta, ag ráḋ, Molaḋ, agus onóir, agus glóir, agus cúṁaċda, don té atá na ṡuiḋe sa gcaṫaoir, agus don Uan go sáoġal na sáoġal.


Uime sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, a meaḋón na caṫaóireaċ, agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus a meaḋón na seanóir, Uán na ṡeasaṁ aṁuil tar éis a ṁarḃṫa, ar a raḃadar seaċd naḋarca agus seaċd súile, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad do cuireaḋ amaċ feaḋ na talṁan uile.


Oír do ḋéuna an Túan atá a méaḋón na caṫáoireaċ íadsan do ḃeaṫuġaḋ, agus ḋéunuiḋ a dtreóruġaḋ go tiubruidiḃ uisge na beaṫa: agus glanfuiḋ Día a nuile ḋeór ó na súiliḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ