Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 21:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċonnairc misi Eóin an ċaṫair náoṁṫa, Ierusalem núaḋ, ag teaċd o Ḋía a núas ó neaṁ, ar na hullṁuġaḋ aṁuil ġléusas bean núaḋṗósda í féin fá ċoṁair a fir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ċonnacas an naoṁ‐ċaṫair, Iarúsalem nua, ag teaċt anuas ó Ḋia as na flaiṫeasaiḃ, í gléasta mar ḃéaḋ bean nua‐ṗósta maisiġṫe fá ċóṁair a fir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 21:2
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is glórṁar na neiṫe laḃarṫar ortsa, a ċaṫair Dé. Selah.


¶ Ciondus do rinneaḋ meirdreaċ don ċaṫruiġ ċreidṁiġ! do ḃí sí lán do ḃreiṫeaṁnus; do ċoṁnuiġeaḋ an tionnracus innte; aċt a nois na dúnṁarḃṫuiġ.


Muscail, múscail; cuir ort do neart, a Ṡion; cuir ort do ċúlaḋa breáġa, a Ierusalem, an ċaṫair náoṁṫa: oir ó so amaċ ní ṫiucfuid na neiṁṫimċillġéarrṫa, agus na neaṁġloin a steaċ ionnad.


Oír isé do Ċruṫaiġṫeóir ṫfear; TIĠEARNA na sloġ isé a ainm; agus do Ṡlánaiġṫeóir Aon Náoṁṫa Israel; Día na talṁan go hiomlán ġoirfiġear ḋe.


Gáirdeoċuiḋ mé go mór annsa TIĠEARNA, biáiḋ manam sólásaċ ann mo Ḋia; óir déaduiġ sé mé a cculaḋuiḃ an tslánaiġṫe, dfoluiġ sé mé le róba na firéantaċda, aṁuil ċóiriġeas fear núaḋpósta é féin le breáġaċtuiḃ, agus mar ċóiriġeas an ḃean núaḋṗósta í féin lé na séuduiḃ.


Ní goirfiġear ḋíot ní sa ṁó Tréigṫe; agus ní déarṫar do ḋúṫaiġ ní is mó Uáigneaċ: aċt goirfiġear Haṗsi‐bah ḋíot, agus dot ḋúṫaiġ Beulah: óir dúiliġiḋ an TIĠEARNA ionnad, agus pósfuiġear do ḋúṫaiġ.


Is marso a deir TIĠEARNA ná slóġ, Día Israel; Fós gnáiṫeoċuid siad an ċaintsi a ttír Iúdah agus iona caiṫreaċaiḃsin, a nuáir do ḃéarus misi a mbraiġdionas a rís; Go mbeannuiġ an TIĠEARNA ṫusa, a áitreaḃ an ċeirt, agus a ṡlíaḃ na náoṁṫaċda.


An té aga ḃfuil an ḃean núaṗósda as é an fear núaṗosda é: aċd cara an ḟir núaṗósda, noċ ṡeasas agus éisdeas ris, gaḃuiḋ gairdeaċus mór é tré ġuṫ an ḟir núaṗósda: ar a naḋḃarsin atá mó ġáirdeaċusa ar na ċoiṁliónaḋ.


Oír atáim éudṁar riḃ ré héud díaḋa: óir do ullṁuiġ mé siḃ déinḟear aṁáin, ċum ḃur dtaḃarṫa mar óiġ ḟíorġloin do Ċríosd.


Oír do ḃí a ṡúil ris an gcaṫruiġ úd agá ḃfuil fonndameint, agár ab é Día a sáor agus a cruṫaiġṫeóir.


Aċd a nois atá a ndúil a ndúiṫċe as féarr, eaḋon, sa dúiṫċe neaṁġa: úime sin ní nár lé Día ḋá dtáoḃsan, a Ndía do ġairm ḋe: oír do ullṁuiġ sé caṫair ḋóiḃ.


Aċd as ċum sléiḃe Síon atá siḃ ar dteaċd, agus ċum caiṫreaċ Dé ḃí, ċum na Hierusalém neaṁġa, agus ċum cuideaċa na mílteaḋ aíngeal,


Oír ní ḃfuil caṫair ċoṁnuiġeaċ aguinn ann so, aċd atá iarruiḋ aguinn ar an gcaṫruiġ atá ċum teaċda.


Taisbeunaḋ Iósa Críosd, noċ tug Día ḋó, ċum na neiṫeann is éigean do ḃeiṫ ann go lúaṫ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ; agus ar gcur ṫeaċdaireaċda úaḋ ré na aingeal dó do ṫaisbéin sé dá ṡearḃḟoġantuiġe Eóin:


Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion;


Do ḃí misi Eóin, ḃur ndearḃráṫair, agus ḃur gcóṁċompánaċ a dtáoḃ ḃuáiḋearṫa, agus ríoġaċda agus ḟúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirṫear Patmos, ar son ḃreiṫre Dé, agus ar son ḟíaḋnuise Iósa Críosd.


Aċd teilg amaċ an ċúirt atá don táoḃ amuiġ don teampoll, agus ná toṁais í; óir tugaḋ í do na Cineaḋaċuiḃ: agus do ḋéunuid an ċaṫair náoṁṫa ṡaltairt fá na gcosuiḃ ré heaḋ ḋá ṁíos agus dá ḟíċead.


Agus rug sé leis mé trés an sbioruid ċum sléiḃe móir áird, agus do ṫaisbéin sé ḋaṁ an ċaṫair ṁór, Ierusalém náoṁṫa, ag teaċd ó Ḋía a núas as neaṁ,


Agus táinic neaċ do na seaċd naingliḃ ċugum agá raḃadar na seaċd soiṫiġe líonta do na seaċd bpláġuiḃ deiġeanaċa, agus do laḃair sé riom, ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ, taisbéunfadsa ḋuit an ḃean núaḋṗósda, bean a Nuáin.


Agus a deir an Sbiorad agus an ḃean núaḋṗosda, Tárr. Agus abraḋ an tí ċluin, Tárr. Agus tagaḋ an tí ar a ḃfuil tart. Agus an tí ler ab áill, glacaḋ sé uisge na beaṫa a naisgiḋ.


Agus dá mbeanuiḋ éinneaċ do ḃríaṫruiḃ leaḃair na faiḋeadóireaċdsa, beanfuiḋ Día a ċuidsion as leaḃar na beaṫa, agus as a gcaṫair náoṁṫa, agus as na neiṫiḃ atá sgríoḃṫa sa leaḃarsa.


Do ḋéuna mé posda a dteampoll mo Ḋé don tí ḃeireas buáiḋ, agus ní raċa sé ní sa ṁo amaċ: agus sgríoḃṫad ainm mo Ḋé air, agus ainm ċaiṫreaċ mó Ḋé, Iarusalém núaḋ, noċ ṫig a núas ó neaṁ ó mó Ḋía: agus mainm núaḋ féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ