Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 21:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus glanfuiḋ Día gaċ uile ḋéor ó na suiliḃ; agus ní ḃiáiḋ bás ann ní sa ṁó, ná caói, ná éiġṁe, agus ní ḃiáiḋ sáoṫar ann ní sa ṁó: óir do ċúadar na céidneiṫe ṫoruinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 agus glanfaiḋ sé gaċ deor d’á súiliḃ, agus ní ḃéiḋ an bás ann níos mó; ní ḃéiḋ, ná brón, ná caoineaḋ, ná pian; óir atá na ċéad neiṫe imṫiġṫe ar ceal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 21:4
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is cosṁuil an duine le díoṁaoinios; atáid a láeṫe mar scáile ag dul seaċa.


Sluígfiḋ sé súas an bás a mbuáiḋ; agus tiormoċuiḋ an Tiġearna DIA déora do na huile aiġṫiḃ; agus cuirfe sé masla a ṗobail ar ccúl ón ttalaṁ uile: óir do laḃair an TIĠEARNA é.


Oír áitreoḃuid na daóine a Sion ann Ierusalem: ní ġuilfiḋ tú ní sa ṁó: biáiḋ sé ro ġrásaṁuil duit ar ccluinnsion ġoṫa héiġiṁ; a nuáir do ċluinnfiḋ sé sin, freagorniḋ sé ṫú.


Agus fillfid an ṁéid ḟúasglas an TIĠEARNA, agus tiucfuid go Síon maille re céol agus re gáirdeaċus síorruiḋe ar a cceannuiḃ: glacfuid síad gáirdeaċus agus lúaṫġáir, agus teiṫfiḋ dóbrón agus osnaḋaċ úaṫa.


Uimesin fillid fúascailtiġ an TIĠEARNA, agus tiucfuid go Sion maille ré céol; agus biáiḋ sólás suṫain ar a ccionn: do ġeaḃuid lúaṫġáir agus gáirdeaċus; agus teiṫfiḋ dóbrón agus dólás uaṫa.


Ní raċuiḋ do ġrían faói ní as mó; agus ní ṡeaċona do ġealaċ í féin: óir isé an TIĠEARNA ḃus solus síoṫḃúan duit, agus críoċnoċṫar láeṫe do ġuḃa.


Dórdúġaḋ don druing ċaoíḋeas a Sion, do ṫaḃairt sgéiṁe ḋóiḃ ar son lúaṫa, ola an ġáirdeaċuis ar son dóbróin, éaduiġ an ṁolta ar son spioruiḋe brúiġte: go ngoirfiḋe crainn na fíroantaċda ḋioḃ, plannduġaḋ an TIĠEARNA, ċor go nglórfuiḋe é.


Uimesin tiucfuid síad agus canfuid a mullaċ Ṡion, agus tuileoċuid a naóinḟeaċt ċum maiṫeasa an TIĠEARNA, ar son cruiṫneaċt, agus ar son fíona nuáiḋ, agus ar son ola, agus ar son óg an tréada agus na háirġe: agus biáiḋ a nanam aṁuil gáirdín ar na ḟliuċaḋ; agus ní ċaóiḋfid nísa ṁó ar áonċor.


Annsin ġáirdeoċus an ṁaiġdion annsa daṁsa, na daóine óga araon agus na seanóiriḋe: óir fillfiḋ misi a ngúḃa a ngáirdeaċus, agus coiḃreoċa mé íad, agus do ḃéara mé orra sólásuġaḋ ó na ndólás.


Fuáisceola mé íad ó ċuṁaċdaiḃ na huáiġe; fuáisceola mé íad ón mbás: Oh a ḃáis, biáiḋ misi am ṗláiġ ḋuit; Oh a uáiġ, biáiḋ mé am scrios duit: foileoċṫar aiṫreaċus óm ṡúiliḃ.


Raċuiḋ neaṁ agus talaṁ ṫort, aċd ní raċuid mo ḃríaṫrasa ṫort go bráṫ.


Agus an dream ċaiṫeas an sáoġalsa, mar ḋruing naċ ccaiṫeann é: óir imṫiġ sgéiṁ an tsáoġailse ṫart.


Ar a naḋḃarsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núaḋ é: do imṫiġeadar na seinneiṫe ṫoruinn; feuċ, do rinneaḋ na huile neiṫe núaḋ.


Uime sin taguiḋ amaċ as a lár, agus dealuiġe ríu, a deir an Tiġearna, agus ná bíoḋ buáin aguiḃ ré ní neaṁġlan; agus géuḃuiḋ misi ċugam siḃ,


Agus foillsiġiḋ an ráḋ so, Fós éunuáir eile, áṫruġaḋ na neiṫeann atá neiṁṡeasṁaċ, mar atá na neiṫe do rinneaḋ, ionnus go mbiaḋ na neiṫe doġlúaisde coṁnuiġeaċ.


Giḋeaḋ tiucfuiḋ lá an Tíġearna marġaduiġe sa noiḋċe; ann a raċuiḋ neaṁ ṫoruinn maille ré tormán, agus ann a mbéid na dúile ag leaġaḋ ré teas, agus ann a loisgfiġṫear an talaṁ agus na hoibreaċa atá air.


Agus atá an sáoġal ag imṫeaċd ṫoruinn, agus a ainṁían: aċd an tí do ní toil Dé mairiḋ sé go siorruiḋe.


Agus tug an ḟairrge uáiṫe na mairḃ do ḃí innte; agus tug an bás agus ifearn úaṫa na mairḃ do ḃí aca: agus rugaḋ breaṫ orrṫa fó leíṫ do réir a ngníoṁarṫaḋ.


Agus do teilgeaḋ an bás agus ifearn a loċ teineaḋ. A sé so an dara bás.


Agus do ċonnairc mé neaṁ núaḋ agus talaṁ núaḋ: óir do ċúaiḋ an céidneaṁ agus an céud ṫalaṁ ṫoruinn; agus ní raiḃ fairrge ann ní sa ṁó.


Agus ní ḃiáḋ malluġaḋ ar biṫ ann ní sa ṁó: aċd biáiḋ caṫaóir Dé agus a Nuáin innte; agus do ḋéunuiḋ a ṡearḃḟoġantuiġeaḋa seirḃís dó:


Oír do ḋéuna an Túan atá a méaḋón na caṫáoireaċ íadsan do ḃeaṫuġaḋ, agus ḋéunuiḋ a dtreóruġaḋ go tiubruidiḃ uisge na beaṫa: agus glanfuiḋ Día a nuile ḋeór ó na súiliḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ